Tá maoiniú €300,000 á fhógairt ag an Aire McConalogue do thionscadail Turasóireachta Agraibhia

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá maoiniú €300,000 á fhógairt ag an Aire McConalogue do thionscadail Turasóireachta Agraibhia

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD deireadh le maoiniú de €300,000 do 17 tionscadal turasóireachta agraibhia áitiúla.

Cuirtear an maoiniú ar fáil faoin gCiste um Nuálaíocht agus Forbairt Tuaithe 2023 tríd an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.

Dúirt an tAire McConalogue

“Tá an nasc idir an talmhaíocht agus an turasóireacht tuaithe fíor agus inláimhsithe ós rud é gur náisiún bia den scoth muid a bhfuil taifead láidir fáilteachais againn. Is iontach an rud é a bheith in ann tacú leis na tionscnaimh seo san earnáil turasóireachta agraibhia agus tógáil ar an dul chun cinn atá déanta cheana féin. Tá suim mhór ó cheann ceann na tíre i mbliana a leagann béim ar an spéis atá sa turasóireacht agraibhia agus an tábhacht a bhaineann leis do phobail. Díríonn ár bplean oibre 10 mbliana don earnáil talmhaíochta Food Vision 2030 aird ar an sineirge nádúrtha idir agraibhia agus turasóireacht áitiúil.

“Ligeann turasóireacht agraibhia i gceantair thuaithe do chomhlachtaí bia iontacha de gach méid a gcuid daoine, tírdhreach, stair agus cultúr a thaispeáint trí tháirgí talmhaíochta, bia agus dí agus bia na háite. Chomh maith leis sin, cuireann sé deiseanna ar fáil do ghnólachtaí tuaithe, feirmeoirí, táirgeoirí agus ceardaithe san áireamh, a gcuid táirgí agus seirbhísí a fhorbairt, nascadh leis an bpobal agus le cuairteoirí agus scileanna agus dea-chleachtas a fheabhsú agus tá lúcháir orm na tionscadail rathúla a bhfuil maoiniú faighte acu a fhógairt.”.

Nóta d'Eagarthóirí:

Tá maoiniú curtha ar fáil do na tionscnaimh rathúla seo a leanas:

  • Líonra Táirgeoirí Bia Thiobraid Árann (Turais agus eispéiris feirme) - €25,000
  • Comhairle Contae Mhuineacháin (Samhradh Bia) - €25,000
  • Campas Bia Nuálaí na Gaillimhe (Eispéireas Bia agus Talmhaíochta)- €25,000
  • Wicklow Naturally - Cosáin Feirme go Forc - €24,479
  • Margadh Feirmeoirí Achadh Conaire - €9,800
  • Burren Eco Tourism Network (Conair Bhia na Boirne) - €25,000
  • Féile Mhara an Chromáin, Co Chiarraí - €20,000
  • Comhairle Pobail Dhroim Seanbhó - €24,850
  • The Gourmet Greenway, An Mhala Raithní - €9,901.50
  • Wildacres Honey Tour - €14,385
  • Comhairle Contae Thiobraid Árann (Ceann Scríbe Loch Deirgeirt) - €21,094.50
  • Ionad Oidhreachta Mhaigh Eo Thuaidh - €21,800
  • CLG Turasóireacht Cheatharlach (Líonra Bia Blas I gCeatharlach) - €12,275
  • Comhairle Contae Laoise (Blas Laoise) - €8,593
  • Comhairle Contae an Chabháin (Líonra Bia an Chabháin) - €12,275
  • Boyne Valley Food Heroes - €12,275
  • Rock Farm Baile na Sláine - €7,442

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat