Seolann an tAire McConalogue Tairseach Peataí

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire McConalogue Tairseach Peataí

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go seolfar tairseach faisnéise ar líne um thaisteal peataí, ag tabhairt le chéile faisnéis in aon áit amháin faoi thaisteal peataí go hÉirinn.

Dúirt an tAire McConalogue,

‘‘Tá an-áthas orm an Tairseach Peataí seo a sheoladh a chabhróidh le húinéirí peataí a bhfuil sé beartaithe acu taisteal go hÉirinn, agus an fhaisnéis uile is gá a sholáthar dóibh ar a bhfuil ag teastáil agus iad ag taisteal lena gcuid peataí. Is tairseach so-úsáidte é seo a sholáthraíonn faisnéis freisin do dhaoine atá ag taisteal le madraí cuidithe, ag iompar peataí in Éirinn, ag taisteal nó ag athlonnú as Éirinn le peataí. Tá a fhios agam gur tréimhse an-strusmhar í do dhaoine atá ag iompar a gcuid peataí agus mar sin tá súil agam go gcuideoidh an tairseach nua seo go mór le húinéirí peataí."

Déantar an fhaisnéis a scagadh de réir speicis agus na tíre tionscnaimh, agus comhairle shaincheaptha mar thoradh air.

Cuideoidh an tairseach seo le húinéirí peataí na hÉireann atá ina gcónaí thar lear ar mian leo filleadh lena gcuid peataí, chomh maith le turasóirí atá ag iarraidh a gcuid peataí a thabhairt ar saoire go hÉirinn. Cinntíonn na ceanglais go bhfanann Éire saor ó ghalair.

Nóta d'Eagarthóirí:

Tá an tairseach ar fáil ag www.pettravel.gov.ie

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat