Tá Ráitis Eatramhacha N & F do mhí Eanáir go mí an Mheithimh 2024 ar fáil anois
- Foilsithe: 25 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara go bhfuil Ráitis Nítrigine agus Fosfair d’Eallach Amháin (Ráitis N & F) don tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 30 Meitheamh 2024 le fáil anois ar chóras ar líne na Roinne, www.agfood.ie.
Tá na ráitis sin bunaithe ar na rátaí eisfheartha reatha do bheostoc mar a leagtar amach sna Rialacháin maidir le Níotráití (I.R. Uimh. 113 de 2022, arna leasú).
Níos túisce i mbliana chuir an Roinn na feirmeoirí uile ar an eolas faoi athruithe beartaithe maidir le rátaí eisfheartha bó ainmhithe óga agus maidir leis an bhféidearthacht d’fheirmeoirí déiríochta roghnú aitheantas a fháil as an ngarbhphróitéin a bhainistiú sa bheatha dlútháin a thugtar dá mba déiríochta.
Mar a cuireadh in iúl an tráth sin, ní féidir feidhm a bheith ag na hathruithe beartaithe sin ach amháin nuair a bheidh an próiseas measúnachta timpeallachta don Athbhreithniú Eatramhach ar an gCúigiú Clár Gníomhaíochta Níotráití tugtha chun críche agus nuair a bheidh na Rialacháin maidir le Níotráití leasaithe.
Ós rud é go bhfuil an próiseas measúnachta timpeallachta sin fós ar siúl níor cuireadh na hathruithe beartaithe sin i bhfeidhm maidir leis an Ráiteas Eatramhach an tráth seo.
Is féidir le feirmeoirí rochtain a fháil ar a ráiteas ach logáil isteach ar www.agfood.ie agus Ráitis N&F a roghnú. Is féidir le feirmeoirí agus comhairleoirí talmhaíochta araon an córas sin a úsáid.
Le linn don Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., infhaighteacht an chéad ráitis eatramhaigh do 2024 a fhógairt, dúirt sé “cé nach bhfuil sé indéanta na hathruithe beartaithe ar an ráta eisfheartha a chur chun feidhme ag an bpointe seo, tuigim go dtabharfar deis d’fheirmeoirí, tríd an eolas a chuirtear i láthair sna ráitis eatramhacha, a leibhéil níotráití bhuaibheacha a sheiceáil go deireadh mhí an Mheithimh bunaithe ar na rialacha reatha”.
Lean an tAire ar aghaidh á rá, “Táim ag obair go dlúth leis an Aire O’Brien d’fhonn an tAthbhreithniú Eatramhach ar an gClár Gníomhaíochta Níotráití a thabhairt chun críche a luaithe is féidir. Mar a léiríodh roimhe sin, faoi réir thabhairt chun críche an phróisis sin agus na Rialacháin maidir le Níotráití a bheith tugtha chun dáta, tá sé beartaithe ag mo Roinn na rátaí eisfheartha a tugadh chun dáta a úsáid ag deireadh na bliana agus comhlíontacht feirmeoirí le teorainneacha níotráití á cinneadh le haghaidh 2024”.
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí
Ní mór an tAthbhreithniú Eatramhach ar an gClár Gníomhaíochta Níotráití a bheith faoi réir na bpróiseas Measúnachta Cuí agus Measúnachta Straitéisí Timpeallachta lena n áirítear comhairliúchán poiblí sular féidir aon cheann de na hathruithe beartaithe a ghlacadh. Tá an próiseas measúnachta timpeallachta fós ar siúl faoi stiúir na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Faoi réir na bpróiseas Measúnachta Cuí agus Measúnachta Straitéisí Timpeallachta, lena n áirítear toradh an chomhairliúcháin phoiblí ghaolmhar, agus na Rialacháin maidir le Níotráití a thabhairt chun dáta (I.R. Uimh. 113 de 2022, arna leasú), maidir leis na rátaí eisfheartha buaibheacha beartaithe a tugadh chun dáta agus a bhí mar mhéar eolais roimhe sin, beidh feidhm acu ag deireadh na bliana agus comhlíontacht feirmeoirí le teorainneacha níotráití do 2024 á cinneadh.
Athruithe beartaithe ar rátaí eisfheartha buaibheacha
1. Bó ainmhithe óga
Taispeánann taighde Teagasc go n-eisfhearann lao 1kg de nítrigin sna chéad trí mhí dá shaol. Agus eisfhearann sé 20kg eile nítrigine thar na naoi mí eile.
Faoi réir na bpróiseas Measúnachta Cuí agus Measúnachta Straitéisí Timpeallachta, lena n áirítear an comhairliúchán poiblí, tabharfar an ráta eisfheartha reatha de 24kg de nítrigin don ainmhí 0 1 bhliain d’aois chun dáta chun dhá fhochatagóir a léiriú; an lao atá 0 3 mhí d’aois (na chéad 90 lá) agus an t eallach atá 4 12 mhí d’aois (an chuid atá fágtha de chéad bhliain an lao). Ina theannta sin, déanfar an ráta eisfheartha cothaitheach reatha de 57kg N/ceann/bliain d’eallach 1 2 bhliain d’aois a leasú chuig 55kg i leith ainmhithe baineanna agus 61kg i leith ainmhithe fireanna, rud a léiríonn an obair eolaíoch is déanaí.
2. Garbhphróitéin a bhainistiú i mbeatha dlútháin a thugtar do bha déiríochta
Léirítear sa taighde seo gur féidir ráta eisfheartha cothaitheach na mbó déiríochta a laghdú tríd an leibhéal garbhphróitéine i mbeatha dlútháin a laghdú.
Maidir le feirmeoirí déiríochta a dhearbhaíonn banda a rátaí eisfheartha cothaitheach 2024 trí ICBF, tá an rogha acu a dhearbhú go bhfuil rún acu beatha dlútháin garbhphróitéine níos ísle a thabhairt dá mba in 2024. Le tairseach ICBF léirítear an laghdú ar an ráta eisfheartha is féidir a bhaint amach trí laghdú a dhéanamh ar an ngarbhphróitéin i mbeatha dlútháin a thugtar do na ba déiríochta i ngach tréad. Faoi réir na bpróiseas Measúnachta Cuí agus Measúnachta Straitéisí Timpeallachta, lena n áirítear an comhairliúchán poiblí, is é an rún atá ann na feirmeoirí sin a aithint a roghnaíonn beatha dlútháin garbhphróitéine níos ísle a thabhairt tríd an ráta eisfheartha ábhartha níos ísle a úsáid chun ráta stocála a ngabháltais a ríomh do 2024 ag deireadh na bliana.
Tá tuilleadh sonraí maidir leis an rogha seo le fáil www.gov.ie/nitrates