English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá maoiniú de €300,000 á fhógairt ag an Aire McConalogue do thionscadail Turasóireachta Agraibhia

Tá fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD gar do mhaoiniú de €300,000 do 19 dtionscadal turasóireachta agraibhia áitiúla.

Cuirtear an cistiú ar fáil faoin gCiste um Nuálaíocht agus Forbairt Tuaithe 2022 tríd an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.

Dúirt an tAire McConalogue

“Tá lúcháir orm na tionscadail rathúla a bhfuil maoiniú faighte acu in earnáil na Turasóireachta Agraibhia a fhógairt. Is iontach an rud é bheith in ann tacú leis na tionscnaimh seo san earnáil turasóireachta agraibhia agus tógáil ar an dul chun cinn atá déanta cheana féin. Tá scaipeadh tíreolaíoch iontach ar thionscadail i mbliana a léiríonn an spéis ar fud na tíre. Aibhsíonn ár bplean oibre 10 mbliana don earnáil talmhaíochta Food Vision 2030 an sineirgíocht nádúrtha idir agraibhia agus turasóireacht áitiúil. Thug mé tacaíocht don earnáil thábhachtach seo agus leanfaidh mé ag tabhairt tacaíochta di mar Aire dár n-earnáil bia, an earnáil is mó agus is tábhachtaí atá againn.”

“Cuirim béim agus tábhacht ollmhór ar agrathurasóireacht i gceantair thuaithe toisc go ligeann sé dár gcomhlachtaí bia iontacha de gach méid a gcuid daoine, tírdhreacha, staire agus cultúir a thaispeáint trí tháirgí talmhaíochta, bia agus dí agus ealaín áitiúil.”

“Chomh maith leis sin, cuireann sé deiseanna ar fáil do ghnólachtaí tuaithe, lena n-áirítear feirmeoirí, táirgeoirí agus ceardaithe, a gcuid táirgí agus seirbhísí a fhorbairt, nascadh leis an bpobal agus le cuairteoirí agus scileanna agus dea-chleachtas a fheabhsú”.

Fotheideal an Ghrianghraif: An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD, ag seoladh tionscnamh Samhraidh an Bhia i Muineachán le Val O’Kelly, ar chlé, ó Subh Fraoc Bán agus Ross Adamson, Adamson’s Bar, Cluain Eois. Tá tionscnamh Samhradh an Bhia ar cheann de 19 dtionscadal a roinneann beagnach €300,000 i maoiniú ó chlár Turasóireachta Agraibhia an Aire. Grianghraf: Rory Geary


Nóta d'Eagarthóirí:

Tá maoiniú de €299,176 curtha ar fáil do na tionscnaimh rathúla seo a leanas:

  • Deochanna Éireann (Irish Whisky 360°) - €22,860
  • Blaiseadh de Fhéile Bia Dhún na nGall - €11,033
  • Turasóireacht Acla (Féile Tinteáin agus Pobail) - €16,300
  • Líonra Táirgeoirí Bia Thiobraid Árann (Turais agus eispéiris feirme) - €18,081
  • Féile Bia Iarthar Phort Láirge (Blas ar Phort Láirge ) - €25,000
  • Comharchumann Turasóireachta Una Bhan (Margadh), Ros Comáin - €9,547
  • Margadh na nDaoine ar an Trá - €25,000
  • Comhairle Contae Mhuineacháin (Samhradh Bia) - €23,636
  • Líonra Bia Chill Dara - €25,000
  • Cosáin Chill Mhantáin go Nádúrtha ón bhFeirm go Forc - €24,479
  • Margadh Feirmeoirí Achadh Conaire - €12,000
  • Líonra Éiceathurasóireacht na Boirne (Conair Bhia na Boirne) - €10,780
  • Comhairle Contae Cheatharlach (Eispéireas Bia agus Dí i gCeatharlach) - €10,780
  • Forbairt Turasóireachta Agraibhia Oirdheisceart na hÉireann - €10,780
  • Blas Laoise - €10,780
  • Comhairle Contae Chill Chainnigh (Taste Kilkenny) - €10,780
  • Cromane Seafest, Co Chiarraí - €10,780
  • Comhairle Contae an Chabháin (Líonra Bia an Chabháin) - €10,780
  • Campas Nuálaí Bia na Gaillimhe (taithí ar Bhia agus Ag.) - €10,780