English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire RTBM McConalogue agus an tAire RTCGT Muir gairm chistiúcháin €9 milliún faoi Thionscnamh Taispeántais Bithgheilleagair an Oileáin Chomhroinnte

• Tugtar tacaíocht don Ghairm Tograí trí leithdháileadh ó Chiste Oileáin Chomhroinnte an Rialtais, lena dtabharfar tacaíocht d’fhorbairt dhá thionscnamh bithgheilleagair maidir leis an mbithgheilleagar talmhaíochta agus leis an mbithgheilleagar gorm

• Tabharfaidh an scéim tacaíocht do chomhtháthú nuálaíochta agus réitigh bhithgheilleagair sna hearnálacha talmhaíochta agus muirí ar fud an dá dhlínse araon ar oileán na hÉireann

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD agus an tAire Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe, Andrew Muir CTR, inniu oscailt an tionscnaimh nua chistiúcháin chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt an bhithgheilleagair uile oileáin. Le ‘Tionscnamh Taispeántais Bithgheilleagair an Oileáin Chomhroinnte’ reáchtálfar agus léireofar an bithgheilleagar faoi lán seoil ar fud oileán na hÉireann, mar phríomhaidhm an Phlean Ghníomhaíochta Bithgheilleagair 2023-2025.

Cuimsítear leis an mbithgheilleagar earnálacha a chaomhnaíonn, a úsáideann, a phróiseálann, a dháileann nó a ídíonn acmhainní bitheolaíochta ó thalamh agus ó mhuir lena n áirítear earnálacha talmhaíochta, gairneoireachta, foraoiseachta, próiseála bia, tógála, pacáistíochta, ceimiceán agus dramhaíola orgánaí agus éiceachórais talún agus mhuirí.

Tabharfar le Tionscnamh Taispeántais Bithgheilleagar an Oileáin Chomhroinnte deiseanna inbhuanaithe chun tosaigh ar bhonn uile oileáin ó bhithmhais a tháirgtear ó limistéir thalún agus mhuirí araon trí fhorbairt na dtáirgí agus na réiteach bithbhunaithe breisluach níos airde, lena mbaineann leasanna soiléire aeráide agus comhshaoil.

Cumasaítear an ghairm nua chistiúcháin trí leithdháileadh €7 milliún ó Thionscnamh Oileáin Chomhroinnte Rialtas na hÉireann, in éineacht le comhchistiú €1.5 mhilliún ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus £0.5 milliún ón Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe i dTuaisceart Éireann. Ós rud é gur príomhriachtanas é comhoibriú trasteorann d’iarratasóirí faoin deis chistiúcháin seo, tugann InterTradeIreland tacaíocht don dá Roinn araon chun cúnamh a thabhairt d’iarratasóirí lena gcuardach comhpháirtí trí ardán comhpháirtíochta ar líne a sholáthar agus tacaíocht a thabhairt d’imeachtaí líonraithe i láthair go pearsanta a óstáil.

Agus an Ghairm Tograí á hoscailt aige, luaigh an tAire McConalogue

“Tá poitéinseal suntasach ag an mbithgheilleagar chun feabhas a chur ar inbhuanaitheacht chomhshaoil, eacnamaíoch, agus shóisialta na hearnála agraibhia agus muirí trí dheiseanna éagsúlaithe, táirgí gnó nua bithbhunaithe agus slabhraí luacha a sholáthar, agus úsáid ionchur iontaise a laghdú an tráth céanna. Soláthraítear le tionscnamh nua an Oileáin Chomhroinnte cistiú suntasach do tháirgeoirí príomhúla, gnóthaí, agus nuálaithe chun comhoibriú a dhéanamh chun réitigh nua bhithgheilleagair tráchtála, inscálaithe le haghaidh na n earnálacha agraibhia agus muirí ar fud oileán na hÉireann a léiriú.”

