Seolann an tAire McConalogue scéim nua chun tacú le hiontrálaithe nua i dtionscal na hIascaireachta
- Foilsithe: 8 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá áthas ar an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD oscailt Scéim na nIascairí Óga a fhógairt. Tá an scéim sin cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach faoin gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe 2021-2027 (CEMID).
Os rud é go gcuireann na scéimeanna a d'fhógair an tAire le déanaí, a osclaíodh ar an 25 Meitheamh agus ar an 1 Iúil, tacaíochtaí ar fáil dóibh siúd ar leo agus a oibríonn soithí iascaireachta cheana féin, tá an scéim sin deartha chun tacú leis an gcéad soitheach iascaireachta a cheannach. Tá sé dírithe ar dhaoine atá níos óige ná 40 bliain d'aois agus a léirigh spéis in obair sa tionscal agus a bhfuil na scileanna agus an taithí ábhartha atá riachtanach saothraithe acu, cibé acu ó bheith ag obair sa tionscal ar feadh cúig bliana ar a laghad nó ó bheith ag tabhairt faoi ghairmoiliúint ábhartha.
Tacaíonn Scéim na nIascairí Óga freisin le úinéireacht pháirteach ar shoitheach iascaireachta a cheannach. Tá deontais suas le 40% den chostas a bhaineann le soitheach a cheannach ar fáil faoin scéim sin, le roinnt srianta ar aois agus ar mhéid na soithí lena mbaineann.
Ag fógairt oscailt na scéime sin, dúirt an tAire:
“Tá áthas orm oscailt Scéim na nIascairí Óga a fhógairt. Tabharfaidh an scéim sin tacaíocht luachmhar dóibh siúd ar mian leo dul isteach i dtionscal na hiascaireachta chun cabhrú leo amhlaidh a dhéanamh. Gan a leithéid de scéim, bheadh an costas a bhaineann le soitheach a cheannach róchostasach do go leor daoine a bhfuil na scileanna, an t-eolas agus an taithí acu chun gairm fhadtéarmach rathúil a neartú i dtionscal na hiascaireachta.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Cuideoidh an scéim sin lena chinntiú go mbeidh tionscal na hiascaireachta fós ina rogha tharraingteach do dhaoine óga chun oibriú ann. Cuideoidh an scéim sin in éineacht le bearta eile faoin gclár CEMID, go háirithe an Scéim Oiliúna Bia na Mara, le hathnuachan ó ghlúin go glúin i dtionscal na hiascaireachta agus tacóidh sí lena hinbhuanaitheacht do na blianta atá le teacht. Tá mé ag iarraidh níos mó daoine óga a fheiceáil ag glacadh páirt i dtionscal na hiascaireachta.
Tá an scéim sin á riar ag gníomhaireacht forbartha bia mara na hÉireann, Bord Iascaigh Mhara (BIM), agus tá an scéim oscailte d'iarratais ón 8 Iúil 2024. Tá na sonraí go léir ar fáil ar www.bim.ie.
DEIREADH
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
Scéim na nIascairí Óga
Cuireann an scéim sin cúnamh deontais suas le 40% ar fáil do dhaoine níos óige na 40 bliain d'aois chun a gcéad soitheach iascaireachta a fháil, nach mór a bheith ina shoitheach athláimhe faoi théarmaí Rialachán an Chiste Eorpaigh Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID).
Le bheith incháilithe do chúnamh faoin scéim sin ní mór don soitheach atá á cheannach:
• A bheith ina shoitheach iascaireachta cláraithe ar feadh idir 3-30 bliain má tá sé níos lú ná 12 mhéadar ar fad agus nach n-úsáideann trealamh tarraingthe
• I gcás gach soithigh eile, a bheith ina shoitheach iascaireachta cláraithe ar feadh idir 5-30 bliain
• A bheith níos lú na 24 méadar ar fad ar an iomlán
• A bheith feistithe le haghaidh iascaireachta mara
Ní bheidh aistriú úinéireachta a tharlaíonn laistigh den teaghlach céanna suas go dtí an dara céim, incháilithe do chúnamh faoin scéim sin.
Tá tuilleadh sonraí maidir leis an scéim sin agus an tsaoráid iarratais ar líne, ar fáil ag: www.bim.ie
An Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID)
Is clár ar fiú €258 milliún é an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID), arna chómhaoiniú ag an AE, agus is é príomhfhoinse maoinithe forbartha na hÉireann é don earnáil bia mara sna blianta amach romhainn.
Cheadaigh an Coimisiún Clár CEMID d'Éirinn i mí na Nollag 2022, agus cinnteoidh sé leanúnachas na dtacaíochtaí luachmhara a cuireadh ar fáil don earnáil faoin scéim a bhí ann roimhe, an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh dar luach €240 milliún (CEMI) agus na scéimeanna a maoiníodh le BAR a cuireadh i bhfeidhm idir 2021 agus 2023 de bhun Thuarascáil an Tascfhórsa Bia Mara.
Tacaíonn CEMID leis an gComhbheartas Iascaigh (CBI), le beartas muirí an AE agus le gealltanais idirnáisiúnta an AE maidir le rialachas idirnáisiúnta aigéan. Is cumasóir an cineál sin tacaíochta d'iascaigh inbhuanaithe agus do chaomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara, do shlándáil bia trí tháirgí bia mara a sholáthar, d'fhás geilleagair ghoirm inbhuanaithe agus d'fharraigí agus d'aigéin atá sláintiúil, sábháilte, slán, glan agus bainistithe go hinbhuanaithe.
Is í an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an tÚdarás Bainistíochta don chlár CEMID in Éirinn. Tá Bord Iascaigh Mhara, Foras na Mara agus Bord Bia ag cur cláir oibre i bhfeidhm atá á maoiniú faoi CEMID, a sholáthraíonn raon leathan tacaíochtaí atá riachtanach d'fhorbairt leanúnach na hearnála, amhail bailiú sonraí, taighde agus cur chun cinn agus margaíocht a dhéanamh ar bhia mara na hÉireann.
Tá tuilleadh eolais maidir le CEMID ar fáil ag: Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe - Cistí AE.