English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Spriocdháta maidir le Taifid Níotráití 31 Nollaig 2020


Cuir isteach foirmeacha onnmhairithe sciodair, foirmeacha maidir le gluaiseacht shealadach ainmhithe agus foirmeacha maidir le comhaontú cíosa anois

Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag cur i gcuimhne d’fheirmeoirí go mba chóir foirmeacha comhlánaithe maidir le taifead Níotráití d’fhonn gluaiseacht leasacháin orgánach, gluaiseacht sealadach ainmhithe le linn na bliana nó comhaontuithe gearrthéarmacha maidir le féarach ar cíos (Taifid Foirmeacha 3,4,5) do 2020 a chur isteach anois chuig: nitrates@agriculture.gov.ie ** NÓ tríd an bpost chuig:

An Rannóg Níotráití, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Caisleán Johnstown, Co Loch Garman, Y35 PN52**

D’fhéadfadh sé go gcabhrófaí le feirmeoirí cloígh leis an teorann aoiligh beostoic 170 kg N/Ha nó an teorann 250 kg N/ha i gcás feirmeoirí maolaithe ceadaithe trí na foirmeacha sin a chur isteach faoin 31 Nollaig 2020.

Chomh maith leis sin ní mór d’Fheirmeoirí ar mian leo go gcuirfí tailte atá ar cíos san áireamh in áirimh i Níotráití do 2020 Foirmeacha le haghaidh Comhaontuithe maidir le Cíos/Féarach (Taifead 5) atá comhlánaithe go hiomlán a sheoladh chuig an Rannóg Níotráití anois.

Anuraidh chuir tromlach na bhfeirmeoirí a gcuid foirmeacha isteach in am agus d’fhan siad taobh istigh den teorann agus sheachain siad pionóis.

Baineann sé seo le gach feirmeoir, lena n-áirítear iad sin a bhfuil maolú ceadaithe acu. Ní bheidh ach foirmeacha atá curtha isteach roimh 31 Nollaig 2020 incháilithe do Shochar Níotráití do 2020.

Tabhair faoi deara gurb é an t-aon chruthúnas ar phostas atá inghlactha ná Admháil Swift Post nó Admháil Poist Cláraithe.

Tá foirmeacha ar fáil ag:www.gov.ie/en/publication/c9563-rural-environment-sustainability-nitrates/#nitrates-records

nó ón Rannóg Níotráití trí ríomhphost a sheoladh chuig nitrates@agriculture.gov.ie nó cuir glaoch ar (076) 1064 415

CRÍOCH