Spriocdháta maidir le síneadh BDGP ag teannadh linn
- Foilsithe: 11 Eanáir 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
€1,800 ar an meán a fhaigheann feirmeoirí laonna diúil ón BDGP
Dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu go bhfaighidh rannpháirtithe incháilithe nach bhfuil teagmháil déanta acu lena Roinn go dtí seo lena spéis a léiriú maidir le leanúint leis an gClár Géanómaíochta agus Sonraí Mairteola (BDGP) don bhliain 2021 teachtaireacht téacs SMS inniu óna Roinn.
"Táim sásta leis an líon daoine a bhfuil sé socraithe acu leanúint de bheith páirteach sna scéimeanna in 2021 fad agus atá an CAP nua á thabhairt chun críche. Ba mhaith liom chomh maith a chur i gcuimhne do dhuine ar bith atá páirteach i BDGP agus nár chuir freagra go dtí seo gurb é an 15 Eanáir 2021 an dáta deiridh le freagra a sheoladh."
Tá freagra tugtha ag 55% de rannpháirtithe incháilithe go dtí seo agus tá iarratas déanta ag 98% díobh sin le fanacht sa scéim don bhliain 2021. Inniu seolfar teachtaireacht téacs chuig duine ar bith nach bhfuil freagra tugtha acu lena fháil amach an bhfuil sé i gceist acu síneadh bliana a chur lena rannpháirtíocht i BDGP, agus an rogha acu freagra ‘DAFM Y’ (le haghaidh Tá) nó ‘DAFM N’ (le haghaidh Níl) a thabhairt. Beidh 3 lá acu ón am a bhfaightear an teachtaireacht téacs chun freagra a thabhairt. Ní féidir teachtaireacht téacs a eisiúint ach amháin sa chás go bhfuil uimhir fón póca bhailí ar taifead ag an Roinn don fheirmeoir sin.
Dúirt an tAire chomh maith,
“Tuigim go maith an tábhacht a bhaineann leis an scéim seo don phobal feirmeoireachta. Ní hamháin go dtugann sé cúnamh mór airgeadais d'fheirmeoirí aonair agus do gheilleagar na tuaithe i gcoitinne agus os cionn €254 milliún íoctha ó bunaíodh í in 2015, ach cuidíonn an scéim freisin le hastaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann a laghdú agus, ag an am céanna, teicneolaíocht ghéiniteach a thabhairt isteach sa tréad náisiúnta chun feabhas a chur ar bhrabúsacht feirmeacha.
Tá íocaíochtaí ar fiú breis agus €37.8 milliún iad eisithe cheana féin i ndáil le BDGP don bhliain 2020 agus íocaíocht €1,800 ar an meán íoctha in aghaidh an rannpháirtí. Maidir leo sin atá incháilithe le hiarratas a dhéanamh ar an rannpháirtíocht bhreise, ní mórán eile atá le déanamh acu chun na riachtanais a shásamh do 2021."
Nóta d'Eagarthóirí:
• Seoladh litreacha chuig na feirmeoirí iomchuí ón tseachtain dar tús an 14 Nollaig 2020 ag tabhairt deis dóibh iarratas a dhéanamh ar bhliain eile den BDGP agus leagadh amach na riachtanais don bhliain 2021 atá mar an gcéanna, a bheag nó a mhór, leis na cinn don bhliain 2020.
• Beidh an próiseas iarratais oscailte suas go dtí an Aoine an 15 Eanáir 2021, an dáta sin san áireamh, agus bhí an fhaisnéis ábhartha san áireamh sna litreacha a seoladh chuig feirmeoirí.
• Is féidir le feirmeoirí iarratas a dhéanamh trí logáil isteach ar www.agfood.ie
• Ba cheart ceist ar bith a sheoladh chuig Rannán na Scéimeanna Mairteola agus is féidir teagmháil a dhéanamh leo ar 0761 064423 nó ar ríomhphost ar BeefSchemes@agriculture.gov.ie
CRÍOCH