English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire McConalogue Ríomh-Uirlis Savour Food in Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan

Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD an Ríomh-Uirlis Savour Food, tionscnamh a forbraíodh mar chuid den chlár Savour Food do ghnólachtaí Sheirbhís Bia na hÉireann chun dul i ngleic le dramhaíl bia.

Ag seoladh Ríomh-Uirlis Savour Food, dúirt an tAire McConalogue:

“Bhí Lá Idirnáisiúnta Feasachta um Chaillteanas Bia agus Dramhaíl Bia ann an tseachtain seo caite agus mar sin is am iontach é seo chun seoladh Ríomh-Uirlis Savour Food a fhógairt, ar féidir le gach gnóthas seirbhíse bia é a úsáid saor in aisce chun cabhrú le dramhaíl bia a laghdú. Tá sé seo ag teacht le huaillmhian straitéis na Roinne “Fís don Bhia 2030” a bhfuil sé i gceist leis dramhaíl bia a laghdú faoina leath in Éirinn faoi 2030. Tá earnáil na seirbhísí fáilteachais agus bia freagrach as breis agus 200,000 tonna de dhramhaíl bia a ghintear gach bliain. Ar fud earnáil seirbhíse bia na hÉireann d’fhéadfaí thart ar dhá thrian de dhramhaíl bia a sheachaint. Is ionann an dramhaíl bia iomlán agus costas bliantúil i bhfad os cionn €300 milliún don earnáil seirbhíse bia ina hiomláine agus mar sin is acmhainn ríthábhachtach í an ríomh-uirlis seo d'aon ghnó bia. Tá ríméad orm go bhfuil mo Roinn in ann leanúint ar aghaidh ag maoiniú an tionscnaimh fhiúntach seo”.

Is é atá i Savour Food a d’fhorbair Clean Technology Center ná clár laghdaithe dramhaíola bia do ghnólachtaí agus tá sé mar aidhm aige athrú leanúnach a dhéanamh ar ghnólachtaí na hÉireann i dtéarmaí dramhaíl bia a chosc. Tá áis ar líne saor in aisce á thairiscint anois ag Savour Food, i.e. Ríomh-Uirlis Savour Food inar féidir le gnóthaí seirbhíse bia measúnú a dhéanamh ar an gcostas a bhaineann le dramhaíl bia agus cad is féidir leo a dhéanamh ar fud an ghnó chun í a laghdú. Tá an ríomh-uirlis saor in aisce le húsáid agus is féidir í a fháil ag savourfood.ie.

Tá an clár Savour Food maoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara faoin gCiste Nuálaíochta agus Forbartha Tuaithe agus tá sé á bhainistiú ag Ionad Teicneolaíochta Glan (MTU Corcaigh).