Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tús curtha le híocaíochtaí GLAS-Plus an tseachtain seo fógartha ag an Aire McConalogue

Inniu d’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., gur cuireadh tús le híocaíochtaí le rannpháirtithe GLAS-Plus an tseachtain seo. Leis seo déanfar íocaíocht €3.6 milliún le 3,200 rannpháirtí faoin scéim GLAS, rannpháirtithe a gheobhaidh an íocaíocht bhónais seo de bharr aschur timpeallachta eisceachtúil. Eiseofar an íocaíocht bhónais seo ceithre seachtainí roimh an sprioc i mbliana.

Chomh maith le tús a chur leis na híocaíochtaí GLAS-Plus, cuireadh lear mór de réamhíocaíochtaí na scéime 2020 ar fáil an tseachtain seo. Is fiú €11 milliún iad seo d’fheirmeoirí agus ciallaíonn sé gur íocadh os cionn €14 milliún le rannpháirtithe GLAS le coicís anuas. San iomlán go dtí seo in 2020, tá níos mó ná €152 milliún d’íocaíochtaí déanta le feirmeoirí.

Dúirt an tAire,

“Tá mé fíor-shásta go bhfuil na híocaíochtaí GLAS á n-eisiúint ag ráta ardluais i mbliana. Tá tús á chur leis na híocaíochtaí GLAS-Plus an tseachtain seo, ceithre seachtainí roimh an sprioc. Fágann sé sin go bhfuil íocaíochtaí os cionn €152.6 milliún déanta go dáta. Cuirfidh feirmeoirí na hÉireann fáilte roimh na híocaíochtaí agus a thapúla is atá siad á gcur ar fáil. Tá áthas faoi leith orm go bhfuil tús curtha leis na híocaíochtaí seo roimh an sprioc a leagadh amach i mbliana agus, mar gheall ar an tionchar atá ag srianta Covid-19, go bhfuil siad á eisiúint go tapa.”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire,

“Chomh maith le híocaíochtaí GLAS a fháil níos luaithe cinnteofar go mbeidh na feirmeoirí in ann páirt a ghlacadh sa scéim arís an chéad bhliain eile, más mian leo, a bhuíochas sin don maoiniú breise a fuair mé sa bhuiséad. Bhí sé tábhachtach an méid seo maoiniú a fháil chun a chinntiú go mbeidh na rannpháirtithe in ann aistriú ó RDP amháin go ceann eile go héasca. Ag brath ar chead ón gCoimisiún Eorpach faoin leasú atá molta againn don RDP, beidh an Roinn i dteagmháil go díreach le rannpháirtithe na scéime GLAS ag tús mí na Nollag leis na sonraí ar fad maidir le páirt a ghlacadh in 2021.”

Nótaí d’eagarthóirí :

Is féidir teagmháil a dhéanamh le deasc chabhrach GLAS ag 076 1064451.

Is féidir le feirmeoirí ceisteanna a sheoladh ar ríomhphost chuig GLAS@agriculture.gov.ie .

Beidh rití pá á gcur i bhfeidhm go rialta sna seachtainí amach romhainn chun íocaíochtaí a chur ar fáil de réir mar a imréiteofar cásanna GLAS atá ag fanacht ar íocaíocht. Ba chóir do rannpháirtithe GLAS a bhfuil cáipéisíocht fós de dhíth orthu, lena n-áirítear LESS nó foirmeacha Póir Neamhchoitianta nó iadsan a raibh an Roinn i dteagmháil leo le ceisteanna maidir lena rannpháirtíocht sa scéim GLAS nó iarratas ar BPS, ba chóir dóibh freagra a thabhairt a luaithe agus is féidir chun eisiúint luath na n-íocaíochtaí a éascú.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat