Tá tuairimí saoránach agus páirtithe leasmhara á gcuardach ag an Aire McConalogue maidir le hathruithe molta ar an reachtaíocht um Fhiaile Dhíobhálach
- Foilsithe: 1 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go gcuirfear tús leis an gcomhairliúchán poiblí maidir leis na hathruithe molta ar an reachtaíocht faoin Acht um Fhiaile Dhíobhálach, 1936. Beidh aisghairm na nIonstraimí Reachtúla reatha i gceist leis seo, agus cuirfear Ionstraim Reachtúil nua ina n-ionad, chun ábhar nua a chur leis an reachtaíocht um fhiaile dhíobhálach, mar shampla féar dubh, agus ábhar eile a bhaint ón reachtaíocht. Beidh an próiseas comhairliúcháin oscailte ar feadh ceithre seachtaine, idir an 1 Samhain 2024 agus an 30 Samhain 2024.
Dúirt an tAire, agus é ag tagairt don chomhairliúchán poiblí:
“Cuirim fáilte roimh oscailt an chomhairliúcháin phoiblí seo ar an reachtaíocht um Fhiaile Dhíobhálach toisc go bhfuil sé tábhachtach dul i dteagmháil leis na páirtithe leasmhara agus leis an bpobal chun a gcuid tuairimí maidir leis an gceist seo a fháil. Is tráthúil go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar an reachtaíocht, lena chinntiú go léiríonn cóireáil na bhfiailí díobhálacha na cleachtais chomhaimseartha agus na dúshláin reatha, lena n-áirítear baol amhail féar dubh.”
Moltar féar dubh a chur le liosta na bhfiailí rialaithe, buachalán agus coirce fiáin a choinneáil mar fhiailí díobhálacha agus teorainn a chur leis an rialú ar speicis áirithe feochadáin agus copóg, agus an ghnáthbharbróg agus leannlus fiáin fireann a bhaint.
Moltar treoir forfheidhmithe chomh maith, ionas nach ngníomhófar ach amháin sa chás go bhfuil baol ann don talamh talmhaíochta lena chinntiú go gcosnaítear plandaí riachtanacha ó thaobh na bithéagsúlachta de, i gceantair nach bhfuil aon bhaol ann don talamh talmhaíochta.
Dúirt an tAire freisin:
“Tá áthas orm dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an tiomantas a rinne mé do thograí a chur i láthair chun féar dubh a chur leis an reachtaíocht um Fhiaile Dhíobhálach. Lena chois sin, tá treoir forfheidhmithe i gceist leis na hathruithe molta, a chabhróidh chun cur le feasacht an phobail maidir le tábhacht na bithéagsúlachta agus a chinnteoidh go bhfuil srian ar an rialú sa chás go bhfuil baol ann don talamh talmhaíochta.”
Ba chóir aighneachtaí scríofa a chur ar ríomhphost chuig: NWconsultation@agriculture.gov.ie agus “Fiailí Díobhálacha” a chur i líne an ábhair.
Ba cheart go mbeadh achoimre ghearr nach mó ná 300 focal i ngach aighneacht ina leagtar amach na príomhphointí. Maidir le haighneachtaí ó eagraíochtaí nó ó ghrúpaí, ba cheart go mbeadh cuntas gairid ar bhallraíocht, ar aidhmeanna agus ar chuspóirí na heagraíochta nó an ghrúpa sin san áireamh.
Ba cheart go gcuirfí an uile aiseolas scríofa faoin togra isteach faoi 4.00pm an 30 Samhain 2024. Ní chuirfear aighneacht ar bith a gheofar i ndiaidh an spriocdháta sin san áireamh.
Foilseofar fógra comhairliúcháin ar shuíomh gréasáin na Roinne ón 1 Samhain 2024 ag an seoladh seo a leanas: gov.ie - Comhairliúchán Poiblí maidir leis na hAthruithe Molta ar an Reachtaíocht um Fhiaile Dhíobhálach