Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá síneadh coicíse á fhógairt ag an Aire McConalogue ar an spriocdháta chun iarratais ar bhanda rátaí eisfheartha déiríochta agus ar Mhaolú Níotráití do 2023 a chur isteach

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, inniu go gcuirfear síneadh leis na spriocdhátaí chun banda rátaí eisfheartha déiríochta agus iarratais ar Mhaolú Níotráití do 2023 a chur isteach.

  • Cuireadh síneadh ama le Banda Rátaí Eisfheartha Déiríochta 2023 go dtí an 31Márta 2023
  • Cuireadh síneadh ama le hIarratais ar Mhaolú Níotráití 2023 go 12 meán lae ar an 14 Aibreán 2023.

Dúirt an tAire McConalogue:

“Toisc gurb í seo an chéad bhliain a n-iarrtar ar fheirmeoirí déiríochta a mbanda rátaí eisfheartha nítrigine (N) dá dtréad ba bainne a dheimhniú, agus tar éis teagmháil a dhéanamh le déanaí le feirmeoirí, comharchumainn bainne agus comhairleoirí, d'aontaigh mé leis an síneadh chun cuidiú leis na páirtithe leasmhara go léir dul i ngleic go héifeachtach leis an mbeart nua seo. Tá beagnach 8,000 feirmeoir tar éis a rogha a thaifeadadh ar an tairseach bhandála cheana féin.”

Tá an tairseach bhandála Níotráití ar shuíomh gréasáin Chónaidhm Phórú Eallaigh na hÉireann (CPEÉ) oscailte do gach feirmeoir déiríochta. Má tá cead tugtha ag an bhfeirmeoir do chomharchumann a gcuid sonraí ceannaitheoirí bainne a roinnt leis an CPEÉ, moltar do na feirmeoirí sin a mbanda rátaí eisfheartha Nítrigine gaolmhar do 2023 a chur isteach trí CPEÉ.

Maidir leis an gcohórt beag feirmeoirí nár thoiligh a gcuid sonraí a roinnt leis an CPEÉ, ba cheart go gceadódh an síneadh seo an t-am is gá d’fheirmeoirí chun dul i dteagmháil lena gceannaitheoirí bainne agus teagmháil a dhéanamh leo chun an tuairisceán páipéir riachtanach chuig RTBM a chomhlánú. Is féidir an fhoirm seo a íoslódáil ó shuíomh gréasáin na Roinne Rural Environment & Sustainability - Nitrates

Tá síneadh curtha anois, go dtí an 31 Márta 2023, leis an spriocdháta do gach feirmeoir déiríochta faisnéis a chur isteach le gur féidir le RTBM banda rátaí eisfheartha feirmeoirí a bhailíochtú.

Dúirt an tAire McConalogue freisin:

“Is eol dom, mar gheall ar na rialacha nua rangaithe, go bhféadfadh go bhfaighidh roinnt feirmeoirí amach go dtiocfaidh méadú ar an ráta iomlán stocála Nítrigine a thagann ón bhfeirm go horgánach mar thoradh ar na rialacha nua. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh go mbeadh ar fheirmeoirí iarratas ar Mhaolú Níotráití a chur isteach agus cloí leis na téarmaí agus coinníollacha a ligeann dóibh feirmeoireacht a dhéanamh ar ráta stocála suas le 250kg N/ha orgánach do 2023.

“Mar sin, tá síneadh á chur agam leis an spriocdháta chun iarratas ar Mhaolú Níotráití 2023 a fháil go dtí an 14 Aibreán 2023. Bhí tairseach iarratais ar líne na Roinne www.agfood.ie le bheith dúnta le haghaidh iarratas ag meán oíche ar an 31 Márta 2023. Fanfaidh sé ar oscailt anois go dtí 12 meán lae ar an 14 Aibreán 2023. Ba cheart dóibh siúd a bhfuil i gceist acu iarratas a dhéanamh teagmháil a dhéanamh láithreach lena gcomhairleoir mura bhfuil sé sin déanta acu cheana féin.”

Meabhraítear d’fheirmeoirí a rinne iarratas ar Mhaolú Níotráití in 2022 freisin nach mór dóibh Cuntais Leasacháin 2022 a chur isteach faoin dáta deiridh athbhreithnithe, an 14 Aibreán 2023.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat