English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Hackett Clár Náisiúnta Beachadóireachta 2023 – 2027

Sheol an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, an Clár Náisiúnta Beachadóireachta inniu trína dtacaítear leis an Earnáil Bheachadóireachta in Éirinn.

Dúirt an tAire agus an Clár á sheoladh aici:

“Tá lúcháir orm tabhairt isteach an Chláir Náisiúnta Beachadóireachta nua a fhógairt a bheidh i bhfeidhm go deireadh 2027. Léirítear leis an gClár seo, trína dtacaítear le taighde ar chaighdeáin táirgeachta, tacaíocht leanúnach mo Roinne don Earnáil Bheachadóireachta in Éirinn.”

Cuirtear tacaíocht don Bheachadóireacht ar fáil trí Chláir Náisiúnta Bheachadóireachta a bhfuil sé mar sprioc acu feabhas a chur ar choinníollacha ginearálta táirgeachta meala agus táirgí beachadóireachta eile san AE trí chláir thaighde fhaofa. Iarrtar ar thaighdeoirí tograí a chur isteach don Chlár Náisiúnta Beachadóireachta nua a bheidh i bhfeidhm go dtí 31ú Nollaig 2027.

Is iad spriocanna an chláir:

  • Tacaíocht theicniúil a sholáthar do bheachairí
  • Dul i ngleic le hionróirí agus galair sna coirceoga, varróis ach go háirithe
  • Comhoibriú le sainchomhlachtaí chun cláir thaighde fheidhmeacha a chur i bhfeidhm i réimse na beachadóireachta agus táirgí beachadóireachta

Tá gach comhlacht oiriúnach ar féidir leis na cumais taighde riachtanacha a léiriú, lena

n-áirítear Ollscoileanna, Institiúidí Teicneolaíochta agus Teagasc, incháilithe tograí a chur isteach. Spreagtar tionscadail a mbaineann comhoibriú idir institiúidí agus/nó forbairt maise criticiúla leo.

Full details on the call for proposal for the 2023-2027 National Apiculture Programme.

Is é an spriocdháta chun iarratais a fháil don ghlao seo ná Aoine 30 Meitheamh 2023. Is féidir ceisteanna maidir le Clár Náisiúnta Beachadóireachta 2023-2027 a sheoladh i ríomhphost chuig beekeeping@agriculture.gov.ie