English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá achomharc dlí déanta ag McConalogue i gcoinne chinneadh na Cúirte cead a thabhairt do mhórthrálaeirí iascaireacht a dhéanamh laistigh de chrios sé mhuirmhíle na hÉireann

I mí na Nollag 2018, i ndiaidh próisis comhairliúcháin phoiblí trínar fuarthas breis is 900 aighneacht, d'fhógair an tAire Talmhaíocht, Bia agus Mara ag an am nach dtabharfaí cead d'árthaí os cionn 18 méadar a bheith i mbun trálaeireachta in uiscí le cladach laistigh den chrios sé mhuirmhíle agus na bonnlínte ón 1 Eanáir 2020. Ceadaíodh tréimhse aistrithe trí bliana d'árthaí os cionn 18 méadar a bhíonn ag díriú ar shaláin chun é a éascú do na hárthaí sin iad féin a oiriúnú, ó tharla gur laistigh den chrios sé mhuirmhíle is mó a bhíonn iascaireacht saláin.

D'eisigh an tAire Treoir Beartais chuig an tÚdarás Ceadúnúcháin neamhspleách um Báid Iascaireachta Mara faoi reacht agus bhí sé i gceist ag an Aire ag an am éifeacht a thabhairt do na bearta a fógraíodh gan cead a thabhairt d'árthaí os cionn 18 méadar ar fad a bheith i mbun trálaeireachta in uiscí le cladach laistigh den chrios sé mhuirmhíle.

Thug beirt iarrthóirí ar iascairí iad Athbhreithniú Breithiúnach i gcoinne bhailíocht an Bheartais.

Tá achomhairc déanta ag an Stát chuig an gCúirt Achomhairc maidir le cinneadh na hArd-Chúirte i leith imeachtaí Athbhreithnithe Bhreithiúnaigh a bhaineann leis an Treoir Beartais agus táthar ag lorg bac ar orduithe a deonaíodh inti.

Dúirt an tAire McConalogue

"Ó tharla gur ceist sub judice í seo, nílim in ann ráiteas a thabhairt i leith an Bheartais go dtí go réitítear an cheist sna Cúirteanna. Ach, táim tiomanta d'inbhuanaitheacht na hiascaireachta in uiscí na hÉireann agus don ghealltanas a tugadh inár gClár Rialtais go leanfaí de chosaint a thabhairt d'uiscí le cladach na hÉireann ar mhaithe le hárthaí iascaireachta níos lú agus trálaeireacht dhá bhád a chosc laistigh den chrios sé mhuirmhíle.

CRÍOCH