Seolann an tAire Próiseas Tairisceana do Thionscadail Chomhoibrithe mar chuid de scéim shuaitheanta nua agra-chomhshaoil €1.5bn. Nochtadh suíomh na gceantar ina bhféadfaidh 20,000 feirmeoir suas le €10,500 a thuilleamh
- Foilsithe: 9 Feabhra 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. inniu seoladh an phróisis tairisceana chun tionscadail chomhoibrithe a bhainistiú mar chuid de scéim náisiúnta agra-chomhshaoil an CAP (AECM). Tacóidh na seirbhísí a lorgaítear le bunú agus bainistiú tionscadal comhoibrithe ar fud ocht réigiún in Éirinn i limistéir a meastar go bhfuil ardluach dúlra acu.
Is é an AECM nua an scéim chomhshaoil shuaitheanta €1.5 billiún faoi Phlean Straitéiseach CAP na hÉireann. Cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh é lena fhormheas i mí na Nollag.
Beidh rochtain ag gach feirmeoir ar an Scéim AECM nua. Mar chuid den scéim seo, áfach, sainaithníodh ocht limistéar sa tír a bhfuil tréithe comhshaoil ar leith ag baint leo agus rachaidh feirmeoirí sna limistéir sin i mbun an AECM nua trí na foirne tionscadail comhoibrithe. Bainfidh na feirmeoirí seo leas as rátaí íocaíochta níos airde, suas go huasmhéid €10,500 in aghaidh na bliana, má ghlacann siad páirt agus má dhéanann siad na gníomhaíochtaí is uaillmhianaí ó thaobh an chomhshaoil de.
Beidh na foirne chomhoibrithe seo ag tógáil ar an méid a foghlaimíodh ó thionscadail na Comhpháirtíocht Eorpach um Nuáil (EIPanna) atá ann faoi láthair agus ag baint úsáide as cur chuige bunaithe ar ghnáthóga, tá sé mar aidhm ag an AECM rannchuidiú go suntasach le feabhsú comhshaoil san fhadtéarma.
Gheobhaidh feirmeoirí a ghlacann páirt sa chur chuige Comhoibrithe tacaíocht ó Fhoireann an Tionscadail Chomhoibrithe (CP) áitiúil, a chabhróidh le cur i bhfeidhm na scéime ag an leibhéal áitiúil.
Agus é ag fógairt sheoladh an phróisis tairisceana leag an tAire béim ar rath na dtionscadal reatha EIP agus na scéimeanna faoi cheannas áitiúil ar nós Clár Boirinn agus dúirt sé
“Beidh an tsamhail seachadta scéime agra-comhshaoil atá oiriúnaithe go háitiúil agus hibrideach bunaithe ar thorthaí agus a ndearnadh triail agus tástáil rathúil air i gClár Bhoirne agus i roinnt EIPanna, á leathadh amach ar fud na tíre i gcomhthéacsanna tírdhreacha éagsúla. Táimid ag féachaint anois le méadú ó na tionscadail rathúla seo le cur ar chumas a oiread feirmeoirí agus is féidir a bheith rannpháirteach agus cur le feabhsú comhshaoil san fhadtéarma.”
Dúirt sé freisin go
“Bainfidh feirmeoirí a ghlacann páirt sa ghné Chomhoibrithe seo den AECM tairbhe mhór as tacaíocht agus comhairle na bhfoirne Comhoibrithe, próiseas a d’éirigh go han-mhaith le feirmeoirí atá ag obair sna EIPanna reatha. Cuidíonn an scéim REAP a thug mé isteach anuraidh go mór freisin chun mo Roinn, comhairleoirí agus feirmeoirí a chur ar an eolas faoin tsamhail bunaithe ar thorthaí. Ba mhaith liom a chinntiú d’aon fheirmeoir a bheidh rannpháirteach sa chéad scéim agra-chomhshaoil eile go mbeidh an tacaíocht agus an oiliúint riachtanach ar fad acu. Tá sé léirithe acu go bhfuil siad inoiriúnaithe agus nuálaíoch sna EIPanna agus i mbearta eile agra-chomhshaoil agus táim ag tnúth le dul i dteagmháil leo maidir le rolladh amach na scéime seo.
Nótaí d'Eagarthóirí
Tá an tairiscint ar fáil ag an nasc seo a leanas: eTenders
E
Is é an 8 Márta 2022 an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí tairisceana. Tá léarscáil de na 8 limistéar comhoibrithe forbartha. Ar fáil ag an nasc seo a leanas: Common Agricultural Policy (CAP) Post 2020
Conas a roghnaíodh na Limistéir Comhoibrithe?
