English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire McConalogue an Plean Gníomhaíochta maidir le Lao Déiríochta go Mairteoil ag an 10ú cruinniú forfheidhmithe Fhís don Bhia

Bhí an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, ina chathaoirleach an tseachtain seo ar an deichiú cruinniú de Choiste Forfheidhmithe Ardleibhéil Fhís don Bhia 2030 (HLIC). Ceann de na príomhrudaí ar an gclár oibre ba ea Plean Gníomhaíochta a thabhairt chun críche chun tacú le córais lao déiríochta go mairteoil in Éirinn.

Ba phríomhghníomhaíocht í comhtháthú níos mó na n-earnálacha déiríochta agus mairteola a chomhaontaigh páirtithe leasmhara i bhforbairt na straitéise de chuid Fhís don Bhia 2030. Forbraíodh an Plean Gníomhaíochta seo, atá bunaithe ar 10 bpríomhthéama, lena n-áirítear aistriú eolais, pórú agus sláinte ainmhithe feabhsaithe, go comhoibríoch trí phróiseas comhairliúcháin le páirtithe leasmhara.

Dúirt an tAire McConalogue:

“Tríd an gcomhairliúchán agus tríd an bplé chun an plean 10 bpointe seo a fhorbairt, sainaithníodh gníomhartha ar féidir tabhairt fúthu ag leibhéal feirme agus próiseála, chun sláinte agus leas lao is fearr a chinntiú agus chun glacadh níos mó le córais lao déiríochta go mairteoil a éascú. Tá gach comhpháirtí sa phlean seo, Teagasc, Bord Bia, Cónaidhm Phórú Eallaigh na hÉireann, Sláinte Ainmhithe Éireann agus mo roinn féin tiomanta don acmhainneacht a thairgeann córais Lao Déiríochta go Mairteoil a bhaint amach. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt dóibh siúd go léir a raibh baint acu leis an bpróiseas comhairliúcháin. Bhí na hábhair mhachnaimh a bailíodh tábhachtach do thabhairt chun críche an phlean a bhogann anois go céim feidhmithe."

Dúirt Pat Dillon, Ceann Taighde, Teagasc:

“Tá earnáil na mairteola fós ar cheann de na tionscail is tábhachtaí sa gheilleagar náisiúnta. Ceann dá phríomhláidreachtaí is ea a aschur de mhairteoil bulláin/bodóige féarchothaithe lena dhintiúir láidre inbhuanaitheachta. Tá córais mhairteola déiríochta bhrabúsacha bunaithe ag taighde a rinneadh ag Teagasc Grange trí úsáid a bhaint as príomhtheicneolaíochtaí maidir le géineolaíocht mairteola, bainistíocht féarthailte agus tógáil lao.”

Dúirt Jim O’Toole, POF, Bord Bia:

“Is deis shuntasach é laonna a tháirgeadh le fiúntas mairteola níos fearr d'earnálacha mairteola agus déiríochta na hÉireann araon. Trí ghlacadh leis na forbairtí tábhachtacha seo, is féidir linn táirgeadh ainmhithe a chomhlíonann príomhriachtanais an mhargaidh a chur chun cinn, agus fiontar brabúsach a chur ar fáil d'fheirmeoirí ag an am céanna. Tá sé ríthábhachtach go n-oibreoidh an dá earnáil le chéile agus go n-úsáidfidh siad an saineolas atá ar fáil againn chun ár staid sa mhargadh a fheabhsú tuilleadh."

Dúirt David Graham, POF Shláinte Ainmhithe Éireann:

“Táimid ag tnúth le leanúint ar aghaidh ag tógáil ar mhúnla rathúil ár n-imeachtaí bliantúla CalfCare chun dintiúir sláinte agus leasa na hearnála a fheabhsú tuilleadh, le fócas ar leith ar chomhtháthú na gcóras déiríochta agus mairteola a chur chun cinn agus inbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil a chur i gcrích ag an am céanna."

Sean Coughlan, POF, Cónaidhm Phórú Eallaigh na hÉireann:

“Is uirlisí ar chostas íseal iad feabhsú géiniteach agus úsáid innéacsanna amhail an tInnéacs Mairteola Déiríochta (DBI) agus Luach Mairteola Tráchtála (CBV) a d'fhéadfadh cabhrú le brabúsacht na hearnála Lao Déiríochta go Mairteoil a spreagadh. Táimid ag tnúth le bheith ag obair le feirmeoirí chun glacadh na n-uirlisí seo le haghaidh cinntí pórúcháin agus ceannaigh a mhéadú."

Fuair an HLIC de chuid Fhís don Bhia nuashonruithe freisin ón Rialtóir Agraibhia nua ar fhreastail a chathaoirleach Joe Healy air chun nuashonrú a chur ar fáil ar a gcuid oibre go dtí seo, chomh maith le nuashonrú ar an dréacht-Straitéis Bithmheatáin.

Nóta d’Eagarthóirí:

Is féidir an Plean Gníomhaíochta Lao Déiríochta a fháil ag na naisc thíos:

gov.ie - Dairy (www.gov.ie)

gov.ie - Beef (www.gov.ie)