Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seimineár eolais ar Dhréachtchlár Gníomhaithe na hÉireann um Níotráit le reáchtáil

Is mian leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, a chur i gcuimhne do pháirtithe leasmhara go mbeidh an deis ann páirt a ghlacadh i seimineár gréasáin ar an gcomhairliúchán Níotráit in Éirinn, a reáchtálfar tráthnóna Dé Luain 6 Meán Fómhair 7-9pm.

Déanfaidh an Roinn agus baill foirne ó Theagasc cur síos ar an gcúlra atá taobh thiar de na hathruithe, na hamlínte don athbhreithniú agus ina theannta sin, eochairmholtaí atá faoi réir comhairliúcháin. Tá an dá Roinn ag spreagadh daoine páirt a ghlacadh sa phróiseas agus ba mhaith leo tuairimí na bpáirtithe leasmhara go léir a chloisteáil. Tabharfaidh an seimineár gréasáin tráthnóna Dé Luain 6 Méan Fómhair, an deis do pháirtithe leasmhara bheith páirteach sa phlé seo.

Chun clárú don Seimineár Gréasáin, téigh go dtí an Nasc Seo, le do thoil:

register.gotowebinar.com/register/5406241916556974352

Nóta don Eagarthóir:

Ní mór athbhreithniú a dhéanamh gach 4 bliana ar Rialacháin an Aontas Eorpaigh (Dea-chleachtas Talmhaíochta maidir le hUiscí a Chosaint) 2017 (I.R. Uimh. 605 de 2017), ar a dtugtar anois na rialacháin um Níotráit, agus ní mór é seo a chur i gcrích roimh dheireadh na bliana. Tá sé tábhachtach go mbeidh na páirtithe leasmhara go léir páirteach san athbhreithniú tábhachtach seo.

Is é 20 Meán Fómhair 2021 an spriocdháta chun freagairtí a fháil. Is féidir an páipéar comhairliúcháin a íoslódáil ó shuíomh gréasáin na Ranna ag www.gov.ie/housing agus www.gov.ie/agriculture

DEIREADH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat