Spreagann an tAire iascairí chun páirt a ghlacadh i Scéim Measúnaithe Eacnamaíochta an Chabhlaigh Cladaigh de réir mar a chuirtear síneadh leis an spriocdháta le haghaidh iarratas
- Foilsithe: 1 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Is mian leis an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD gach iascaire incháilithe a spreagadh chun páirt a ghlacadh i Scéim Measúnaithe Eacnamaíochta an Chabhlaigh Cladaigh agus iad a chur ar an eolas faoin spriocdháta sínte le haghaidh iarratas, an 8 Samhain.
Ag trácht dó, dúirt an tAire:
“Chruinnigh mé ar ionadaithe ón gcabhlach cladaigh chun na dúshláin atá roimh an gcabhlach seo a phlé, go háirithe iad siúd a théann i bhfeidhm ar a gcumas rochtain a fháil ar mhargaí. Tá scéim curtha chun cinn agam go sonrach mar fhreagra ar na dúshláin seo. Cuirfidh na sonraí breise seo le mo chumas díriú ar thacaíochtaí ar bhealach níos éifeachtaí agus tacóidh siad le hinmharthanacht eacnamaíoch leanúnach an chabhlaigh cladaigh sna blianta amach romhainn.
D'iarr mé ar BIM an scéim a chur i bhfeidhm, a osclaíodh ar an 16 Meán Fómhair agus tá áthas orm, tar éis an tsoiléirithe seo ar incháilitheacht le déanaí, go bhfuil an spriocdháta le haghaidh iarratas ar shuíomh gréasáin BIM sínte anois go dtí an 8 Samhain. Molaim do gach iascaire incháilithe a bheith páirteach.’
D'fhógair an tAire an scéim go sonrach roimhe seo chun tacú le forbairt eacnamaíoch an chabhlaigh iascaireachta cladaigh agus lena chumasú.
Tá an scéim deartha chun tógáil ar Dhaonáireamh Cladaigh a rinne Bord Iascaigh Mhara (BIM) in 2023, trí fhaisnéis mhionsonraithe bhreise a ghabháil maidir leis an eolas margaidh reatha agus na bealaí chuig an margadh atá á n-úsáid ag iascairí cladaigh, chomh maith lena gcumas margaí nua a aithint agus rochtain a fháil orthu.
Faoin scéim seo, comhlánóidh rannpháirtithe suirbhéanna mionsraithe, a bheidh mar bhonn eolais ag measúnú mionsonraithe agus cuimsitheach ar na gnéithe seo den earnáil agus sin a chumasú. Tabharfaidh sé sin deis don Roinn agus do BIM tacaíochtaí éifeachtacha a fhorbairt agus a dhíriú a chuideoidh le hiascairí cladaigh freagairt do na dúshláin mhargaidh atá rompu.
Tar éis teagmháil idir an Roinn agus ionadaithe na n-iascairí an tseachtain seo caite, eisíodh soiléiriú ar na critéir incháilitheachta agus tugadh cothrom le dáta é ar shuíomh gréasáin Bhord Iascaigh Mhara agus is é an 8 Samhain an spriocdháta le haghaidh iarratas anois.
D'fhonn rannpháirteachas sa suirbhé a spreagadh, agus mar aitheantas ar an obair shuntasach riaracháin atá i gceist dóibh siúd a ghlacfaidh páirt, déanfaidh an scéim foráil d'iarratasóirí íocaíocht a fháil, agus déanfar an suirbhé in dhá chéim. Beidh na híocaíochtaí bunaithe ar fhad an tsoithigh, agus íocfar iad in dhá thráthchuid, ceann amháin nuair a bheidh gach céim den suirbhé críochnaithe. Faoin scéim, beidh €3,500 san iomlán ar fáil do shoithí níos lú ná 8m ar fad, agus €5,000 san iomlán do shoithí idir 8 agus 17.99m ar fad. Rinneadh leasú tábhachtach ar na critéir incháilitheachta ar an scéim freisin, rud a chiallaíonn nach mór d'iarratasóirí a bheith in ann gníomhaíocht 60 lá a thaispeáint sa dá bhliain féilire roimhe seo (2022-2023) le bheith incháilithe don scéim. Tagann sé seo in ionad an ghá a bhí ann roimhe seo gníomhaíocht 60 lá a thaispeáint i ngach ceann den dá bhliain féilire. Tá geallta ag BIM iarratais a fuarthas roimhe seo a athmheasúnú i bhfianaise na gcritéar incháilitheachta nua seo agus ní bheidh ar na hiarratasóirí sin iarratas a chur isteach arís.
€2,000 a bheidh sa tráthchuid tosaigh do shoithí incháilithe nuair a bheidh Céim 1 den suirbhé críochnaithe agus íocfar an t-iarmhéid fágtha nuair a bheidh Céim 2 críochnaithe.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Bhí áthas orm i rith an tsamhraidh a fhógairt go n-osclófar roinnt scéimeanna chun tacú leis na hearnálacha iascaireachta agus bia mara. Tacóidh an scéim nua seo leis an scéim sonrach cois cladaigh, ag soláthar na tacaíochta a theastaíonn chun cabhrú leis an gcabhlach margaí a fhorbairt agus rochtain a fháil orthu, agus praghas réasúnta a fháil ar a ngabháil éisc.”
Tá sonraí ar fáil ar www.bim.ie
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí
Tá suirbhé i gceist leis an scéim seo a fhéachann le sonraí a bhailiú maidir leis na nithe seo a leanas:
Tosca Margaidh agus Eacnamaíochta
1. Praghsanna Éisc agus Treochtaí Margaidh
• Meánphraghas díolacháin in aghaidh an speicis.
• Athruithe i bpraghsanna séasúracha.
• Tosca a imríonn tionchar ar athruithe ar phraghsanna (m.sh., éileamh, soláthar, dálaí aimsire).
2. Rochtain ar an Margadh
• Fad go dtí na príomh-mhargaí.
• Rochtain ar fhaisnéis faoin margadh (e.g., praghsanna, treochtaí éilimh).
3. Slabhraí Margaidh agus Dáileadh
• Idirghabhálaithe a bhfuil baint acu leis an slabhra soláthair éisc.
• Díolphointí (margaí áitiúla, onnmhairiú).
• Éifeachtúlacht an tslabhra soláthair.
4. Comharchumainn agus Comhghníomhaíocht
• Rannpháirteachas i gcomharchumainn iascaireachta.
• Buntáistí agus dúshláin a bhaineann le ballraíocht i gcomharchumann.
• Gníomhaíochtaí comharchumainn (m.sh., margaíocht chomhpháirteach, acmhainní comhroinnte).
• Tosca Sóisialta agus Institiúideacha
5. Iompar agus Cúrsaí Lóistíochta
• Infhaighteacht agus riocht saoráidí iompair.
• Costais iompair agus a dtionchar ar bhrabúsacht.
• Saincheisteanna a bhaineann le cúrsaí lóistíochta (m.sh., staid an bhóthair, infhaighteacht feithiclí)
6. Seirbhísí Creidmheasa agus Airgeadais
• Rochtain ar sheirbhísí creidmheasa agus airgeadais.
• Foinsí creidmheasa (m.sh., bainc, comharchumainn, iasachtóirí neamhfhoirmiúla).
• Téarmaí agus coinníollacha iasachtaí (rátaí úis, sceidil aisíocaíochta).
• Sonraí Socheacnamaíocha agus Déimeagrafacha
7. Faisnéis Dhéimeagrafach
• Aois, inscne, agus cúlra oideachais na n-iascairí.
• Méid agus comhdhéanamh an teaghlaigh.
• Foinsí eile ioncaim.
Cleachtais Teicneolaíochta agus Nuálacha
8. Úsáid na Teicneolaíochta
• Teicneolaíochtaí agus cleachtais iascaireachta nua a ghlacadh.
• Úsáid GPS agus gléasanna rianaithe eile.
• Tionchar na teicneolaíochta ar éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht iascaireachta
9. Na Meáin Sóisialta agus Margaíocht Dhigiteach
• Na meáin shóisialta a úsáid chun táirgí éisc a mhargú.
• Éifeachtacht ardán ar líne maidir le dul i bhfeidhm ar thomhaltóirí.
• Oiliúint agus tacaíocht chun uirlisí digiteacha a úsáid.