English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá sé molta ag an Aire Heydon go gcríochnódh gach feirmeoir cúrsaí oiliúna Macra "Scileanna Talmhaíochta SÁBHÁILTE"

I bhfianaise na rátaí arda leanúnacha in 2020 ar eachtraí ar fheirmeacha ina maraíodh daoine tá an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht do Shábháilteacht ar Fheirmeacha, Martin Heydon T.D., ag tacú le Macra na Feirme agus ag iarraidh ar dhaoine óga ceannaireacht maidir le sábháilteacht ar fheirmeacha a ghlacadh agus Tionscnamh 'Scileanna Talmhaíochta Sábháilte' Macra á sheoladh.

Cuireann an tionscnamh Scileanna Talmhaíochta Sábháilte ceithre shraith de chúrsaí oiliúna ar fáil i réimsí ábhartha ar shábháilteacht ar an bhfeirm. Is de bharr feithiclí feirme, innealra feirme agus beostoc is mó a tharlaíonn básanna ar fheirmeacha na hÉireann gach bliain.

Cé gur ar dhaoine óga atá na cúrsaí seo dírithe, is mór an leas a bhainfeadh gach feirmeoir as am a chur i leataobh chun gach modúl a chríochnú. Dúirt an tAire Haydon,

"Foghlaimeoidh idir shean agus óg, is cuma taithí a bheith acu nó gan bheith meabhrúcháin thábhachtacha sábháilteachta i ngach modúl, agus bainfidh go leor de na feirmeoirí tairbhe as na cúrsaí ar láimhsiú beostoic agus ar láimhsiú sábháilte ach go háirithe, go háirithe i bhfianaise an baol a d'fhéadfadh a bheith i gceist le gníomhaíochtaí mar iad."

Is le sábháilteacht tarracóirí agus innealra, láimhsiú beostoic, láimhsiú sábháilte agus garchabhair d'fheirmeoirí a bhaineann na príomhchúrsaí oiliúna ar líne. Tá cúrsaí breise ann gur féidir leat a roghnú, lena n-áirítear mar a úsáidtear sábh slabhrach agus Oiliúint maidir le Feasacht ar Shábháilteacht Cuadrothair ATV.

Dúirt an tAire Heydon,

"Mholfainn do gach duine a bhfuil baint acu le feirmeoireacht am a chur i leataobh chun na cúrsaí oiliúna seo a chríochnú agus Teastas Comhlíonta a bhaint amach as an gCúrsa Scileanna Sábháilte a críochnú. Clúdaítear bunscileanna sna cúrsaí nár mhór dúinn ar fad a bhfuil baint againn le talmhaíocht a bheith ar eolas againn, ach seans go mbíonn gá iad sin a chur i gcuimhne arís dúinn féin ó am go ham."

Skillnet Talmhaíochta Macra atá ag cur an chúrsa ar fáil mar chuid dá clár oiliúna d'fheirmeoirí. D'iarr Uachtarán Náisiúnta Macra, Thomas Duffy ar

"gach duine atá ag obair i réimse na feirmeoireachta an oiliúint sábháilteachta a chríochnú agus go gcinnteoidís féin go ndéanfadh duine ar bith atá ag obair leo amhlaidh. Is contúirteach an jab í feirmeoireacht nuair a dhéantar botúin shimplí, go háirithe le linn tréimhsí lena mbaineann brú, mar séasúr breithe laonna agus baint an fhómhair. D'fhéadfadh gortuithe tromchúiseacha nó fiú bás a bheith i gceist."

Ní mór na prionsabail a leagtar amach sa chúrsa seo, ní hamháin chun sábháilteacht a chosaint, ach chun sláinte agus folláine a chosaint, a bheith ar eolas ag gach duine a bhfuil baint acu le cúrsaí talmhaíochta. Mar fhocal scoir dúirt an tAire ,

“Is fiú go mór am a chur i leataobh chun bheith cinnte nach bhfuil tú do do chur féin i mbaol agus tú ag obair ar an bhfeirm. Is cinnte go mbeadh sé tairbheach duit an oiliúint seo a chríochnú agus cuideoidh sé leat tú féin a choinneáil slán le linn do chuid oibre."

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun an oiliúint a chríochnú téigh chuig https://www.macra.ie/skillnet

CRÍOCH