Tá níos mó ná €172 mhilliún íoctha i réamhíocaíochtaí ACRES do 2024
- Foilsithe: 23 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Íocadh €419 milliún le feirmeoirí ACRES as gníomhartha comhshaoil thar dhá bhliain
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go bhfuil níos mó ná €172 mhilliún i réamhíocaíochtaí ACRES íoctha le feirmeoirí le seachtainí beaga anuas i leith a rannpháirtíochta sa Scéim in 2024. Fágann sé sin gur €419 milliún san iomlán a fuair feirmeoirí sa scéim, tar éis íocaíocht €247 milliún as a gcuid rannpháirtíochta in 2023.
Dúirt an tAire McConalogue an méid seo a leanas:
“Is scéim uaillmhianach í ACRES a fhéachann le feabhsuithe comhshaoil a sheachadadh trí raon leathan gníomhaíochtaí, lena n áirítear comhpháirteanna casta nua torthaí-bhunaithe. Tá áthas orm a lua, mar sin, go bhfuil €419 milliún san iomlán íoctha le feirmeoirí go dtí seo. Tá réamhíocaíochtaí €21.9 milliún á n eisiúint chuig 5,153 rannpháirtí ACRES inniu mar gheall ar a gcuid rannpháirtíochta sa Scéim in 2024. Is é seo an tríú sraith íocaíochta maidir le réamhíocaíochtaí 2024 - thosaigh siad seo i mí na Samhna, agus tugann na híocaíochtaí a rinneadh inniu an méid iomlán a eisíodh chuig €172.1 milliún, agus líon na bhfeirmeoirí a íocadh go dtí 39,826 thar Thráinse 1 agus 2 araon, agus thar ACRES General agus cur chuige Comhoibrithe.
Lean an tAire McConalogue ar aghaidh:
“Cé gur díol sásaimh dom go mbeidh a réamhíocaíocht 2024 faighte ag breis agus 73% de rannpháirtithe ACRES roimh an Nollaig, ba mhaith liom a dhearbhú freisin dóibh siúd nach bhfuil a réamhíocaíochtaí faighte acu le seachtainí beaga anuas go bhfuil próiseáil na n íocaíochtaí á ndéanamh go fóill, agus tá sraitheanna íocaíochta le déanamh gach coicís ó dheireadh mhí Eanáir 2025.”
“Is fianaise é rannpháirtíocht breis agus 54,000 feirmeoir i scéim náisiúnta agra-chomhshaoil ar spéis agus ar thiomantas feirmeoirí na hÉireann i gcosaint agus i bhfeabhsú ár gcomhshaoil i dtéarmaí bithéagsúlachta, caighdeán an uisce agus bearta aeráide,” ar an tAire mar fhocal scoir.
Nótaí d’Eagarthóirí
Is comhpháirtíocht é comhbheartas talmhaíochta an Aontais Eorpaigh (CBT) idir an tsochaí agus an earnáil talmhaíochta a chinntíonn soláthar seasmhach beatha, a chosnaíonn ioncam na bhfeirmeoirí, a chosnaíonn an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beo bríomhar. Cuireann tíortha an Aontais Eorpaigh an CBT i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT don tréimhse 2023-2027.
Is í an Scéim Timpeallachta Tuaithe Talmhaíochta agus Aeráide (ACRES) an beart aeráide náisiúnta agra-chomhshaoil faoi Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann don tréimhse 2023-2027.
Tá an Scéim cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach agus ag an Státchiste Náisiúnta.
Tá dhá chur chuige laistigh den Scéim:
o ACRES General, atá ar fáil go náisiúnta (lasmuigh den limistéar geografach ardtosaíochta de réir mar atá sainithe do chur chuige Comhoibrithe ACRES thíos), a thairgeann réimse beart (treoir agus bunaithe ar thorthaí araon); agus
o Comhoibriú ACRES, atá ar fáil d’fheirmeoirí i limistéir shainithe gheografacha ardtosaíochta.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ag Item was unpublished or removed