Is é prionsabal na dTionscadal Comhoibrithe (CP) go n-éascaíonn siad cur i bhfeidhm éifeachtach beart agra-comhshaoil spriocdhírithe agus oiriúnaithe go háitiúil i réimsí ardtosaíochta comhshaoil aitheanta ar fud na tíre. Áiríonn siad seo limistéir ina bhfuil fásra leathnádúrtha (faoi úinéireacht phríobháideach agus faoi úinéireacht choimíneachta araon), tailte Natura 2000 agus abhantracha tosaíochta, srl. Tá ardluach dúlra ag baint leis na ceantair seo, tá stórais shuntasacha carbóin acu agus tá cuid de na huiscí is luachmhaire ina gcónaí iontu sa tír.
Cruthaíodh léarscáil tosaigh de dhobharcheantair fo-abhantraí le clúdach >50% d'fhásra leathnádúrtha innilte. Roinneadh na criosanna seo ar bhonn geografach in 8 gCrios CP.
Rinneadh tuilleadh mionchoigeartaithe trí thosaíochtaí dúlra agus uisce a chur i bhfeidhm ar na criosanna mar atá leagtha amach thíos.
• Tosaíochtaí dúlra:
o Láithreáin Natura 2000,
o Limistéir Oidhreachta Nádúrtha (NHAnna),
o gach oileán amach ón gcósta,
o Réigiún na Boirne,
o goir réigiúin Chromán na gCearc,
o Limistéir pórúcháin an chrotach,
o réimsí atá clúdaithe ag 2 thionscadal LIFE:
o Dúlra an Atlantaigh Fhiáin agus Traonach LIFE agus fo-abhantraí is eol go dtacaíonn siad le limistéir mhóra d'fhéarthailte Iarscríbhinn 1.
• Tosaíochtaí uisce: Fo-abhantracha ina bhfuil dobharlaigh le cuspóirí uisce Ard-stádas.
Conas a bheidh a fhios ag feirmeoir an bhfuil sé laistigh de cheann de na criosanna?
Tá obair ar siúl chun córas a ullmhú le cur ar chumas feirmeoir a aithint an dtagann a fheirm laistigh den Limistéar Comhoibrithe. Tá sé i gceist go mbeadh feirmeoir agus/nó a chomhairleoir in ann logáil isteach ar thairseach Roinne don scéim AECM, faisnéis aitheantais a iontráil mar shampla tréaduimhir, agus go ndíreofaí iad ansin chuig an mBeart Comhoibrithe nó chuig an mBeart Ginearálta den AECM. Cuirfear é seo in iúl go soiléir do gach feirmeoir agus dá gcomhairleoirí sula n-osclófar an scéim.
Cé mhéad a íocfar na foirne Comhoibrithe?
Mar a luadh, tá an tairiscint le haghaidh earcaíocht na dtionscadal Comhoibrithe díreach seolta. Tabharfar costais na bhfoirne Comhoibrithe chun críche tar éis an próiseas soláthair seo a thabhairt chun críche.
Cén obair a dhéanfaidh na foirne Comhoibrithe (CP) seo?
Éascóidh siad comhoibriú idir sainfhoirne áitiúla, feirmeoirí, comhairleoirí, gníomhaireachtaí Stáit agus Ranna Rialtais chun raon réitigh a chomhchruthú agus a chur i bhfeidhm a fheabhsaíonn an timpeallacht áitiúil agus inmharthanacht na gceantar tuaithe ardtosaíochta seo.
Soláthróidh na foirne CP saineolas ar, agus cuideoidh siad le, cur i bhfeidhm gníomhaíochtaí ar leibhéal na feirme agus an tírdhreacha.
Foirne ildisciplíneacha a bheidh sna Foirne CP le saineolas ó éiceolaithe, éaneolaithe hidreolaithe chomh maith le bainisteoirí tionscadail. Rachaidh siad i dteagmháil le feirmeoirí le comhairle agus dea-chleachtas chun na gnáthóga ar a ngabháltais a chothabháil nó a fheabhsú. Feidhmeoidh siad freisin mar chainéal don Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a riarfaidh íocaíochtaí.
Cuirfidh siad oiliúint agus tacaíocht ar fáil d’fheirmeoirí agus dá gcomhairleoirí. I réimsí coimíneachta beidh a ról i gceist freisin ag cabhrú le grúpaí bainistíochta coimíneachta a thionól nó obair na scairshealbhóirí sin a bhfuil suim acu gníomhaíochtaí a bhaineann le spriocanna an chláir a chur i bhfeidhm a éascú. Rachaidh siad i dteagmháil le pobail áitiúla chun díograis agus ceannas a chothú do na tosaíochtaí comhshaoil sa cheantar áitiúil.
CRÍOCH