Seolann na hAirí Plean Gníomhaíochta a eascraíonn as an Idirphlé Náisiúnta ar Mhná sa Talmhaíocht
- Foilsithe: 31 Eanáir 2024
- An t-eolas is déanaí: 24 Bealtaine 2024
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., agus na hAirí Stáit, an Seanadóir Pippa Hackett, agus Martin Heydon T.D., Plean Gníomhaíochta Náisiúnta do Mhná sa Talmhaíocht inniu.
Ceapadh an plean gníomhaíochta ón Idirphlé Náisiúnta ar Mhná sa Talmhaíocht a scrúdaigh comhionannas inscne san fheirmeoireacht agus san earnáil agraibhia níos leithne, agus conas infheictheacht agus stádas na mban sa talmhaíocht a mhéadú.
Tiomsaíodh torthaí an idirphlé i dTuarascáil, lena n-áirítear raon moltaí a d’eascair as ceardlanna a reáchtáladh ar an lá. Ina dhiaidh sin, chomhdhlúthaigh grúpa oibre na moltaí seo i bPlean Gníomhaíochta 12 phointe. Leanfaidh an Grúpa Oibre um Mhná sa Talmhaíocht ag teacht le chéile chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn an chur chun feidhme.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tá áthas orm inniu gur in éineacht liom atá mo chomhghleacaithe, na hAirí Stáit Hackett agus Heydon, Cathaoirleach an Idirphlé Náisiúnta agus an tIar-Aire Talmhaíochta, Mary Coughlan, agus baill ár nGrúpa Oibre nuabhunaithe ar Mhná sa Talmhaíocht chun an Plean Gníomhaíochta seo a sheoladh. Tá mé tiomanta do chothromaíocht inscne a chur chun cinn agus a fheabhsú ag gach leibhéal den earnáil agraibhia agus tá an tiomantas seo léirithe agam trí roinnt príomhghealltanais a thabhairt ar aghaidh chun tacú le cothromas ar fud an tionscail. Áirítear leis sin ráta nua SNTS a thabhairt isteach d’fheirmeoirí mná chomh maith le dul chun cinn suntasach a dhéanamh i dtreo 40% d'ionadaíocht na mban ar na Boird Stáit faoi mo shainchúram. Tugann Tuarascáil an Idirphlé léargas ar na dúshláin agus ar thaithí na mban atá i láthair, agus cuireann an Plean Gníomhaíochta fócas ar an obair a bheidh ann amach anseo ar an gceist thábhachtach seo. Déanfaidh an Grúpa Oibre iniúchadh anois ar na praiticiúlachtaí a bhaineann le seachadadh na n-athruithe agus na dtionscnamh riachtanach chun saol laethúil na mban a fheabhsú ar fud na hearnála agraibhia agus táim ag tnúth leis na hathruithe sin a chur i bhfeidhm.”
Dúirt an tAire Hackett:
“Mar cheann de na mílte ban a oibríonn san fheirmeoireacht ar fud na hÉireann is maith is eol dom an gá atá ann chun go gcloisfí ár nguth agus lenár leasanna a chur chun cinn. Táim bródúil go bhfuil Plean Gníomhaíochta 12 phointe againn anois a bhfuil an Rialtas ag tacú leis. Ar go leor feirmeacha ar fud na hÉireann, is iad mná atá ag smaoineamh as an nua agus ní mór dúinn tacú leis an nuálaíocht sin a oiread agus is féidir linn. Mholfainn ní hamháin do mhná sa tionscal ach d’fhir chéile agus do mhic, deartháireacha agus uncailí breathnú ar an bplean seo agus machnamh a dhéanamh ar conas is féidir leo a bpáirt a ghlacadh ar an talamh. Léiríonn an plean chomh maith tiomantas an Rialtais seo agus go deimhin mo thiomantas féin do bheartais spriocdhírithe a shaothrú a thacaíonn agus a chuireann ceannaireacht na mban in earnáil ina bhfuil muid i measc mionlach chun cinn. Tá roinnt céimeanna móra chun cinn le blianta beaga anuas, lena n-áirítear guthanna láidre ban inár n-eagraíochtaí ionadaíocha agus ní mór dúinn leanúint ag obair i dtreo rannpháirtíocht ban níos mó ag gach leibhéal. ”
Dúirt an tAire Heydon:
“Is céim phraiticiúil eile é seoladh an Phlean Gníomhaíochta seo chun a chinntiú go mbeidh earnáil na talmhaíochta chun tosaigh maidir le comhionannas inscne a chur chun cinn. Tá freagracht orainn go léir leanúint le cothromaíocht inscne a chur chun cinn agus a fheabhsú ag gach leibhéal agus i ngach réimse den tsochaí. Tugann sé aghaidh ar roinnt réimsí tábhachtacha ar nós comharbas, oideachas, agus aitheantas agus táim ag súil go háirithe le tacú le breis taighde sa réimse seo chun a chinntiú go mbeidh bunús láidir againn le haghaidh aon bheartais amach anseo.”
Mar fhocal scoir, dúirt Mary Coughlan:
“Táim ag tnúth leis an bPlean Gníomhaíochta seo a chur i bhfeidhm, agus na bearta riachtanacha a chur i bhfeidhm a fhágfaidh go mbeidh níos mó infheictheachta agus cothromais ann do mhná san fheirmeoireacht agus sa tionscal agraibhia. Is mór an onóir dom a bheith i gceannas ar an Idirphlé agus a bheith mar chuid den tionscnamh seo chun cothromaíocht inscne níos fearr a bhaint amach san earnáil.”
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí:
Tá an Plean Gníomhaíochta agus an Tuarascáil ónar tiomsaíodh é foilsithe ar shuíomh gréasáin na Roinne agus is féidir teacht orthu anseo.
Cuimsíonn an Grúpa Oibre um Mhná sa Talmhaíocht:
Grúpa Geallsealbhóirí um Mhná sa Talmhaíocht (WASG)||Mona Concannon|
Plean Gníomhaíochta ag eascairt as an Idirphlé Náisiúnta ar Mhná sa Talmhaíocht