Tá an tAire Hackett ag rá go mbeidh breis is 50,000 tona beatha orgánaí ag teastáil i rith an gheimhridh seo chugainn
- Foilsithe: 20 Feabhra 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Chuir an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, fáilte inniu roimh thorthaí an tsuirbhé maidir le beatha orgánach, inar léiríodh go bhfuil níos mo éilimh ar gach cineál beatha orgánaí, chun freastal ar riachtanais an gheimhridh seo chugainn 2024/2025.
Dúirt an tAire Hackett:
“Léiríonn an suirbhé seo go bhfuil níos mó éilimh ann ar gach cineál beatha orgánaí, chun freastal ar riachtanais an gheimhridh 2024/25. Léiríonn na torthaí fás seasta tar éis go ndearnadh an suirbhé i dtaobh beatha orgánaí anuraidh, maidir le héileamh ar dhlúthbhia, beatha neamhiomlán agus foráiste. Cabhróidh sé eolas a dhéanamh do chinntí plandála an Earraigh seo.”
I gcomhthéacs an mhéadaithe shuntasaigh ar líon na bhfeirmeoirí orgánacha agus na gceantar le cúpla bliain anuas, rinneadh an suirbhé seo. Tá a dhá oiread feirmeoirí ann, 4,000 in 2023, agus 1,000 feirmeoir eile le páirt a ghlacadh sa Scéim Feirmeoireachta Orgánaí in 2024. Beidh 5% den cheantar talmhaíochta trí chéile ina thalamh orgánach in 2024, agus táthar de réir sprice chun 10% a bhaint amach faoi 2030, mar atá leagtha amach i bPlean Gníomhaithe na hÉireann ar son na hAeráide.
Bhí 912 freagra ar an suirbhé agus, bunaithe ar na freagraí, meastar go mbeidh an t-éileamh iomlán do dhlúthbhia timpeall 33,000 tona. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh éileamh timpeall 20,000 tona a bheith ann do bheatha neamhiomlán, 6,000 tona do bharra próitéine (mar shampla meascán piseanna/eorna), agus 50,000 burla fodair.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Hackett:
“Leagadh béim ar an orgánaic agus ar an gcuraíocht in FoodVision mar dheis d’fheirmeoirí. Léiríonn na torthaí seo go bhfuil an t-éileamh ar bheatha orgánach ag fás, agus an deis chun cur le réimse na curaíochta orgánaí in Éirinn. Tá deis ann don mhuileann orgánach Éireannach de réir mar a thagann fás ar an earnáil.”
Nótaí d’Eagarthóirí:
Ghlac 912 feirmeoir orgánach páirt sa suirbhé arb ionann é agus ráta rannpháirteachais de thart ar 25% i measc an chohóirt feirmeoirí in orgánaic roimh an ngrúpa a tugadh isteach in 2024. Tá stádas orgánach iomlán faighte ag 40% de rannpháirtithe an tsuirbhé, tá 60% ag iompú faoi láthair. Tá fiontair mairteola (76%) agus/nó caorach (43%) ag formhór na bhfeirmeoirí a d'fhreagair. Tá fiontar curaíochta ag thart ar 12% acu, tá éanlaith chlóis ag 4% agus tá déiríocht ag 3% acu. Léirigh uimhreacha freagartha dáileadh geografach na bhfeirmeoirí orgánacha. Fuarthas freagraí ó gach contae; tháinig an líon is mó ó Ros Comáin, Gaillimh, Ciarraí, Corcaigh agus Dún na nGall.
Rinneadh an suirbhé seo ar an 27 Nollaig 2023 agus níor glacadh le tuilleadh freagraí ón 16 Eanáir 2024. Is ionann 912 freagra agus timpeall an ceathrú cuid d’fheirmeoirí orgánacha i bPoblacht na hÉireann, roimh an ngrúpa a tugadh isteach in 2024. Agus 1,000 feirmeoir sa bhreis in orgánaic ón 1 Eanáir 2024, léiriú ar chúigiú na bhfeirmeoirí orgánacha uilig a bheadh ann. Féach an pdf faoi iamh don tuarascáil iomlán.
Suirbhé maidir le Beatha Orgánach RTBM 22.1.24
Íoslódáil an comhadÍoslódáil
Féach
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le foireann Orgánach na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara ar [external-link organic@agriculture.gov.ie | organic@agriculture.gov.ie / 053 916342 ]
Aithníonn Rialtas na hÉireann gur cuid thábhachtach d’fhorbairt shóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann agus chun caighdeán maith saoil a chinntiú do chách, í gníomhú maidir leis an athrú aeráide, an nádúr a athbhunú agus a chosaint, agus feabhas a chur ar chaighdeán an uisce agus an aeir.
Is féidir leat an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 agus aguisín a ghníomhaithe Item was unpublished or removed nó téigh chuig Item was unpublished or removed Cliceáil ANSEOchun clárú le nuachtlitir Rialtas na hÉireann maidir le Plean Gníomhaithe na hÉireann ar son na hAeráide a fháil.
Is féidir teacht ar an bplé ón Tionól Saoránach maidir le Cailleadh Bithéagsúlachta ANSEOagus tá ceathrú Phlean Náisiúnta Gníomhaíochta Bithéagsúlachta na hÉireann le foilsiú faoi dheireadh na bliana.