English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann McConalogue Clár Samplála agus Anailíse Ithreach ar €10 milliún

Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Muirí, Mr Charlie McConalogue T.D., infheistíocht mhór inniu ar €10 milliún i gClár Samplála agus Anailíse píolóta. Díríonn an clár suntasach seo ar charbón ithreach, sláinte agus torthúlacht ithreach a chur i gcroílár ár samhail talmhaíochta don todhchaí.

Dar leis an Aire McConalogue, “tá a fhios ag ár bhfeirmeoirí gur bunús í an ithir fholláin do gach cineál feirmeoireachta, beostoc, curaíocht nó gairneoireacht. Méadóidh faisnéis mhionsonraithe maidir le ithir ar ár bhfeirmeacha inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus chomhshaoil” agus “tá áthas orm tacaíocht mo Roinne a fhógairt do Shampláil Ithreach Píolóta agus Clár Anailíse chun faisnéis bhonnlíne náisiúnta a bhunú ar ithir ar fud feirmeacha na hÉireann.”

Luaigh an tAire McConologue “chomh maith le torthúlacht ithreach agus measúnú ar phataigin ithreach, glacfaidh an clár tomhais ar leibhéil charbóin bonnlíne chun treoir a thabhairt do ghníomhartha sa todhchaí chun tacú le feirmeoireacht charbóin. Tabharfaidh sé bunús freisin don chéad ghlúin eile le comhairle bainistíochta ar chothaithigh agus d’fheidhmeanna leasacháin dírithe nó aoiligh orgánaigh (cineál ceart cothaithigh, ráta a churtha, am agus áit oiriúnach) ar feadh gach córais feirmeoireachta in Éirinn.”

Imreoidh ár gcuid ithreacha ról tábhachtach chun cloí lenár dtargaidí uisce, aeir, aeráide agus bithéagsúlachta le CAP agus ón gComhaontú Glas. Tabharfaidh an clár samplála faisnéis chriticiúil don fheirmeoir chun cinntí bainistíochta feirme a ghlacadh, ó fheabhas ar éifeachtacht úsáide chothaithigh go dtí leibhéil charbóin inár n-ithreacha. Tabharfar oiliúint do comhairleoirí chun cuidiú le feirmeoirí torthaí an chláir a aistriú i dtreoraíocht chiallmhar d’fheirmeoirí. Sa bhealach sin, déanfaidh an clár píolóta acmhainn a réadú do bhainistíocht ithreach i bhfeirmeacha na hÉireann.

Luaigh an tAire McConalogue leis go bhfuil “Sláinte agus bainistíocht chothaithigh ithreach go hard ar liosta tosaíochtaí na Roinne agus is tiomantas láidir é leis an Clár don Rialtas, dá bhrí sin is chéad chéim tábhachtach é an clár píolóta seo chun seachadadh dóibh. Tá sé i gcomhréir freisin le Plean Gníomhaíochta 2021 mo Roinne.”

Chuir an tAire Pippa Hackett le freagracht as Úsáid Talaimh agus Bithéagsúlacht fáilte freisin roimh an gclár píolóta agus dúirt sí, “tá sláinte an talaimh riachtanach dár saol, agus dá mhó atá ar eolas againn faoi, is fearr is féidir linn cinnteoireacht a dhéanamh le faisnéis a theastaíonn chun é a chaomhnú agus a athchóiriú. Tá áthas orm gur chuir mo Roinn tús leis an gclár seo a chuirfidh feasacht na bhfeirmeoirí agus a gcuid tuisceana ar ithreacha i méid, agus a cheadóidh dóibh freagraí bainistíochta talaimh níos dírithe a ghlacadh ag leibhéal na feirme, agus ag an am céanna sonraí bonnlíne tábhachtach a bhailiú. Táim ag tnúth go mór le torthaí a fheiceáil, agus fáil amach conas is féidir linn a thuilleadh forbartha a thabhairt ar an gclár samplála chun breathnú ar ghnéithe eile sláinte ithreach, amhail bitheolaíocht ithreach, sa todhchaí.”

Luaigh an tAire Martin Heydon freisin, a bhfuil freagracht aige as Taighde agus Forbairt, “tógann an infheistíocht seo ar ár n-infheistíocht €2 milliún le déanaí i bhfaireachlann Náisiúnta ar charbón ithreach, tionscadal taighde suntasach chun tuiscint níos fearr a bhaint as carbón inár n-ithir. Tógann na infheistíochtaí sin ar ár n-acmhainneacht chun cúnamh tábhachtach aeráide a sheachadadh ón earnáil sna blianta le teacht agus ba mhaith liom a mholadh do gach feirmeoirí leas a bhaint as an tionscnaíocht seo agus oibriú lena gcomhairleoirí chun a gcleachtais bainistíochta a chur in oiriúint i bhfianaise na faisnéise tábhachtaí a dhéanfaidh na samplaí seo a sheachadadh.”

