Ráiteas ón Aire Heydon maidir le deireadh a chur leis an agóid a bhain le Bord Bia
- Foilsithe: 2 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 4 Márta 2026
Cuireann an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, fáilte roimh an gcomhaontú ar thángthas air inniu ag cruinniú boird de Bhord Bia a tionóladh chun an sáinn reatha a phlé.
Dúirt an tAire Heydon: “Tá áthas orm gur glacadh leis an moladh a rinne mé maidir le hathbhreithniú neamhspleách ar rialachas Bhord Bia agus gur cuireadh deireadh leis an agóid leanúnach. Fanfaidh Larry Murrin mar chathaoirleach ar Bhord Bia agus, mar a comhaontaíodh ag an mbord agus ag an gcathaoirleach ar mhaithe le dul chun cinn a dhéanamh, le linn thréimhse an athbhreithnithe déanfaidh comhalta eile den bhord reatha cruinnithe boird sceidealta a éascú.”
“Tá Bord Bia ag cur Fóram nua d’Fheirmeoirí ar bun freisin, rud a chuirfidh deis ar fáil le haghaidh rannpháirtíochta athnuaite idir feirmeoirí agus Bord Bia. Anois tá sé in am teacht le chéile chun tacú leis an obair ríthábhachtach a dhéanann Bord Bia, a thugann buntáistí tábhachtacha d’fheirmeoirí agus don earnáil agraibhia ina hiomláine.”