Spreagann an tAire Heydon taighdeoirí Éireannacha chun iarratas a dhéanamh ar Ghlao Misean Ithreach de chuid Horizon Eoraip ar fiú €62 milliún
- Foilsithe: 18 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le freagracht as Taighde agus Forbairt, Martin Heydon, T.D., tar éis spreagadh a thabhairt do thaighdeoirí Éireannacha iarratas a dhéanamh ar Ghlao Misean Ithreach de chuid Horizon Eoraip.
Maoiníonn an Coimisiún Eorpach taighde chun ithreacha san Eoraip a chosaint agus a athchóiriú tríd an Misean ‘Beart Ithreach don Eoraip’. Sheol an Misean a ghlao ar thograí le déanaí agus tá An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) i gcomhar le Fiontraíocht Éireann, ag iarraidh ar iarrthóirí Éireannacha incháilithe tairiscintí taighde a chur isteach don ghlao seo, a bhfuil buiséad iomlán de €62 milliún i gceist leis.
Dúirt an tAire Heydon:
“Tá deá-shláinte ithreach ríthábhachtach maidir le carbón a leithlisiú, bia a bhfuil dlúthchothaitheach ann a tháirgeadh, tacú le bithéagsúlacht, acmhainneacht a thógáil in aghaidh athrú aeráide agus go leor eile. Leagtar amach i bhFís don Bhia 2030 raon gníomhaíochtaí nach mór a dhéanamh chun na cuspóirí seo a bhaint amach agus tá páirt a ghlacadh i Misean Ithreach Horizon Eoraip seo ar cheann de na bearta sin.
“Molaim go láidir do thaighdeoirí Éireannacha, mar sin, iarratais a chur isteach ar an nglao suntasach taighde seo agus cabhróidh mo Roinn, trína rannpháirtíocht i bhfoireann tacaíochta na hÉireann, ar aon bhealach is féidir le rannpháirtíocht láidir Éireannach a chinntiú.”
Cuireann Misean na hIthreach deiseanna maoinithe spriocdhírithe ar fáil do phobal taighde na hÉireann in ocht réimse éagsúla lena n-áirítear na fachtóirí sóisialta, eacnamaíochta agus cultúrtha a spreagann bainistíocht talún, táscairí a fhorbairt do shláinte agus feidhmeanna ithreach, agus a nascann sláinte ithreach le bia cothaitheach agus sábháilte.
Dúirt an tAire Heydon freisin:
“Tá raon leathan deiseanna maoinithe taighde ar fáil dírithe ar Bhia, Bithgheilleagar, Acmhainní Nádúrtha, Talmhaíocht agus Comhshaol faoi Horizon Eoraip. D’éirigh thar barr le hÉire sa chlár Horizon 2020 a bhí ann roimhe seo agus tá sé mar aidhm againn tógáil ar sin agus rannpháirtíocht agus rathúlacht i Horizon Eoraip a mhéadú.”
CRÍOCH