Seolann an tAire Heydon Luasghéarú Liúntais Caithimh agus Cuimilte don Scéim Trealamh Sábháilteachta Feirme
- Foilsithe: 6 Deireadh Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Stáit le freagracht as Taighde & Forbairt, Sábháilteacht Feirme agus Forbairt Margaidh Nua, Martin Heydon TD, inniu, seoladh den Luasghéarú ar Liúntais Caithimh agus Cuimilte don Scéim Threalamh Sábháilteachta Feirme. Tagann sé seo i ndiaidh síniú an ordaithe tosaithe chun liúntais chaipitil luathaithe a cheadú ar threalamh cáilitheach sábháilteachta agus oiriúnaithe feirme.
Shínigh an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD, an t-ordú tosaithe d’Alt 17 den Acht Airgeadais 2020 (Uimh. 26 de 2020) chun liúntais chaipitiúla luathaithe a thabhairt isteach le haghaidh trealamh cáilitheach sábháilteachta feirme, agus béim ar leith ar thacú leo siúd a d’fhulaing gortuithe a chuireann cor ina saol mar thoradh ar eachtraí ar fheirmeacha.
Tarlaíonn sciar mór de na heachtraí marfacha san ionad oibre (42%) in earnáil na talmhaíochta, na hiascaireachta agus na foraoiseachta. Idir 2016 agus 2020 tharla 100 eachtra mharfach ar fheirmeacha.
D'oibrigh an tAire Heydon leis an Aire Donohoe chun liúntais luathaithe caipitil a thabhairt isteach le haghaidh sábháilteachta feirme áirithe agus trealamh oiriúnaitheach d'fheirmeoirí faoi mhíchumas.
Faoi láthair, tá liúntais chaipitiúla ar fáil ag 12.5% in aghaidh na bliana (p.a.) thar ocht mbliana do threalamh talmhaíochta i gcoitinne. Ligfidh an scéim nua do liúntais luathaithe caipitil de 50% (p.a.) thar dhá bhliain do threalamh incháilithe áirithe. Áirítear leis an trealamh incháilithe seo, mar shampla, caibinéid stórála ceimiceacha agus geataí frith-tacaíochta, chomh maith le trealamh oiriúnaitheach chun cabhrú le feirmeoirí faoi mhíchumas.
Is í an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a riarfaidh an scéim. Beidh costas trealaimh iomlán bliantúil de €5 milliún in aghaidh na bliana, gan CBL a áireamh, i bhfeidhm.
Dúirt an tAire Heydon:
“Tar éis dom éisteacht leis na marthanóirí agus na teaghlaigh sin a ndeachaigh eachtraí feirme i bhfeidhm orthu, táim lánchinnte nach ndéanfar neamhaird ar fheirmeoirí a d’fhulaing gortú a chuir cor ina saol. Mar an chéad Aire ar tugadh freagracht ar leith dó as sábháilteacht feirme, tá lúcháir orm a fhógairt, go bhfuil an scéim seo ag feidhmiú anois agus tá aon oiriúnuithe nó trealamh cáilitheach a ceannaíodh ó 1 Eanáir na bliana seo incháilithe faoin scéim. Féadfaidh feirmeoirí iarratas a dhéanamh anois ar dheimhnithe don Liúntas Caipitil Luathaithe le mo Roinn. Tá an seoladh ríomhphoist tiomnaithe (acafarmsafetyequipment@agriculture.gov.ie) iarratais curtha ar bun cheana féin agus tá sé ag feidhmiú. Leis an scéim seo táimid ag tacú le feirmeoirí agus ag cabhrú leo siúd a d’fhulaing gortú corpartha tromchúiseach filleadh ar an obair. Ní hamháin a thugtar an chumhacht do dhaoine filleadh ar an bhfeirmeoireacht, ach freisin cuirtear feabhas ar a bhfolláine choirp agus mheabhrach. "
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Donohoe,
‘Cuireann an liúntas caipitil luathaithe seo béim ar an tosaíocht a thugtar d’eisiúint sábháilteachta feirme sa Chlár Rialtais agus léiríonn sé an tiomantas chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh. Anois is féidir le feirmeoirí iarratas a dhéanamh chuig an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar dheimhniú chun a fhíorú go bhfuil an infheistíocht a rinne siad incháilithe don liúntas caipitil luathaithe agus ansin iarratas a dhéanamh chun an faoiseamh cánach a áireamh mar chuid dá gcuntais bhliantúla. Agus an scéim i bhfeidhm anois, coinneofar an beart faoi athbhreithniú don chuid eile de 2021 agus ina dhiaidh sin ’.
Dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, freisin:
“Tá an-áthas orm a fheiceáil go bhfuil an Scéim Liúntais Caipitil Luathaithe do Threalamh Sábháilteachta Feirme Cáilitheach ag feidhmiú anois. Léiríonn an scéim seo an chaoi a bhfuil an Roinn Talmhaíochta ag obair le gach brainse den Rialtas chun athrú a chur chun cinn maidir le hiompar sábháilteachta, agus tacú leis na feirmeoirí sin a d’fhulaing gortú tromchúiseach. Leanfaidh mo Roinn ag díriú ar shábháilteacht feirme mar réimse tosaíochta. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis an Aire Donohoe agus aitheantas a thabhairt dá rannpháirtíocht ar an gceist thábhachtach seo.
Nóta do na hEagarthóirí
Is saincheist tosaíochta don Rialtas í sábháilteacht feirme. Leanann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM) ag obair go dlúth leis an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta (ÚSS), ach tuairiscíonn siad go bhfuil an ráta básmhaireachta sa talmhaíocht i bhfad níos airde ná aon earnáil eacnamaíoch eile. Tarlaíonn sciar mór de na heachtraí marfacha san ionad oibre (42% sna cúig bliana anuas) in earnáil na talmhaíochta, na hiascaireachta agus na foraoiseachta. As 54 bás in 2020, bhí 20 san earnáil, atá díréireach le sciar an lucht saothair (7.1% in 2019) atá fostaithe san earnáil.
Idir 2016 agus 2020 tharla 100 eachtra mharfach ar fheirmeacha. Astu seo bhí feithicil feirme i gceist le 46 acu, bhí innealra i gceist le 7 gcinn agus bhí beostoc ag baint le 20 acu. B'ionann na trí réimse seo agus 73% de na teagmhais mharfacha uile ar fheirmeacha. Is cúis mhór imní freisin próifíl aoise na ndaoine a maraíodh, agus is iad na daoine scothaosta agus na daoine óga atá i mbaol mór ó bhás agus gortú ar fheirmeacha na hÉireann.
Faoin gcóras cánachais a oibríonn na Coimisinéirí Ioncaim, féadfar liúntais chaipitiúla a éileamh ar chaiteachas caipitil a thabhaítear ar chineálacha áirithe sócmhainní gnó agus áitribh ghnó. Féadfar liúntais chaipitiúla den sórt sin a éileamh ag ráta 12.5% thar ocht mbliana le haghaidh gléasra agus innealra.
Tá an scéim a comhaontaíodh le haghaidh liúntais luathaithe caipitil de 50% in aghaidh na bliana ar feadh dhá bhliain a fhéadtar a éileamh i leith an chaiteachais chaipitiúil a thabhaítear ar threalamh incháilithe. Tá an scéim luathaithe liúntais caipitil seo faoi réir costas trealaimh iomlán de €5 milliún in aghaidh na bliana gan CBL a áireamh (le costas caiteachais cánach measta roimh ré de €1.5 milliún in aghaidh na bliana).
Feidhmeoidh an scéim ar bhonn trealaimh oiriúnaithe sábháilteachta feirme agus míchumais mar atá liostaithe in Alt 17 den Acht Airgeadais 2020.
Chun a chinntiú nach sáraítear an costas iomlán trealaimh in aghaidh na bliana de €5m (gan CBL a áireamh), eiseoidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) Deimhniú Liúntais Caipitil Luathaithe Sábháilteachta Feirme / Oiriúnaithe le cur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim i tacú le héilimh den sórt sin. Ní thabharfaidh eisiúint na teastais seo ag an Roinn Talmhaíochta teidlíocht do na liúntais luathaithe caipitil. Beidh sé d’fhreagracht ar gach éilitheoir eolas a chur ar fhorálacha ábhartha an chóid cánach, lena n-áirítear coinníollacha incháilitheachta ach gan a bheith teoranta dóibh.
Tá téarmaí agus coinníollacha iomlána na scéime agus na foirme iarratais ar fáil ar Item was unpublished or removed
Tá sonraí faoi threalamh incháilithe leagtha amach sa tábla thíos.
