English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seoladh Ghlao Comhpháirtíochta Taighde agus Forbartha sa Talmhaíocht 2021 SAM-Éire fógartha ag an Aire Heydon

D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) a bhfuil freagracht aige as Taighde agus Forbairt, Martin Heydon TD, sonraí inniu faoin nGlao is déanaí ar Thograí Taighde i réimsí roghnaithe agraibhia faoin gComhpháirtíocht Taighde agus Forbartha SAM-Éire i gcomhar lenár gcomhpháirtithe ó Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) agus ó Thuaisceart Éireann.

Dúirt an tAire, “Le cúig bliana anuas tá Comhpháirtíocht Taighde agus Forbartha SAM-Éireann tar éis taighdeoirí as Éirinn, Thuaidh agus Theas, chomh maith leis na Stáit Aontaithe a thabhairt le chéile d’fhonn léargais agus réitigh lárnacha a sholáthar ar dhúshláin atá roimh earnáil na talmhaíochta ar scála idirnáisiúnta. D’éirigh go hiontach leis an gclár go dtí seo agus tá áthas ar mo roinn ár dtacaíocht leanúnach don chomhpháirtíocht taighde trí-dhlínse a fhógairt. "

Tá sé mar aidhm ag Glao ar Chomhpháirtíocht T&F sa Talmhaíocht 2021 SAM-Éireann eolas a chur chun cinn, go sonrach maidir le: speicis tairbhiúla agus lotnaidí i gcórais táirgeachta talmhaíochta; i sláinte agus leas ainmhithe; i gcothú ainmhithe; i ndul i ngleic le frithsheasamh in aghaidh frithbheathach ar fud an bhiashlabhra; agus i bpórú ainmhithe agus géanómaíocht, a bhfuil gach ceann acu ríthábhachtach don earnáil talmhaíochta. Tá sé i gceist ag an nGlao Taighde seo freisin an comhoibriú idir comhpháirtithe taighde ó thíortha éagsúla agus ó réimsí éagsúla saineolais a chruthú agus a threisiú d’fhonn taighde agus nuálaíocht a chur chun cinn, agus d’fhonn tacú le oideachais agus gníomhaíochtaí forleathnúcháin a sholáthraíonn eolas eolaíocht-bhunaithe d’úsáideoirí deiridh chun ligean dóibh cinntí eolasacha, praiticiúla a dhéanamh.

Agus é ag cur béime ar a thábhachtaí is atá deiseanna maoinithe idirnáisiúnta atá ailínithe go straitéiseach d’fhonn cabhrú le dul i ngleic le dúshláin náisiúnta agus an méid is mó taighde agus nuálaíocht a bhaint amach in earnáil agraibhia na hÉireann, dúirt an tAire, “Cé go dtuigim go rímhaith na deacrachtaí a bhaineann le taighde comhoibritheach a dhéanamh sa tréimhse éiginnte atá ann faoi láthair , tá sé thar a bheith tábhachtach leanúint de chaidrimh a chothabháil agus a fhorbairt lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta de réir mar atá na dúshláin atá ann dár dtionscal ag éirí níos casta a t-am ar fad. De réir mar a mhéadaíonn gné idirnáisiúnta an taighde acadúil tá sé ríthábhachtach go leanfaidh Éire le deiseanna a aithint chun acmhainní agus saineolas a roinnt i réimsí ina bhfuil bhfuil comhspriocanna ann. Ní amháin go ligfidh sé seo dúinn dul i ngleic níos fearr le tosaíochtaí náisiúnta taighde ach imreoidh se páirt sé freisin le réiteach saincheisteanna a théann i bhfeidhm ar an tionscal agraibhia ar leibhéal domhanda. "

Iarrann an glao ar Eagraíochtaí incháilithe ó Phoblacht na hÉireann a bhfuil Feidhm Taighde acu comh-mholtaí taighde a chur isteach, in éineacht le comhpháirtithe comhoibritheacha ó SAM agus ó Thuaisceart Éireann, faoi Thionscnamh Taighde Talmhaíochta agus Bia de chuid Institiúid Náisiúnta Bia agus Talmhaíochta USDA (NIFA). Is é an spriocdháta d’aighneachtaí chuig DAFM agus an Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe i dTuaisceart Éireann ná ceithre seachtaine roimh spriocdháta luaite NIFA don Clár Réimse Tosaíochta faoi seach i gClár na Deontas Iomaíoch de chuid Fondúireacht AFRI 2021.

Tá tuilleadh faisnéise faoin gclár maoinithe ar fáil ag an nasc seo a leanas chuig Láithreán Gréasáin DAFM: Glao Comhpháirtíochta Taighde agus Forbartha sa Talmhaíocht 2021 SAM-Éire

Call Information: US-Ireland Research and Development Partnership

Nótaí don Eagarthóir:###

• Is toradh de Phróiseas Síochána Thuaisceart Éireann é an Chomhpháirtíocht T&F SAM-Éireann agus is éar ata i gceist ná rialtais Stáit Aontaithe Mheiriceá, Éireann agus Thuaisceart Éireann ag obair le chéile chun dul chun cinn eolaíoch a dhéanamh trí dheontais a dheonú ar thaighde ar bhonn iomaíoch.

• Seoladh an Chomhpháirtíocht in 2006 agus go dtí seo tá maoiniú comhcheangailte iomlán de €105.697 milliún ($125.552 milliún) bronnta ar 65 tionscadal i 7 réimse tosaíochta faoin gComhpháirtíocht lena n-áirítear:

o Cibearshlándáil

o Talmhaíocht

o Sláinte

o Eolaíocht & Innealtóireacht Nanascála

o Braiteoirí & Líonraí Braiteoirí

o Teileachumarsáid

o Fuinneamh & Inbhuanaitheacht

• Is é an Tionscnamh Taighde Talmhaíochta agus Bia (AFRI) an príomhchlár deontas iomaíoch d’eolaíochtaí talmhaíochta sna SA. Ó 2016 i leith tá raon feidhme na Comhpháirtíochta leathnaithe chun talmhaíocht a áireamh ar bhonn píolótach trínar féidir le taighdeoirí in institiúidí incháilithe in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann nasc a dhéanamh le taighdeoir lonnaithe sna SA chun iarratais ar mhaoiniú taighde a chur isteach chuig Glaonna bliantúla a sheoladh Institiúid Náisiúnta Bia agus Talmhaíocht USDA (NIFA).

• Tagann maoiniú DAFM do thionscadail rathúla faoi Glaonna Comhpháirtíochta T&F SAM-Éireann ó chlár maoinithe taighde iomaíoch na Roinne.

• Tacófar leis na sé réimse tosaíochta seo a leanas i nGlao Comhpháirtíochta T&F sa Talmhaíocht SAM-Éireann 2021:

o Lotnaidí agus Speicis Thairbheacha i gCórais Táirgthe Talmhaíochta

o Cothú Ainmhithe, Fás agus Lachtadh

o Leas agus Folláine Ainmhithe Talmhaíochta

o Galair Ainmhithe Talmhaíochta

o Pórú Ainmhithe agus Anótáil Fheidhmiúil Ghéanóm

o Frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh a mhaolú ar fud an tslabhra bia

CRÍOCH