Nótaí d’Eagraitheoirí:

Spriocphobal

Cén mhaitheas atá ann d’fheirmeoirí?

Spreagadh don fheirmeoir

An spreagadh d’fheirmeoirí ná tuarascálacha anailíse ithreach cuimsitheacha a fháil le sonraí den chéad ghlúin eile, le tacaíocht chomhairleach le úsáid mar uirlis bhainistíochta san fheirm. Ní fhaigheann an feirmeoir íocaíocht airgid, ach d’ainneoin sin tabharfaidh sé bunús freisin don chéad ghlúin eile le comhairle bainistíochta ar chothaithigh agus d’fheidhmeanna leasacháin dírithe nó aoiligh orgánaigh (cineál ceart cothaithigh, ráta a churtha, am agus áit oiriúnach) ar feadh gach córais feirmeoireachta in Éirinn.

Chomh maith leis, aithneoidh aschuir an chláir stoc carbóin ag leibhéal na feirme, ag tabhairt leis sin deis chun cosanta agus feabhsaithe i dtreo an todhchaí.

Nuair a bhaintear tuiscint as an nasc idir sláinte ainmhí agus sláinte ithreach, go háirithe le béim ar mheasúnú ar phataigin ithreach, bíonn faisnéis ag feirmeoirí chun straitéisí a chur in oiriúint chun frithsheasmhacht in aghaidh ábhair frithmhiocróbach a laghdú (AMR).

Lucht Déanta Beartas

Baileoidh an clár faisnéis ithreach bhonnlíne chun cuidiú le forbairt polasaithe níos fearr, mar aon le cur i bhfeidhm agus monatóireacht ar pholasaithe mar bhunús do chothaithigh ar leibhéal na feirme agus comhairle inbhuanaitheachta comhshaoil. Cabhróidh paraiméadair ithreach le díriú ar chleachtais/beartais bainistíochta agus comhairle chun tacú le polasaí náisiúnta agus an AE amhail Polasaí Talmhaíochta Coitianta (CAP), Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide, “Farm to Fork”, Creat Uisce agus Treoracha Níotráite, an Straitéis Bhithéagsúlachta agus an Misean Sláinte Ithreach agus Bia AE R&I.

Aidhm an Pholasaithe

Tabharfaidh an clár seo cabhair i gcomhtháthú polasaithe agus cuspóirí comhshaoil ar uisce, ithir, aer agus athrú aeráide agus a gcuid ailíniú le cuspóirí ginearálta an pholasaithe amhail an Comhaontú Glas agus straitéis agraibhia nua. Is riachtanach d’fheirmeoirí agus lucht déanta beartais araon sonraí bonnlíne a fháil ar stádas fisiceach, ceimiceach agus bitheolaíoch ár n-ithreacha ag leibhéal na feirme. Is cuspóir leis an gclár seo, dá bharr, tacar sonraí bonnlíne náisiúnta a fhorbairt ag leibhéal na feirme do na paraiméadair seo:

• Macra agus micreachothaithigh i gcomhair comhairle agranamaíoch agus riosca caighdeáin uisce.

• Carbón ithreach (C) a bhaineann go háirithe le aidhmeanna aeráide agus sláinte ithreach feabhsaithe a bhaint amach.

• Measúnú ar phataigin ithreach mar bheart bhithshlándála do threoraíocht pholasaithe.

Go criticiúil, beidh an clár dírithe ar scaipeadh samplaí go réigiúnach agus le fiontair chun bonnlíne chomh leathan agus is féidir a ghiniúint. Foilseoidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Muirí tairiscint go luath do pháirtithe leasmhara chun suim a léiriú an clár a sheachadadh.

Conas a oibreoidh an clár?

Moltar go mbeidh an Clár Píolóta ag lorg tairiscintí seachtracha chun seachadta ag saotharlann agus/nó cuibhreannas saotharlanna trí phrótacal foirmiúil an AE (r-thairiscint). Tabharfaidh DAFM riarachán ar an bpróiseas aighneachta agus riachtanais Rangaithe agus Roghnaithe don chlár tríd an acmhainn ar líne AgFood.ie.

Ó dhearcadh oibriúcháin, beartaítear go mbeidh fortháirgeoir rathúil i bhfeidhm roimh láir mhí Iúil 2021, le sampláil ithreach ag tosú ó Mheán Fómhair 2021.

Uasteorainn

Tá uasteorainn ar líon na samplaí ar féidir a ghlacadh in aghaidh na feirme rannpháirtithe agus is é sin 16 sampla, coibhéiseach le 64 ha. Tá an teorainn seo i bhfeidhm chun an tógáil is mó a chinntiú ó thaobh an réigiúin geografaigh agus córais feirmeoireachta timpeall na tíre.

Is féidir breathnú ar Ráiteas Straitéise na Roinne (2021 - 2024) ar shuíomh gréasáin na Roinne leis an seoladh a leanas: www.gov.ie/en/publication/a9d51-statement-of-strategy-2021-2024/

DEIREADH