Ag leanúint leis, dúirt an tAire

“Is príomhghníomhaíocht i bPlean Gníomhaíochta Bithgheilleagair na hÉireann 2023-2025 é saoráidí taispeántais píolóta a fhorbairt ionas gur féidir linn an réimse leathan deiseanna a forbraíodh trí thaighde agus nuálaíocht a bhogadh isteach i suíomhanna réadúla. An clár €9 milliún a chuirtear ar fáil trí Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, mo Roinn féin agus an Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe Thuaisceart Éireann, beidh sé ina ghné ríthábhachtach chun beart a dhéanamh de réir briathair agus spreagaim gach páirtí leasmhar smaoineamh ar an nGairm atá á hoscailt inniu”.

Dúirt an tAire RTCGT Andrew Muir:

“Tá mé sásta fáilte a chur roimh oscailt na gairme seo, lena soláthraítear deis an mhaith do nuálaithe comhoibriú agus é mar aidhm acu samplaí praiticiúla agus léirithe nuálaíochta bithbhunaithe a sholáthar chun cuidiú le leasanna eacnamaíocha, comhshaoil, agus sóisialta a chur chun cinn chomh maith le tacú le maolú agus oiriúnú athraithe aeráide.

Soláthrófar leis an tionscnamh seo deis iontach chun comhoibrithe nuálacha a chothú a bheidh ríthábhachtach chun gníomhú ar son na haeráide a sholáthar agus chun tacú le geilleagar níos glaise trí réitigh bhithbhunaithe.”

DEIREADH

NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ

1. Téarmaí agus coinníollacha

a. Tá na téarmaí agus coinníollacha iomlána lena n áirítear na Sonraíochtaí Gairme agus na Treoirlínte Gairme ar fáil anseo: Item was unpublished or removed

b. Ní mór iarratais a chur isteach ar líne tríd an Tairseach chun Iarratais a Chur Isteach - an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (flexigrant.com) ag a bhfuil dáta deiridh an 7 Meitheamh 12pm (meán lae). Níl aon acmhainn ann le haghaidh iarratais dheireanacha.

c. Agus tacaíocht á tabhairt ag InterTrade Ireland, bunaíodh ardán comhpháirtíochta a d’fhéadfadh cúnamh a thabhairt d’iarratasóirí comhpháirtí sa dlínse eile a aimsiú (Éire nó Tuaisceart Éireann). Chun rochtain a fháil ar ardán comhpháirtíochta Thionscnamh Taispeántais Bithgheilleagair an Oileáin Chomhroinnte, cliceáil anseo.

d. Agus tacaíocht á tabhairt ag InterTradeIreland, reáchtálfaidh RTBM agus RTCGT seisiúin faisnéise gairme agus soláthraítear mionsonraí na n imeachtaí sin mar a leanas:

a. An 22 Márta Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan

b. An 19 Aibreán AFBI Hillsborough

2. Tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte: gov.ie - Oileán Comhroinnte (www.gov.ie)

a. Cumasaítear an tionscadal seo trí leithdháileadh €7m ó Chiste Oileáin Chomhroinnte an Rialtais a fógraíodh i mí an Mheithimh 2023. Is féidir teacht ar eolas breise maidir le Tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte ag Item was unpublished or removed

3. An Bithgheilleagar

a. Is éard atá sa bhithgheilleagar acmhainní bitheolaíochta a tháirgeadh, a úsáid, a chaomhnú, agus a athghiniúint, chun réitigh inbhuanaithe (eolas, táirgí, próisis, agus seirbhísí) a sholáthar laistigh agus ar fud earnálacha eacnamaíocha uile agus chun athrú chuig geilleagar inbhuanaithe a chumasú.

b. Tabharfar le tionscnaimh Thaispeántais Bithgheilleagair deiseanna inbhuanaithe ó bhithmhais ónár dtalún agus ár mara araon chun tosaigh trí fhorbairt na dtáirgí bithbhunaithe breisluach níos airde, lena mbaineann leasanna soiléire aeráide agus comhshaoil. Is féidir go soláthraítear leis na táirgí agus seirbhísí bithbhunaithe sin foinsí nua nuálacha próitéine, stáirse, snáithíní, cothaitheach agus bithghníomhaithe lena soláthraítear deiseanna éagsúlaithe inbhuanaithe le haghaidh táirgeoirí príomhúla. D’fhéadfadh na tionscnaimh deiseanna a sholáthar chun dramhaíl phróiseála bia a uaschúrsáil agus chun táirgí bithbhunaithe ar ardluach a fhorbairt chun tacaíocht a thabhairt do chóras ciorclach bia.

