Tá fógartha ag an Aire Heydon go bhfuil síneadh curtha leis an spriocdháta d’iarratais faoin mBeart Náisiúnta um Shábháilteacht ar Fheirmeacha
- Foilsithe: 30 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, ar a bhfuil freagracht speisialta as Sábháilteacht Feirme, Martin Heydon T.D., síneadh coicíse inniu leis an spriocdháta le haghaidh léirithe spéise agus le hiarratais ar íocaíocht a chur isteach faoin mBeart Náisiúnta um Shábháilteacht ar Fheirmeacha.
Agus an fógra á dhéanamh aige, dúirt an tAire an méid seo a leanas:
“Tá mé ag cur síneadh ama coicíse leis an spriocdháta chun léirithe spéise a dhéanamh agus chun iarratais ar íocaíocht a chur isteach chun níos mó ama a thabhairt d’fheirmeoirí cumhdaigh seaftaí astógála cumhachta a cheannach agus a gcuid éileamh a chur isteach. Is é Dé hAoine, an 15 Samhain 2024 an spriocdháta nua.”
Chun iarratas a dhéanamh ar an mbeart, ní mór d’fheirmeoir nó do chomhairleoir atá faofa ag FAS léiriú spéise a chur isteach roimh infheistíocht a dhéanamh i gcumhdaigh seaftaí astógála cumhachta. Nuair a bheidh léiriú spéise curtha isteach, ní mór an t iarratas ar íocaíocht (éileamh) a chur isteach tráth nach déanaí ná Dé hAoine, an 15 Samhain 2024.
Agus an síneadh á fhógairt aige, shonraigh an tAire an baol tromchúiseach d’oibreoirí innealra as bheith ag plé le seaftaí astógála cumhachta nach bhfuil cosanta nó seaftaí a bhfuil droch-chosaint acu.
“Tá seaftaí astógála cumhachta ar fheirmeacha na hÉireann ar a bhfuil cumhdaigh nach dtugann cosaint d’oibreoirí innealra. Tá básanna agus gortuithe a chuir cor i saol daoine tarlaithe ar fheirmeacha na hÉireann mar gheall ar dhaoine dul i bhfostú i seaftaí astógála cumhachta (PTO). Molaim do gach feirmeoir na cumhdaigh seaftaí astógála cumhachta ar threalamh a sheiceáil agus aon cheann atá lochtach nó in easnamh a athsholáthar.”
Soláthraíonn an beart ranníocaíocht airgeadais d’fheirmeoirí rannpháirteacha a chumhdaíonn 60% den chostas incháilithe suas go dtí uasmhéid de cheithre chumhdach seafta astógála cumhachta.
Cuirtear i gcuimhne d’fheirmeoirí go gcaithfidh fáltais a dhearbhú go gcomhlíonann na cumhdaigh seaftaí astógála cumhachta na caighdeáin cháilíochta atá leagtha amach sna téarmaí agus coinníollacha.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar an mBeart Náisiúnta um Shábháilteacht ar Fheirmeacha 2024, téigh chuig www.gov.ie/farmsafety. Ba cheart aon cheisteanna maidir leis an Scéim a chur chuig: farmsafetymeasure@agriculture.gov.ie.