English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

“Tóg go réidh é le go bhféadfadh fómhair an tsadhlais a bheith sábháilte” – an tAire Heydon

Agus freagracht speisialta air maidir le sábháilteacht feirme, is é an moladh atá ag an Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Teachta Dála Martin Heydon, d’fheirmeoirí ná é a thógáil go réidh le gur féidir fómhar an tsadhlais sábháilte a bheith acu.

Dúirt an tAire Heyden:

“Tá fómhar an tsadhlais faoi lán seoil cheana féin in go leor áiteanna ar fud na tíre. Is am gnóthach é a bhfuil gealladh faoi agus é ina chomhartha go bhfuil tús an tsamhraidh linn, ach tá an-chontúirt ag baint leis an tráth seo bliana freisin.

“Tuigimid go rímhaith an brú a bhíonn ar fheirmeoirí agus ar chonraitheoirí talmhaíochta araon an obair a chur i gcrích. Molaim do gach duine i mbun na hoibre seo sna laethanta agus sna seachtainí amach romhainn am sa bhreis a thógáil lena chinntiú go dtabharfaí faoin obair go slán sábháilte.”

Baineann breis agus leath de líon iomlán na dteagmhas marfach ar fheirmeacha le feithiclí agus le hinnealra agus is féidir le laethanta oibre níos faide le linn mhíonna an tsamhraidh an baol go dtarlódh timpistí de bharr tuirse a mhéadú.

Dúirt an tAire Heydon freisin:

“Tuigimid na rioscaí a bhaineann le baint sadhlais. Is den tábhacht é pleanáil chun cinn a dhéanamh, na rioscaí a shainaithint, agus beart a dhéanamh chun iad a mhaolú le fómhar slán sábháilte a chinntiú do gach duine.”

Má dhéanann gach duine i mbun na hoibre seo na bearta seo a leanas, cabhróidh sé sin le baint sadhlais shábháilte a chinntiú:

  • Ba cheart córas sábháilte oibre a bheith i bhfeidhm agus é curtha in iúl go soiléir do chách;
  • Ba cheart gach innealra a bheith i gcaoi mhaith, seirbhísithe go hiomlán agus gach sciath chosanta a bheith i bhfearas;
  • Ba cheart an oiliúint chuí a bheith curtha ar gach duine a ghlacann páirt ann agus fios a bheith ag gach duine faoin ról atá acu;
  • Ba cheart na bealaí trína ngabhfaidh an t-innealra a bheith ar eolas ag gach duine agus ba cheart léargas maith a bheith ann ag an mbealach isteach chun na feirme agus ag gach bealach isteach i bpáirc a úsáidfear;
  • Ba cheart comharthaí rabhaidh a chur suas gar d’fheirmeacha agus do chlóis feirme;
  • Ba cheart poill sadhlais a sheiceáil le cinntiú go bhfuil dea-bhail orthu agus nach gcuirtear an iomarca isteach iontu.

Mar fhocal scoir leag an tAire béim ar an méid seo a leanas:

“Is den ríthábhacht é go gcoimeádtar daoine leochaileacha, leanaí go háirithe, slán sábháilte agus i bhfad ar shiúl ó bhaint sadhlais. Ba cheart go bhfanfadh cairde, daoine muinteartha, cuairteoirí agus feirmeoirí eile nach bhfuil lámh acu i mbaint an tsadhlais ar shiúl ón gclós agus ó na móinéir.”