Seolann an tAire McConalogue an Seiceálaí Micrishlise Eachaí
- Foilsithe: 21 Iúil 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. tairseach nua a ligeann do dhaoine den phobal a sheiceáil an bhfuil eachaí taifeadta ar an lárbhunachar sonraí eachaí lárnach. Agus é ag míniú conas a chabhróidh an tsaoráid seo leis an earnáil eachaí, luaigh an tAire,
“Tá an tionscnamh seo i gcomhréir leis an gceanglas atá orm faoin gClár Rialtais, inrianaitheacht eachaí a fheabhsú chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do leas capall. Cuireann an tairseach seiceála micrishliseanna roinnt buntáistí ar fáil atá i gcomhréir leis an gcuspóir seo, cuir i gcás ligeann sé do thréidlianna stádas biashlabhra a sheiceáil, agus do cheannaitheoirí ionchais aitheantas a fhíordheimhniú nó cabhraíonn sé leo ainmhithe goidte nó caillte a rianú.”
Is féidir teacht ar an seiceálaí micrishlise eachaí ar https://EquineChipCheck.agriculture.gov.ie agus ligeann sé do dhaoine a dtugann cuairt air a sheiceáil an bhfuil Uimhir Shaoil Uathúil Eachaí (UELN) (uimhir phas) nó micrishlis eachaí bailí. Má éiríonn leis an gcuardach, tabharfar faisnéis neamhphearsanta ar nós an phóir, inscne, dath, aoise (nó thart ar), agus stádas biashlabhra an ainmhí, faoi mar atá taifeadta ar bhunachar sonraí eachaí na Roinne Talmhaíochta Bia agus Mara. Cabhróidh an tairseach i gcás go bhfaightear ainmhí caillte nó ar strae mar tabharfaidh sí sonraí na nEagraíochtaí Eisiúna Pasanna (EEPanna) faoina bhfuil an capall cláraithe, rud a chabhróidh le haitheantas an choimeádaí nó an úinéara a fháil níos tapúla. Mura bhfuil an tEachaí cláraithe, tabharfar don duine atá ag seiceáil, nasc le sonraí teagmhála gach EEP faofa ar féidir dul i dteagmháil leo chun comhairle a fháil maidir le hainmhí eachaí a aithint. Is buntáiste é do leas ainmhí stádas biashlabhra a sheiceáil sula gcuirtear cóir leighis air mar ligeann sé do thréidlianna na cinntí is feasaí a dhéanamh i dtaca le cén cóir leighis tréidliachta ba chóir a úsáid.
Mheabhraigh an tAire McConalogue do gach duine atá ag coimeád eachaithe gur ceanglas é faoi dhlí an AE agus faoin dlí náisiúnta go dtaifeadfar gach eachaí atá sa stát ar bhunachar sonraí eachaí a roinne, chomh maith le sonraí na háite ina bhfuil na heachaithe ina ngnáthchónaí. San áireamh orthu seo, tá eachaithe le pasanna ó EEPanna i stáit eile agus gach eachaí a iompórtáiltear isteach sa Stát.
D'athdhearbhaigh an tAire an ceanglas atá ar gach duine atá ag coimeád eachaithe an áit ina bhfuil siad á gcoimeád a chlárú leis an Roinn, agus thug sé le fios go gcuireann an fhaisnéis seo, i dteannta na faisnéise i dtaobh gnáthchónaí a bhailítear mar chuid den mhóráireamh eachaithe bliantúil, faisnéis thábhachtach ar fáil dá roinn chun sláinte agus leas na n-eachaithe ar fad a chinntiú.
“Tá inrianaitheacht eachaí riachtanach chun sláinte agus leas bhur gcapall agus asal a choinneáil. Bhí freagra iontach againn ar ár móráireamh in 2022 ach mura bhfuil tuairisceán déanta agat, déan anois é le do thoil.”
Mar fhocal scoir, spreag an tAire do gach coimeádaí an tsaoráid a úsáid chun stádas gach eachaí atá faoina gcúram a sheiceáil.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
- I gcás go seiceálann tréidlia stádas biashlabhra eachaí is go bhfeictear go bhfuil an t-ainmhí á gcoinneáil amach as an mbiashlabhra mar thoradh ar chóir leighis a rinneadh air roimhe, ciallaíonn sé seo go bhféadfadh níos mó roghanna a bheith ann i dtaca le cóir leighis, agus gur féidir leis an tréidlia cinneadh níos feasaí a dhéanamh ar an mbonn sin.
- Tá reachtaíocht um aithint eachaithe faoi réir Rialachán 2016/429 ón gCoimisiún (Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe) agus a Rialacháin lena bhforlíontar é.
- Trasuítear dlí an AE isteach sa dlí náisiúnta le Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Ainmhithe a Shainaithint agus a Rianú) 2023 (I.R. 254 de 2023).
- Ní mór gach eachaí a aithint le pas tráth nach déanaí ná 12 mhí i ndiaidh bhreith an ainmhí.
- Eisíonn 7 nEagraíocht Eisiúna Pasanna atá faofa ag an Aire, pasanna eachaí.
- Modh deifnídeach chun eachaí a aithint is ea uimhir an doiciméid aitheantais (pas).
- Ní mór uimhir na micrishlise atá ionchlannaithe ag an gcleachtóir tréidliachta san eachaí ábhartha, a thaifeadadh ar gach pas a eisíodh i ndiaidh an 1 Iúil 2009. Cruthaíonn sé seo nasc idir an t-ainmhí agus an doiciméad aitheantais.