Seachtain Feasachta Sláinte Ainmhithe, 23-28 Samhain 2020
- Foilsithe: 20 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
De bharr chomh maith is a d'éirigh leis an gcéad Lá Feasachta Náisiúnta Sláinte Ainmhithe in 2019, tá áthas ar an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara Seachtain Feasachta Sláinte Ainmhithe 2020 a fhógairt, a bheidh ar siúl ón 23 go dtí an 28 Samhain.
Le linn Sheachtain Feasachta Sláinte Ainmhithe 2020, beidh an Roinn ag obair i gcomhar le páirtithe leasmhara d'fhonn béim a leagan ar an tábhacht a bhaineann le sláinte mhaith beostoic sa gheilleagar agus a mheabhrú do pháirtithe leasmhara éagsúla an pháirt atá acu chun stádas sláinte ár mbeostoic a chothabháil agus a fheabhsú.
Chuir an tAire McConalogue fáilte roimh an seoladh agus dúirt,
"Tá tábhacht anois níos mó ná riamh le hearnáil talmhaíochta na hÉireann mar gheall ar an mbagairt a bhaineann le COVID agus leis an mBreatimeacht araon. Cuireann dea-shláinte ainmhithe taca faoi fheirmeoireacht beostoic agus faoin tionscal agraibhia. Cuireann Seachtain Feasachta Sláinte Ainmhithe deis ar fáil lena mheabhrú do gach páirtí leasmhar nach féidir talamh slán a dhéanamh den stádas dearfach sláinte ainmhithe atá ag an tír seo. Cuireann sí deis ar fáil chomh maith le teachtaireachtaí tábhachtacha a thabhairt do pháirtithe leasmhara ar shláinte ainmhithe."
Tugtar léiriú éifeachtach ar an nasc idir sláinte ainmhithe, daoine agus an comhshaol sa choincheap “One Health”. Tá go leor galar ainmhithe ann a d'fhéadfadh cur isteach ar dhaoine freisin, nó chun breathnú air ón taobh eile, tá go leor galar a chuireann isteach ar dhaoine atá taiscthe sa phobal ainmhithe. Cuireann dea-shláinte ainmhithe le sláinte phoiblí, le brabúsacht feirmeacha aonair chomh maith le hinbhuanaitheacht ár bhfeirmeoireachta beostoic. Ciallaíonn sé go dtáirgtear níos lú astaíochtaí gás ceaptha teasa de réir an aonaid aschuir. Chomh maith leis sin, cuireann sláinte mhaith ainmhithe leis na caighdeáin an-ard atá le fáil ar fheirmeacha in Éirinn maidir le leas ainmhithe agus cuidíonn linn cur in aghaidh an dhúshláin a bhaineann le frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach.
Dúirt an tAire McConalogue chomh maith,
"Ba mhaith leis an Roinn aitheantas a thabhairt don chuidiú agus don rannpháirtíocht a thug réimse leathan páirtithe leasmhara ó ar fud an tionscail agraibhia agus an tionscail oideachais, chun tacú le Seachtain Feasachta Sláinte Ainmhithe agus cuidiú a thabhairt le go n-éireodh leis."
Lean an tAire agus dúirt,
"Ní féidir talamh slán a dhéanamh den stádas dearfach atá againn i leith sláinte ainmhithe. Agus gach gné eile ar chomhchéim, is é an toradh atá ar shláinte ainmhithe níos fearr ná sláinte daoine níos fearr, go háirithe i measc dreamanna daoine a oibríonn le hainmhithe ar nós feirmeoirí agus tréidlianna. Cé gur galar é Covid-19 a tholgann daoine, tá go leor ceachtanna ag baint leis do choimeádaithe ainmhithe i ndáil le cúrsaí bithshlándála."
Is uirlis thar a bheith tábhachtach í an bhithshlándáil sa dícheall náisiúnta leis an ngalar a chosc agus a chur faoi chois. Leagtar béim ar an bpríomhról atá ag bithshlándáil i ndáil le dea-shláinte ainmhithe a chur ar fáil le seoladh céad Straitéis Bithshlandála Náisiúnta Ainmhithe Feirme na hÉireann a bheidh ar siúl Dé Céadaoin an 25 Samhain, mar chuid de Sheachtain Feasachta Sláinte Ainmhithe 2020.
Thacaigh na hAirí Stáit chomh maith leis an tSeachtain Feasachta Sláinte Ainmhithe. Tharraing an tAire Martin Heydon aird ar an tábhacht a bhaineann le sláinte ainmhithe do chúrsaí trádála agus dúirt:
Tá an dea-stádas sláinte ainmhithe atá againn cheana a choinneáil agus a fheabhsú chomh tábhachtach céanna agus muid ag iarraidh cur leis na margaí atá againn agus margaí nua a fhorbairt."