Cineál trealaimh | Cur Síos |
Córais seaic tarracóra suite ar airm nasc hiodrálacha. | Córas seaic tarracóra talmhaíochta a úsáideann na hairm nascála íochtaracha cúil nó tosaigh chun ligean do tharracóir talmhaíochta a chrochadh ionas gur féidir roth amháin nó níos mó a athsholáthar ar an tarracóir talmhaíochta. Beidh marcáil CE ar an gcóras seaic de réir Airteagal 16 den Treoir innealra agus beidh sé i gcomhréir le ceanglais na Treorach sin. |
Ardaitheoir mála mór (cothrom le nó níos mó ná 500kg), le nó gan córas lárnach um ghearradh málaí. | Córas ardaithe do mhálaí leasacháin nó síl ar mais 500kg nó níos mó. Beidh an córas suite ar nasc trí phointe tarracóra talmhaíochta, lódóir tosaigh tarracóra talmhaíochta nó suite ar leasachán nó druil síl. Beidh an t-ardaitheoir in ann an mála a shealbhú go daingean agus an mála a ardú thar scaiptheoir leasacháin nó druil síl. D’fhéadfadh go mbeadh córas lárnach ag an gcóras chun an mála a oscailt go huathoibríoch. Beidh marcáil CE ar an gcóras ardaitheora de réir Airteagal 16 den Treoir innealra agus beidh sé i gcomhréir le ceanglais na Treorach sin. |
Caibinéid Stórála Ceimiceacha. | Cabinéad stórála atá feistithe le feiste glasála agus bunda lárnach chun lotnaidicídí agus ceimiceáin eile a stóráil. Féadfaidh an caibinéad a bheith déanta as miotail nó plaisteach crua, nó teaglaim den dá rud. Déanfar an cabinéad a aeráil go cuí chun carnadh múiche a chosc. |
Geata frith-tacaíochta ainmhithe le húsáid i ngabhlach nó i rás eallach. | Gléas le suiteáil ar thaobh ghabhlach eallach nó rás ghabhlach eallaigh chun ainmhí a chosc dul ar ais feadh an ghabhlaigh eallaigh nó an rás ghabhlach eallaigh. Ligfidh an fheiste d’ainmhí dul feadh an ghabhlaigh eallaigh nó an rás ghabhlach eallaigh agus aistreofar é go huathoibríoch nó de láimh ina áit nuair a bheidh ainmhí imithe thairis. |
Meicníocht feistithe ghasta le haghaidh nasc trí phointe cúil agus tosaigh ionas go mbeifear in ann uirlisí a fheistiú gan gá teacht anuas ón tarracóir. | Córas aon chuid nó dhá chuid chun a chumasú uirlisí a fheistiú le tarracóir talmhaíochta trí phointe gan a bheith gá teacht anuas ón tarracóir talmhaíochta. Beidh an córas ceangailte le nasc hiodrálach trí phointe an tarracóra talmhaíochta agus cuirfidh sé ar chumas an tarracóra talmhaíochta nasc a dhéanamh le feiste. Beidh marcáil CE ar an gcóras de réir Airteagal 16 den Treoir innealra agus beidh sé i gcomhréir le ceanglais na Treorach sin. |
Ardaitheoir rochtana, ardaitheoir nó rampa comhtháite a sholáthar d'fheithicil feirme, lena n-áirítear iontráil modhnaithe nuair is gá. | Rampa, ardaitheoir nó ardaitheoir comhtháite a sholáthar chun rochtain ag duine faoi mhíchumas ar fheithicil feirme a éascú. Féadfaidh an córas taobh modhnaithe nó iontráil chúl a ionchorprú chun rochtain a chumasú. Beidh marcáil CE ar an gcóras ardaitheora de réir Airteagal 16 den Treoir innealra agus beidh sé i gcomhréir le ceanglais na Treorach sin. |
Srianta do chathaoireacha rothaí. | Srianta do chathaoireacha rothaí a sholáthar laistigh d’fheithicil feirme. |
Stáisiún dugaireachta do chathaoireacha rothaí. | Stáisiún dugaireachta do chathaoireacha rothaí a sholáthar laistigh d’fheithicil feirme. |
Rialuithe modhnaithe chun oibriú láimhe iomlán feithicil feirme a chumasú. | Athchumrú fairsing ar na príomh-rialuithe is gá chun a chumasú do dhuine faoi mhíchumas feithicil feirme a thiomáint agus a oibriú. |
Suíocháin modhnaithe chun feithicil feirme a oibriú. | Suíochán mionathraithe a sholáthar ionas go bhféadfaidh duine faoi mhíchumas feithicil feirme a oibriú. |
Céimeanna breise chuig feithicil nó innealra feirme chun rochtain níos éasca a sholáthar. | Céimeanna breise chuig feithicil nó innealra feirme chun rochtain níos éasca a sholáthar. Beidh marcáil CE ar na céimeanna breise de réir Airteagal 16 den Treoir innealra agus beidh sé i gcomhréir le ceanglais na Treorach sin. |
Rialuithe modhnaithe feithiclí nó innealra feirme chun rialú a chumasú de láimh nó de chos. | Athchumrú fairsing ar na rialuithe is gá chun a chumasú do dhuine faoi mhíchumas feithicil feirme nó innealra feirme a thiomáint agus a oibriú. |
Airm nascála trí phointe íochtaracha suite go hiodrálacha. | Córas hiodrálacha a sholáthar chun suíomh na n-arm nasc trí phointe is ísle d’fheithicil feirme a rialú. |
CRÍOCH