English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire McConalogue Straitéis Faireachais um Shláinte Ainmhithe (2023-2028)

Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., fáilte roimh sheoladh na Straitéise Faireachais um Shláinte Ainmhithe (2023-2028) inniu. Agus é ag freagairt do ghealltanais i gClár an Rialtais: Ár dTodhchaí le Chéile (2020), bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue:

“Tógann an straitéis seo ar obair mo Roinne ar an Straitéis Faireachais um Shláinte Ainmhithe (2016 – 2021) roimhe seo, rud a athdhearbhaíonn ár dtiomantas d'fhaireachas um shláinte ainmhithe don todhchaí agus a neartaíonn na príomh-mholtaí agus éachtaí a baineadh amach sa straitéis cheana féin.

Is acmhainn shárluachmhar iad sonraí faireachais sláinte ainmhithe a chabhraíonn linn monatóireacht a dhéanamh ar ghalair arb eol iad a bheith i láthair i líon ainmhithe na tíre agus iad a rialú. Chomh maith leis sin, cabhraíonn sonraí dá leithéid linn ullmhú le haghaidh, agus íoslaghdú a dhéanamh ar, aon ráig ghalair andúchasach, nua nó nárbh eol cheana sa chás go dtarlaíonn sé. Cabhraíonn sé linn freisin sláinte agus leas ainmhithe a chosaint, chomh maith le sláinte phoiblí agus sábháilteacht bia. Ag an gcéim idirnáisiúnta, leanann Éire dá cáil iontach mar thír a chosnaíonn agus a chuireann sláinte ainmhithe chun cinn a thógáil, agus neartaíonn ár gcreidiúnacht le páirtithe trádála idirnáisiúnta de bharr na gcóras faireachais um shláinte ainmhithe iontaofa atá againn.”

Lean an tAire ar aghaidh:

“Ó phaindéim COVID-19 in 2020 i leith, tá tábhacht an chur chuige Sláinte Amháin an-ábhartha chun na torthaí sláinte is fearr a bhaint amach tríd an idirnasc idir daoine, ainmhithe, agus an comhshaol a aithint. Tá stair fhada ag an Roinn de thacaíocht a thabhairt don chur chuige Sláinte Amháin, agus tá sí tiomanta do chur chuige comhoibríoch ildisciplíneach a ghlacadh le comhghleacaithe, laistigh den Roinn Sláinte agus den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, lena chinntiú go leantar leis an obair ríthábhachtach seo. Tá faireachas sláinte ainmhithe éifeachtach thar a bheith tábhachtach don chur chuige Sláinte Amháin seo, agus leanfaimid le hathbhreithniú a dhéanamh ar ár gcórais faireachais éighníomhacha agus ghníomhacha agus feabhas a chur orthu – ní hamháin d'ainmhithe feirme, capaill san áireamh, ach chun é a leathnú chun ainmhithe clóis agus fiadhúlra a chur san áireamh freisin.

Tá an straitéis nua seo mar bhonn faoi phrionsabail an rialachais láidir, na heolaíochta agus an cheaptha beartais atá bunaithe ar fhianaise, chomh maith le hoiriúnú leanúnach a dhéanamh ar bhagairtí agus treochtaí galair atá ag teacht chun cinn.”

Tá an Straitéis Faireachais um Shláinte Ainmhithe 2023 – 2028 ar fáil anseo.

CRÍOCH