Bhí an meon dearfach céanna ag an Aire Pippa Hackett. Dúirt sise,
"Ní féidir beag is fiú a dhéanamh don nasc atá idir dea-shláinte ainmhithe, táirgeadh bia agus sláinte an duine. Má choinnítear ár gcuid ainmhithe feirme sláintiúil, beidh gá níos lú le táirgí sláinte ainmhithe, agus beidh tionchar maith aige sin ar go leor gnéithe - ó mhicreabhitheolaíocht ithreach, leas ainmhithe agus sláinte an phobail. Beidh sláinte ainmhithe is fearr a choinneáil chun leasa phócaí fheirmeoirí freisin, ní hamháin i dtéarmaí costais ionchuir níos lú, ach freisin mar gheall go bhfuil ainmhithe sláintiúla níos torthúla."
Nótaí d'Eagarthóirí:
Tá táirgeadh beostoic ag croílár an tionscail agraibhia agus cuireann sé go mór le forbairt na Réigiún. Tá sé fíorthábhachtach sláinte ainmhithe bharrmhaith a chothú i ndáil le brabúsacht agus inbhuanaitheacht na dtionscal feirmeoireachta agus próiseála amach anseo agus chun an tsláinte phoiblí agus an comhshaol a chosaint.
Cé na cineálacha imeachtaí a bheidh ar siúl do Sheachtain Feasachta Sláinte Ainmhithe?
Beidh imeachtaí ar siúl in áiteanna éagsúla ar fud na tíre do Sheachtain Feasachta Sláinte Ainmhithe. Is féidir clár iomlán imeachtaí a fháil ar láithreán gréasáin an DAFM, https://www.gov.ie/en/publication/1b1d4-animal-health-awareness-week-2020/
Straitéis Náisiúnta Shláinte Ainmhithe Saothraithe 2017-2022
Treoraíonn an straitéis seo agus cuireann an straitéis seo creat ar fáil chun polasaithe agus cláir a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm i dtreo fheabhas fadseasmhach agus leanúnach a dhéanamh i ndáil le sláinte ainmhithe saothraithe in Éirinn. Bíonn sin ina leas díreach ag feirmeoirí,
ag an tionscal agus ag an ngeilleagar, agus tugann cosaint don tsochaí, don gheilleagar agus don timpeallacht ó thionchar diúltach ghalair ainmhithe.
Tá an Straitéis Náisiúnta Sláinte Ainmhithe Saothraithe bunaithe ar cheithre phríomhphrionsabal cumasaithe. Is iad sin:
• Obair i gcomhpháirtíocht
• Aitheantas a thabhairt do róil agus do fhreagrachtaí
• Costais agus buntáistí a léiriú
• Is fearr cosc ná leigheas
Cuireann Seachtain Feasachta Sláinte Ainmhithe leis na príomhphrionsabail cumasaithe sa Straitéis. Tríd an tSeachtain seo a chur ar fáil, cuidíonn an DAFM lenár mbeostoc, ár ndaoine agus slí mhaireachtála go leor daoine a dhaingniú ó dhochair fhéideartha is féidir le galair thógálacha a bheith ina gcúis leo.
Cad a chiallaíonn 'One Health'?
Tá coincheap ‘One Health’ ina straitéis dhomhanda a bhfuil sé mar aidhm léi comhar agus cumarsáid idirdhisciplíneach a mhéadú ar gach gné de chúram sláinte do dhaoine agus d’ainmhithe agus don chomhshaol. Aithnítear le cur chuige ‘One Health’ gur fite fuaite ina chéile atá sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte an éiceachórais. Mar sin, is é an aidhm atá leis sláinte agus folláine gach speiceas a chur chun cinn, a fheabhsú agus a chosaint trí chomhar a mhéadú idir lianna, tréidlianna agus gairmithe eile sláinte eolaíche agus comhshaoil agus trí láidreachtaí a chothú i measc ceannairí agus bainisteoirí chun na spriocanna sin a bhaint amach.
Cad is “galar andúchasach” ann?
Galar andúchasach is ea galar a chreidtear nach bhfuil i láthair sa tír.
Cad is galar eindéimeach ann?
Is féidir galair eindéimeacha a mheas mar ghalair atá i láthair, atá bunaithe nó atá coitianta i bpobal ainmhithe.
In eipidéimeolaíocht, deirtear go mbíonn ionfhabhtú eindéimeach i bpobal nuair a choinnítear an t-ionfhabhtú sin go leanúnach ag leibhéal bunlíne i gceantar geografach gach ionchuir sheachtracha. Mar shampla, tá TB eindéimeach in Éireann ach níl an Galar Crúibe is Béil.
CRÍOCH