4. Scéim Thionscnaimh Taispeántais Bithgheilleagair mar chuid de chur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta Bithgheilleagair 2023-2025.

a. Leis an tionscnamh sin comhlíontar príomhghníomhaíochtaí a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta Bithgheilleagair 2023-2025 Item was unpublished or removed chun: Comhoibriú Tuaisceart/Deisceart maidir leis an mbithgheilleagar a fhorbairt (gníomh 1.6) agus tionscnaimh thaispeántais bithgheilleagair a fhorbairt (gníomh 4.1)

b. Tá cistiú á dhéanamh ar an tionscnamh ó leithdháileadh €7 milliún chuig an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ó Chiste an Oileáin Chomhroinnte, in éineacht le comhchistiú €1.5 mhilliún ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus ranníocaíocht ó Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe Thuaisceart Éireann.

c. Aithnítear leis an tionscnamh go bhfuil dúshláin aeráide agus chomhshaoil chomhchosúla roimh an dá dhlínse ar an oileán, go bhfuil gníomhaíochtaí comhchosúla agraibhia, úsáide talún agus muirí acu, agus gur fhorbair páirtithe leasmhara sna hearnálacha sin comhoibrithe substainteacha trasteorann. Leis an tionscnamh tabharfar tacaíocht do nuálaíocht bhithgheilleagair talmhaíochta i dTuaisceart Éireann agus nuálaíocht bhithgheilleagair ghoirm in Éirinn in éineacht le comhoibriú agus comhar an suntasach a éilítear agus nuálaíocht agus comhroinnt eolais a bhfuiltear ag súil leo i dtionscadail chistithe lena léirítear uaillmhianta Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte.

5. Straitéis Nuálaíochta RTCGT 2021 – 2025

a. Leis an Straitéis Nuálaíochta RTCGT, a foilsíodh i mí Aibreáin 2021, treoraítear conas is féidir le RTCGT nuálaíocht a spreagadh agus a thacú laistigh den Roinn agus sna hearnálacha a thagann faoina shainchúram. Leis an straitéis tugtar achoimre ar mhisean le haghaidh nuálaíochta; sainmhínítear prionsabail ardleibhéil a bhaineann go sainiúil le nuálaíocht atá le glacadh; tugtar tuairisc ar na cuspóirí inmhianaithe staide deiridh atá le baint amach i dtéarmaí ceannasaíocht a sholáthar le haghaidh glacadh nuálaíochta, nuálaíocht a spreagadh, a thacú agus a éascú ar fud na nithe a thagann faoi shainchúram RTCGT, tosaíocht a thabhairt do thacaíocht agus rialachas éifeachtach a bheith aige. Tá feidhm ag an straitéis maidir le RTCGT agus na réimsí uile a thagann faoi shainchúram RTCGT lena n áirítear agraibhia, iascaigh, comhshaol, foraoiseacht agus forbairt tuaithe.

b. Cumhdaítear leis an straitéis saincheisteanna trasearnála lena n áirítear inbhuanaitheacht, Fás Glas agus athrú aeráide agus tá béim áirithe aici maidir le trí théamaí teicneolaíochta uileghabhálacha a sainaithníodh go bhfuil siad ar thús cadhnaíochta san athrú nuálach leis na hearnálacha a thagann faoi shainchúram RTCGT. Is iad na téamaí sin Mórshonraí, Intleacht Shaorga agus Bithgheilleagar Bunathraitheach.

c. Ailíníonn Tionscnamh Taispeántais Bithgheilleagair an Oileáin Chomhroinnte le téama príomhthosaíochta straitéis Nuálaíocht RTCGT, sin Bithgheilleagar Bunathraitheach.