Tá foirmeacha daonáirimh Caorach agus Gabhar 2021 ar an mbealach
- Foilsithe: 16 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Eisíodh foirmeacha bliantúla daonáirimh Caorach agus Gabhar do bhreis agus 48,000 coimeádaí caorach agus gabhar atá cláraithe leis an Roinn Talmhaíochta agus Bia agus Mara.
Ar aon dul le blianta roimhe seo, roghnaigh an Roinn Dé hAoine, an 31 Nollaig mar dháta daonáirimh 2021. Ba cheart do choimeádaithe a bheith ar an eolas gurb oibleagáid dhlíthiúil é an fhoirm dhaonáirimh a líonadh agus sheoladh ar ais. Tá ar choimeádaithe freisin na sonraí daonáirimh a chur i dtaifead ar a gcláir ealtaí. Má theipeann ort foirm líonta a sheoladh ar ais in am, d’fhéadfadh sé tionchar a imirt ar cháilitheacht do scéimeanna áirithe na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Spreagann an Roinn na coimeádaithe go léir a sonraí daonáirimh go léir a sheoladh ar ais ar líne www.agfood.ie
Cé go nglacfar le foirmeacha a sheoltar ar ais sa phost, is é an spriocdháta le hiad a sheoladh ar ais an 31 Eanáir 2022.
Ba cheart foirmeacha líonta a seoladh sa phost an seoladh atá clóite ar an gclúdach litreach a chuirtear ar fáil a bhaint amach leis an bhfoirm dhaonáirimh tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir 2022. Ní cheadaítear foirmeacha a sheoladh sa phost trí aon oifig de chuid na Roinne.
Baineann spriocdháta sínte an 14 Feabhra 2022 le foirmeacha a sheoltar ar ais ar líne amháin.
Níl eolas an daonáirimh bhliantúil chaorach agus ghabhar casta agus cuireann sé deimhniú fíor-ama ar fáil nuair a seoladh eolas daonáirimh ar aghaidh go rathúil. I measc na dtairbhí a bhaineann leis an áis daonáirimh ar líne a úsáid, tá:
• dáta deiridh sínte - go dtí an 14 Feabhra 2022 - le tuairisceáin daonáirimh ar líne a fháil amháin;
• an áis le hamharc ar stair dhaonáirimh;
• bíonn suaimhneas intinne ort gur seoladh sonraí daonáirimh 2021 ar ais go rathúil;
• ní bhaineann aon mhíchaoithiúlacht nó costais bhreise a bhaineann le tuairisceán poist a chlárú.
• is féidir le coimeádaithe caorach atá cláraithe do sheirbhísí ar líne leabhair sheolta/cáipéisí
gluaiseachtaí caorach a ordú ar líne tríd an gcóras Sainaitheanta agus Gluaiseachtaí Ainmhithe (AIM).
Is féidir le coimeádaithe nach bhfuil cláraithe cheana féin ar www.agfood.ie amhlaidh a dhéanamh trí chuairt a thabhairt ar www.agfood.ie agus an rogha ‘Cláraigh’ a chliceáil. Caithfidh coimeádaithe a bhfuil seirbhísí ar líne á n-úsáid acu den chéad uair dóthain ama a thabhairt dá sonraí logála isteach pearsanta a sheoladh chucu sa phost tar éis dóibh clárú. Teastóidh na sonraí seo ar mhaithe le nasc slán le bunachar sonraí AIM le sonraí daonáirimh a sheoladh ar aghaidh.
Ba cheart do choimeádaithe a bheartaíonn agfood.ie a úsáid den chéad uair tús a chur leis an bpróiseas clárúcháin go luath lena chinntiú go bhfaigheann siad a sonraí logála isteach in am lena n-eolas daonáirimh a sheoladh ar aghaidh ar líne faoin 14 Feabhra 2022.
Cuirtear treoir chéim ar chéim ar fáil maidir leis an bhfoirm Dhaonáirimh a líonadh ar líne ar chúl fhoirm Dhaonáirimh 2021. I dtaobh foirmeacha daonáirimh a sheoltar ar ais sa post, tá an dualgas go fóill ar an gcoimeádaí ealta/tréada a chinntiú go bhfaightear foirmeacha líonta daonáirimh in am. Ba cheart go mbeadh coimeádaithe ar an eolas, i gcás díospóide maidir le foirmeacha a sheoltar ar ais ar líne, is é an t-aon chruthúnas postais a nglacfar leis fáltas Poist Chláraithe. Ní ghlactar le deimhnithe Postais ná le fáltais mearphoist mar chruthúnas postais.
Caithfear foirmeacha a sheoltar ar aghaidh i ndiaidh an dáta sin a sheoladh ar aghaidh i bhfoirm pháipéir chuig oifig na Roinne i mBacastún, Contae Chill Dara. Ba cheart an bhéim a leagan air, áfach, go measfar go mbeidh sonraí daonáirimh 2021 a seoladh ar aghaidh i bhfoirm pháipéir tar éis an 31 Eanáir 2022 nó ar líne tar éis an 14 Feabhra 2022, déanach. D’fhéadfadh eolas daonáirimh caorach agus gabhar a sheoladh ar aghaidh go déanach tionchar a imirt ar cháilitheacht do scéimeanna áirithe na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Cuireann na daonáirimh chaorach agus ghabhar eolas luachmhar staitistiúil ar fáil don Roinn agus d’eagraíochtaí eile atá bainteach i bhforbairt an tionscail. I gcás feirmeoirí aonair, tá baint lárnach ag Daonáireamh líonta a sheoladh ar aghaidh i dtaobh a dhearbhú go bhfuil na rátaí stocála riachtanacha á gcoimeád agus go n-éascaíonn sé íocaíochtaí a tharraingt anuas faoi scéimeanna cosúil leis an Scéim Leasa Caorach, an Scéim Buníocaíochta, Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha, AEOS, GLAS etc. Má theipeann ort an daonáireamh a sheoladh ar ais in am, d’fhéadfadh sé tionchar a imirt freisin ar íocaíochtaí gaolmhara eile amach anseo a dhéanfaidh an Roinn seo.
Baintear úsáid as eolas daonáirimh freisin i rith cigireachtaí feirme/ealta ina mbíonn sonraí ag an gcigire faoi na foirmeacha daonáirimh a seoladh ar ais don ghabháltas le roinnt blianta beaga anuas. Úsáidtear an t-eolas seo mar an mbonn lena shainaithint cibé acu an ndearnadh nó nach ndearnadh taifid ainmhithe a choimeád go leordhóthanach tríd an gclár coimeádaithe ealta.
Gabhann an tAire McConalogue buíochas le coimeádaithe caorach agus gabhar as an bpáirt leanúnach a ghlacann siad sa phróiseas daonáirimh, ina mbaintear rátaí freagartha 90% amach, go ginearálta. Tá sé ag tnúth lena mhacasamhail de rannpháirtíocht i bpróisis 2021.
CRÍOCH