Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tús curtha le dhá bheart caomhnaithe iascaireachta ón 1 Eanáir 2020 fógartha ag an Aire Creed

  • beidh cosc ar thrálaeir mhóra a bheith ag iascaireacht laistigh de chrios 6 mhuirmhíle na hÉireann
  • méadú 25% curtha le híosmhéid mogaill na líonta iascaireachta do gach trálaer de chuid an AE a bhíonn ag a iascaireacht sa Mhuir Cheilteach

Cuirfear stop le trálaeireacht thrálaeir mhóra os cionn 18m ar fad in uiscí imill laistigh de chrios 6 mhuirmhíle na hÉireann ón 1 Eanáir, seachas iascaireacht saláin, a mbeifear ag cur deireadh léi de réir a chéile le linn 2020 agus 2021.

Dúirt an tAire Creed "Ní bheidh cead ach ag árthaí beaga iascaireachta trálaeireacht a dhéanamh in uiscí le cladach laistigh de chrios 6 mhuirmhíle na hÉireann, árthaí 18m nó níos lú, ón 1 Eanáir, tacóidh sé seo le hiascairí ar scála beag agus le hiascairí oileán agus rachaidh sé chun tairbhe don éiceachóras níos leithne, lena n-áirítear, láithreacha iasclainne agus stoic éisc óga. Creidim go dtacóidh an beartas nua seo leis na hearnálacha slatiascaireachta cois cladaigh agus slatiascaireachta farraige a fhorbairt ar gealltanas é atá déanta ag an Rialtas.

Fógraíodh cinneadh an Aire ar an mbeartas nua seo i mí na Nollag 2018. Glacadh an cinneadh seo i ndiaidh comhchomhairliúchán poiblí fada agus chuir go leor sa tionscal iascaireachta agus san earnáil caomhnaithe timpeallachta níos leithne fáilte an-dearfach roimhe. Dúirt an Cumann Náisiúnta Iascairí Cois Cladaigh (NIFA) "níl dabht ar bith ach gurb é seo an cinneadh is suntasaí a rinneadh ó bunaíodh an Stát maidir le tacú le hEarnáil Iascaireachta Cois Cladaigh na hÉireann! Ba é seo an cinneadh ceart, ó thaobh cúrsaí sóisialta, cúrsaí eacnamaíochta, cúrsaí timpeallachta agus cúrsaí moráltachta de." Bhí Padraig Fogarty ó Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann den tuairim chéanna (IWT) nuair a dúirt sé gurb í seo "an chéim is mó atá feicthe againn i dtreo caomhnú muirí in Éirinn."

Admhaíonn an tAire agus glacann sé leis go mbeidh tionchar ag an srian a bheidh ar chuid d'úinéirí árthaí ach go háirithe, agus dá bhrí sin is de réir a chéile a chuirfear an beartas i bhfeidhm ar iascaireacht saláin chun go mbeidh an dóthain ama ag na hárthaí san iascach athrú chuig gníomhaíochtaí iascaireachta eile.

Dúirt an tAire Creed "Feictear dom gur léiriú tábhachtach é an beartas nua seo ar thiomantas na hÉireann maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na NA, is iad sin, SDG 8 obair fhiúntach agus fás eacnamaíoch, SDG 12 tomhaltas freagrach agus táirgeacht fhreagrach, agus SDG 14 saol faoi uisce. D'fhéadfadh an cumas a bheidh ann an ghabháil a dhéanfadh árthach mór amháin a scaipeadh ar go leor árthaí beaga agus dá bhrí sin cuidiú le tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh i bpobail le cósta.

Tá na bearta seo á gcur i bhfeidhm mar gur aontaíodh bearta caomhnaithe don Mhuir Cheilteach ag Comhairle Iascaigh mhí na Nollag an tseachtain seo caite. Beidh méadú 25% ar mhéid mogaill na líonta a úsáidtear chun iasc geal measctha a iascach sa Mhuir Cheilteach mar chuid de rialacha nua an AE a thiocfaidh i bhfeidhm ag tús na bliana. Déanfar an méadú seo d'fhonn trealamh iascaireachta a úsáideann árthaí de chuid an AE sa Mhuir Cheilteach a dhéanamh níos roghnaí trí stoic éisc a bhfuil cosaint de dhíth orthu a ghabháil a sheachaint nó a laghdú.

Dúirt an tAire Creed "Trí na bearta nua atá comhaontaithe don Mhuir Cheilteach d'fhonn cuidiú an stoc trosc agus iasc geal atá ídithe a athlíonadh beidh buntáistí suntasacha i gceist chomh maith maidir le stoc iasc geal na tíre ar fad, in uiscí le cladach san áireamh. Mar chuid de seo athrófar an trealamh iascaireachta a úsáideann iascairí na hÉireann. D'iarr mé ar BIM tacaíocht cúnaimh deontais a chur ar fáil dóibh d'fhonn cuidiú leo na costais a bhaineann leis an athrú trealaimh atá de dhíth a laghdú.

CRÍOCH