Seolann na hAirí McConalogue, Noonan agus Hackett an EIP maidir le Lapairí Goir ar luach €25 milliún
- Foilsithe: 22 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, in éineacht leis an Aire Stáit Dúlra, Oidhreachta agus Athchóirithe Toghcháin, Malcolm Noonan, agus an tAire um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht Pippa Hackett, tionscadal suntasach nua inniu (an 22 Bealtaine) don ghrúpa éan is leochailí in Éirinn, lapairí goir, ag Caladh na Sionainne. Maoiníonn an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an EIP maidir le Lapairí Goir ar luach €25 milliún, faoin gComhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach (EIP-AGRI).
Is é is aidhm ag an tionscadal seo pobail lapairí reatha a chaomhnú ag príomhláithreacha, agus tacú le téarnamh pobail trí bhainistíocht tírdhreacha níos leithne agus forbairt beartais. Tá laghdú chomh mór le 98% tagtha ar phobail lapairí goir, lena n-áirítear Crotach, Circín Trá, Pilibín, agus Feadóg Shléibhe, i measc éin eile, le blianta beaga anuas faoin tuath in Éirinn.
Is scéimeanna faoi stiúir áitiúil iad tionscadail na Comhpháirtíochta Nuálaíochta Eorpach atá deartha agus curtha i bhfeidhm ag grúpaí comhoibritheacha a bhfuil feirmeoirí, eolaithe, éiceolaithe agus saineolaithe eile páirteach iontu chun spriocanna sonracha a bhaint amach. Níos luaithe i mbliana, roghnaíodh cuibhreannas faoi stiúir Nasc Tuaithe na hÉireann marcheannaire an Ghrúpa Oibríochtúil chun an EIP maidir le Lapairí Goir a sheachadadh.
Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tAire McConalogue:
“Is fianaise é an tionscnamh tábhachtach seo faoi Phlean Straitéiseach CBT 2023-2027 de chuid na hÉireann, agus an maoiniú dar luach €25 milliún a cuireadh ar fáil, ar thiomantas an Rialtais na pobail lapairí atá i láthair faoi láthair ag láithreacha tábhachtacha a chosaint agus téarnamh pobail a chur chun cinn trí bhainistíocht tírdhreacha níos leithne agus trí fhorbairt beartais atá bunaithe ar fhianaise. Cuideoidh rath an EIP seo le todhchaí na lapairí goir a dhaingniú, mar go gcuirfidh sé tacaíocht ar fáil d'fheirmeoirí atá toilteanach feabhsuithe gnáthóige a dhéanamh atá ag teacht le caighdeáin rialála agus níos fearr arís."
Dúirt an tAire Stáit Dúlra, Oidhreachta agus Athchóirithe Toghcháin, Malcolm Noonan TD:
“Is bád tarrthála é an EIP seo ina bhfuil ár n-ábhar dóchais maidir le caomhnú lapairí goir in Éirinn. Le blianta fada anuas, d'oibrigh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus RTBM le chéile chun pobail Lapairí Goir a chaomhnú, ag giniúint saineolais agus eolais luachmhar ar a bhfuil ag teastáil chun na héin áille seo a chothabháil agus tacú leo. Ciallaíonn an cur chuige nua seo go leathnófar an obair seo anois, agus den chéad uair, go maoineofar go hiomchuí í chun dul i ngleic le meath na bpobal agus na raonta foriomlána."
Dúirt an tAire um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht, an Seanadóir Pippa Hackett:
“Os rud é gur mise an tAire le freagracht as EIPanna agus an bhithéagsúlacht araon, tá mé an-sásta le bheith anseo i gCaladh na Sionainne i gContae Uíbh Fhailí ar maidin do sheoladh an EIP maidir le Lapairí Goir. Tá a fhios againn cé chomh rathúil agus is féidir leis an tsamhail EIP atá faoi stiúir áitiúil a bheith, le feirmeoirí ag teacht le chéile le sainchomhairle chun gníomhartha spriocdhírithe a dhéanamh ar mhaithe le feabhsú na bithéagsúlachta agus le hathrú fiúntach tírdhreacha a thabhairt i gcrích. Táimid ag tacú leis an EIP maidir le Lapairí Goir le buiséad dar luach €25 milliún agus le foireann tionscadail den chéad scoth, agus táim ag tnúth go mór lena dhul chun cinn a leanúint sna blianta amach romhainn agus, agus i bhfianaise go bhfuil ag éirí leis an tionscadal, uimhreacha lapairí goir i bhfad níos sláintiúla a fheiceáil i dTalamh Calaidh na Sionainne agus níos faide i gcéin.”
Dúirt Séamus Boland, POF Nasc Tuaithe na hÉireann, ag déanamh ionadaíochta ar an nGrúpa Oibriúcháin:
“Tá an-áthas ar Nasc Tuaithe na hÉireann a bheith chun tosaigh ar an tionscadal nua spreagúil seo. Cuireann an tionscadal EIP-AGRI seo deis uathúil ar fáil d'fheirmeoirí, do phobail tuaithe agus do pháirtithe leasmhara oibriú le foireann an tionscadail agus le comhpháirtithe chun iarrachtaí caomhnaithe a chur chun cinn do Lapairí Goir."
Tá infheistíocht iomlán €25 milliún i gceist leis an tionscadal, agus tá infheistíocht €17.5 milliún á cur ar fáil ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, le hinfheistíocht €7.5 milliún ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Tá geallta ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ciste straitéiseach breise dar luach €5 mhilliún a chur ar fáil do lapairí goir.
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí:
Tá an tionscnamh EIP maidir le Lapairí Goir á chómhaoiniú ag an gCoimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann faoi Phlean Straitéiseach CBT. Sa chás seo, déanfaidh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara araon gníomhaíochtaí agra-chomhshaoil a mhaoiniú, agus déanfaidh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra costais riaracháin an Ghrúpa Oibriúcháin a mhaoiniú freisin.
Áirítear leis an nGrúpa Oibriúcháin EIP maidir le Lapairí Goir: Nasc Tuaithe na hÉireann i gcomhpháirtíocht le hAgra-Chomhshaol Michael Martyn, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, Hen Harrier Project, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Cumann Zó-eolaíochta na hÉireann, agus Wildfowl and Wetlands Trust.
Is féidir tuilleadh faisnéise faoin gComhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach (AGRI) a fháil anseo.