Spreagann an tAire Hackett tacú le táirgeoirí áitiúla trí Chrann Nollag Éireannach fíor a cheannach an séasúr seo
- Foilsithe: 26 Samhain 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Spreag an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett daoine Crann Nollaig Éireannach fíor a cheannach an séasúr seo. Tacaíonn seo le táirgeoirí áitiúla a chaith idir 7 agus 10 ag tabhairt faoi obair thiomanta chun crann Nollag ardchaighdeáin a tháirgeadh. Táirgeann saothraithe Éireannacha thart ar 650,000 crann Nollag gach bliain agus díoltar 450,000 sa tír agus déantar thart ar 200,000 crann a easpórtáil thar lear, go príomha go dtí an RA, an Fhrainc agus an Ghearmáin. Cuireann an tionscal €25 milliún le geilleagar na hÉireann.

Luaigh sí,
“Cibé acu más crann Nollag a cheannach ó do mhiondíoltóir áitiúil nó cuairt a thabhairt ar fheirm le do chrann Nollag a roghnú, is eispéireas é seo a thugann le fios gur tús an tséasúir é i measc go leor teaghlach. Spreagaim thú chun tacú le do shaothraithe áitiúla inbhuanaithe faoin tuath in Éirinn i mbliana trí chrann Nollag Éireannach fíor a roghnú. Tá sé níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, tá lorg carbóin níos ísle aige ná mar atá ag crann bréagach agus feabhsaíonn sé eispéireas na Nollag.”
Tá saghsanna éagsúla de chrainn Nollag a fásadh in Éirinn ann. Is é an Ghiúis Nordmann (Abies nordmanniana) an speiceas is mó a bhfuil tóir air faoi láthair. Tá duilliúr snasta saibhir agus spíonlach bog nach scoitear air. Más fearr leat duilliúr níos goirme, crann spíonlaigh nach scoitear ar a bhfuil tóir mhór freisin é an Ghiúis Mhaorga (Abies procera /Abies nobilis). Is é an Sprús Lochlannach (Picea abies) an Crann Nollag traidisiúnta. Cinntigh go gcuireann tú crainn Nollag ghearrtha i seastán uisce chun an méid spíonlach a chailltear a laghdú.
D’éascaigh Scéim Cúnaimh Infheistíochta um Fhorbairt na hEarnála Gairneoireachta Tráchtála na Roinne an feabhas a tháinig ar cháilíocht freisin. Baineadh méadú buiséid 50% amach don bhliain 2021 agus leanadh leis seo a sholáthar don bhliain 2022, a léiríonn tábhacht na hearnála.
“Spreagaim saothraithe crainn Nollag machnamh a dhéanamh ar chur isteach ar Scéim 2022,” a dúirt an tAire Hackett.
Nóta d’eagarthóirí:
Is é an spriocdháta chun iarratais a fháil faoin Scéim Cúnaimh Infheistíochta um Fhorbairt na hEarnála Gairneoireachta Tráchtála an 17 Nollaig 2021. Tá an Scéim ar oscailt do gach earnáil ghairneoireachta. Tá tacaíocht airgeadais ar fáil chun cabhrú le saothraithe agus gnólachtaí trí chúnamh deontais d’infheistíochtaí caipitil i sainghléasra agus saintrealamh, fuinneamh in-athnuaite, anuas ar ghlacadh le teicneolaíocht a bhaineann go sonrach le táirgeadh gairneoireacht tráchtála san áireamh. Baineadh méadú buiséid 50% amach don bhliain 2021 agus leanadh leis seo a sholáthar don bhliain 2022, a léiríonn tábhacht na hearnála. Tá an Scéim seo cistithe 100% ag Rialtas na hÉireann. I measc na n-infheistíochtaí a bhfuil an-tóir orthu faoin Scéim, tá sainphrúnairí crann, innill eangaí crann agus innill déanta pailléad a chosnaíonn an cháilíocht agus a cheadaíonn earraí a iompar go héifeachtúil.
Tá sonraí faoin scéim agus foirmeacha iarratais ar fáil ag: Horticulture Schemes