Táthar ag súil go dtiocfaidh méadú 68% ar sholáthar lomán cruinn in Éirinn faoi 2035 - staidéar nua ón gComhairle Náisiúnta um Thaighde agus Forbairt Foraoise (COFORD)
- Foilsithe: 16 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Táthar ag tuar go méadóidh soláthar bliantúil lomán cruinn in Éirinn 68% faoi 2035 dar le tuairisc nua ón gComhairle Náisiúnta um Thaighde agus Forbairt Foraoise. D'fhógair an tAire Stáit ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu go raibh an staidéar ‘Soláthar agus Éileamh Adhmaid ar Oileán na hÉireann go 2030’ foilsithe.
Agus í ag seoladh na tuarascála, dúirt an tAire Hackett,
“Tá lúcháir orm go bhfuil méadú dhá thrian á thuar dár soláthar adhmaid faoin mbliain 2035. Cuireadh na crainn seo a bheidh le baint faoi 2035 faoi chláir foraoiseachta leanúnacha a mhaoinigh an stát. Tá sé fógartha agam go dtabharfar isteach an clár is mó agus is dea-mhaoinithe go dtí seo. Méadaíonn an clár foraoiseachta €1.3bn nua íocaíochtaí bliantúla suas go 66% is cuireann sé síneadh 20 bliain leo d'fheirmeoirí. Deis iontach is ea é seo d'fheirmeoirí chun cur lena bhfiontair feirmeoireachta trí chrainn a chur agus an t-athrú aeráide a mhaolú ag an am céanna.”
Is é an grúpa um Ghluaiseacht Adhmaid agus Réamhaisnéis faoi stiúir na Comhairle Náisiúnta um Thaighde agus Forbairt Foraoise a chuir an tuarascáil seo le chéile chun an soláthar agus éileamh ar shnáithín adhmaid ar oileán na hÉireann thar an meántéarma go 2030 a chur ar fáil.
Dúirt an tAire,
“Bailíonn an tuarascáil chuimsitheach seo an t-eolas is fearr atá ar fáil ón Réamhaisnéis Uile-Éireann maidir le Táirgeadh Lomán Cruinn 2021 agus ó thuairimí ar éileamh bunaithe ar ionchur ón earnáil próiseála adhmaid le chéile.”
I dtaca leis na torthaí féin, dúirt an tAire,
“In 2021, d'fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta um Thaighde agus Forbairt Foraoise an tuarascáil ‘Réamhaisnéis Uile-Éireann maidir le Táirgeadh Lomán Cruinn (2021-2040)’ a thuarann go méadóidh an soláthar bliantúil lomán cruinn féideartha ó 4.7 milliún méadar chiúbacha in 2021 go 7.9 méadar chiúbacha faoin mbliain 2035. Tacaíonn an tuarascáil seo leis na torthaí a thuarann go bhfuil an soláthar ag méadú go seasta is go léiríonn an bhail atá ar éileamh agus ar sholáthar go bhfuil gannchion leanúnach soláthair in earnáil na sábhmhuilleoireachta, a bhainfidh 0.5 milliún m3 amach faoin mbliain 2025.”
Agus í ag caint faoi úsáid adhmaid, dúirt sí;
“Tugann an t-éileamh láidir ar acmhainn adhmaid de chuid na tíre seo ugach d'úinéirí foraoise ar fud na tíre a bheidh ag tabhair lomán sáibh chun margaidh sna deich mbliana amach romhainn. Buntáiste eile atá ag an táirgeadh adhmaid seo ná nuair a dhéantar cláir as lomán sáibh le bheith mar adhmad struchtúrach nó ábhair adhmaid eile, is féidir leo carbón a stóráil agus áit ábhar eastósach ar mó a lorg carbóin a ghlacadh, agus ar an mbealach sin, cabhraíonn siad chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.”
Sna deich nó fiche bliain atá romhainn, beidh ról suntasach ag úsáid adhmaid in-athnuaite ar mhaithe le fuinneamh i dtaca le gáis ceaptha teasa a laghdú nuair a thógfaidh sé áit breoslaí iontaise, san earnáil téimh go háirithe. Tá ról tábhachtach aige maidir le beogacht na hearnála foraoiseachta mar cuireann sé margadh ar fáil do na luath-thanúcháin foraoise agus d'fhuílleach leagain crann, le buntáistí sa bhreis do bhainistíocht agus d'athghiniúint foraoise.
Nóta d'eagarthóirí:
Is leagan nuashonraithe í an tuarascáil seo d'fhoilseachán na Comhairle Náisiúnta um Thaighde agus Forbairt Foraoise Soláthar agus Éileamh ar Oileán na hÉireann go 2025 a foilsíodh in 2018.
Tá an Tuarascáil seo ar fáil ar shuíomh idirlín na Comhairle Náisiúnta um Thaighde agus Forbairt Foraoise anseo.
CRÍOCH