Sonraí maidir le clár Caipitil €2.2m do 39 dtionscadal Cuain Údarás Áitiúil fógartha ag an Aire Creed
- Foilsithe: 31 Márta 2019
- An t-eolas is déanaí: 13 Aibreán 2020
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, sonraí inniu maidir le pacáiste €2.2m a chuideoidh le 12 Údarás Áitiúla le Cósta tabhairt faoi 39 dtionscadal forbartha agus deisiúcháin ar chalafoirt agus ar fhánáin atá faoi úinéireacht acu agus na tionscadail sin a thabhairt chun críche (féach an tábla thíos le haghaidh sonraí). Cuirfear maoiniú ar fáil faoin bpacáiste seo d'obair chothabhála agus d'obair dheisiúcháin agus chun tacú le forbairt agus feabhas leanúnach shaoráidí na gcalafort lena n-áirítear roinnt forbairtí fóillíochta mara.
Dúirt an tAire:
"Tá ríméad orm a fhógairt go bhfuilimid chun leanúint leis an gclár atá againn chun cuidiú leis na hÚdaráis Áitiúla atá le cósta na bonneagair mara atá ceangailte le hiascaigh agus leis an dobharshaothrú atá faoi úinéireacht acu a dheisiú agus a fhorbairt."
Is cuid de Chlár Forbartha Caipitil Infreastruchtúir Cuanta Iascaigh agus Cósta 2019 na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara é clár na nÚdarás Áitiúil, faoina ndéanann an Roinn suas le 75% de chostas iomlán na dtionscadal ceadaithe a chómhaoiniú agus faoina gcuireann an tÚdarás Áitiúil an fuílleach ar fáil.
Dúirt an tAire chomh maith:
"Tá ról ríthábhachtach ag na calafoirt faoi úinéireacht údarás áitiúil a fuair maoiniú faoi chlár na bliana seo maidir le folláine shóisialta agus eacnamaíoch na bpobal tuaithe le cósta. Sa bhreis ar an bhfostaíocht láithreach a bheidh ann le linn na hoibre, cuireann an maoiniú seo le forbairt leanúnach gníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht, leis an méid rannpháirtíochta i bhfóillíocht mhara agus i mbeartais bhreise chun níos mó turasóirí a mhealladh mar gurb iad sin a chruthaíonn timpeallacht sa deireadh thiar thall do dheiseanna chun go mbeifear ábalta poist inmharthanacha a chruthú i gceantair faoin tuath."
Mar fhocal scoir, is éard a bhí le rá ag an Aire Creed:
"Cuirtear maoiniú ar fáil faoin bpacáiste €2.2m atá ceadaithe agam le haghaidh na bliana 2019 do réimse éagsúil tionscadal atá scaipthe go tíreolaíoch ar fud na 12 Údarás Áitiúil a chuirfidh leis na saoráidí a chuirtear ar fáil don phobal Mara níos leithne sna ceantair le cósta seo. Léiríonn sin go bhfuilim ag leanúint le mo thiomantas d'fhorbairt tuaithe agus chomh maith is a d'éirigh le cláir roimhe seo."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Oibreacha Údarás Áitiúil 2019 arna maoiniú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara 2019
| County Council | Location | Works | Grant aid approved (€) |
| Clare County Council | Querrin Pier | Construction of slipway | 67,500 |
| Carrigaholt Pier | 75,000 | ||
| General | 30,000 | ||
| Total | 172,500 | ||
| Cork County Council | Category 1 & 2 Piers | 30,000 | |
| Union Hall Harbour | New Power supply facilities | 14,344 | |
| Baltimore Harbour | New Power supply facilities | 14,344 | |
| Kinsale Harbour | New Power supply facilities | 14,344 | |
| Ballycotton Harbour | New Power supply facilities | 14,344 | |
| Kinsale Harbour | 22,500 | ||
| Baltimore Harbour | 22,500 | ||
| Ballycotton Harbour | 22,500 | ||
| Crookhaven | Upgrade works to existing pier and slipway | 30,000 | |
| Snave Pier, Ballylickey | 33,750 | ||
| Total | 218,625 | ||
| Donegal County Council | Darney Pier, Bruckless | 30,000 | |
| Curransport | 45,000 | ||
| Rutland Aids to Navigation | 22,500 | ||
| Inch Pier | 12,000 | ||
| Leharden Newbridge | 45,000 | ||
| Creevy Pier | 18,000 | ||
| Total | 172,500 | ||
| Fingal County Council | Rush Harbour | 60,000 | |
| Balbriggan Harbour | 56,250 | ||
| Total | 116,250 | ||
| Galway County Council | Crumpáin Pier, Carna | Extend pier, new slipway | 93,750 |
| Droim, Lettermore | Extend pier, new slipway | 78,750 | |
| Roundstone | Extend pier, improve access | 82,500 | |
| Total | 255,000 | ||
| Kerry County Council | Tarbert Pier | 112,500 | |
| Dromatoor Pier | 15,000 | ||
| Total | 127,500 | ||
| Limerick County Council | Glin Pier | Improvement and safety works | 111,000 |
| Total | 111,000 | ||
| Mayo County Council | Rathlackan Pier | 105,000 | |
| Westport | New slipway at Westport Quay | 112,500 | |
| Westport | New pontoon and gangway at Westport Quay | 112,500 | |
| Total | 330,000 | ||
| Sligo County Council | Pulladivva Pier | 103,500 | |
| Total | 103,500 | ||
| Waterford County Council | Tramore North Pier | 112,500 | |
| Helvick Pier | Repairs to pier wall and grout areas as necessary | 112,500 | |
| Total | 225,000 | ||
| Wexford County Council | Duncannon | Structural repairs to harbour walls | 112,500 |
| Kilmore Quay | Upgrade of harbour lighting | 75,000 | |
| Kilmore Quay Marina | Repairs and upgrade of pontoon sections | 30,000 | |
| New Ross Marina | Repair works to pontoon | 22,500 | |
| Total | 240,000 | ||
| Wicklow County Council | Packet Pier/North Quay | 45,000 | |
| South/North Quay Wicklow | 90,000 | ||
| Total | 135,000 | ||
| Total Grant Aid Approved | 2,206,875 |