Tús le níos mó ná € 6.8 milliún in íocaíochtaí comhardaithe faoin Scéim Feirmeoireachta Orgánaí fógartha ag an Aire Hackett
- Foilsithe: 30 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Stáit an Seanadóir Pippa Hackett inniu sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí comhardaithe 2023 faoin Scéim Feirmeoireachta Orgánaí (SFO).
Dúirt an tAire:
“Tá os cionn 85% d’fheirmeoirí sa Scéim Feirmeoireachta Orgánaí ag fáil a n íocaíochtaí comhardaithe an tseachtain seo. Tá próiseáil thráthúil íocaíochtaí ina phríomhthosaíocht ag mo Roinn. Tá a fhios agam cé chomh tábhachtach is atá íocaíochtaí, go háirithe tar éis an gheimhridh dheacair a bhí againn. Beidh íocaíochtaí i gcuntais bhainc na bhfeirmeoirí sna laethanta amach romhainn agus leanfaidh mo Roinn de gach cás atá fágtha le haghaidh íocaíochta a phróiseáil mar ábhar práinne de réir mar a chomhlíonann siad critéir na scéime.”
Dúirt an tAire freisin:
“Ba mhaith liom an deis seo a thapú freisin chun gach duine a mheabhrú go bhfuil an Scéim Deontais Infheistíochta um Próiseáil Orgánaice oscailte faoi láthair, le ráta deontais 60% chun infheistíocht a chur i saoráidí próiseála. Trí infheistíocht a dhéanamh in acmhainneacht próiseála orgánaí tríd an scéim deontais seo, táimid ag infheistiú i luach tháirge na bpríomhtháirgeoirí.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Hackett:
“Tá méadú faoi thrí tagtha ar an limistéar talún le haghaidh táirgí orgánacha le trí bliana anuas. De réir mar a athraíonn níos mó agus níos mó feirmeoirí go táirgí orgánacha, is léir na buntáistí eacnamaíocha a bhaineann le bheith ag feirmeoireacht go horgánach. Is príomhbheart tacaíochta iad na híocaíochtaí SFO seo, agus mholfainn do gach feirmeoir intinn oscailte a bheith acu faoina bhfiontar feirmeoireachta, na huimhreacha a ríomh agus a mheas an bhfuil sé ciallmhar dóibh a bheith ina bhfeirmeoir orgánach freisin.”
DEIREADH
Nótaí don Eagarthóir
Tá tuilleadh eolais faoi scéim DIPO ar fáil ag Item was unpublished or removed
Forbraíodh áireamhán íocaíochtaí d’fheirmeoirí chun an leibhéal tacaíochtaí méadaithe a léiriú agus tá sé ar fáil ag Áireamhán
Taispeánann an t áireamhán seo an luach a bhaineann le hathrú go feirmeoireacht orgánach do gach feirmeoir.
Tá sraith Bileoga Eolais nua do Tháirgí Orgánacha forbartha ag Teagasc chun eolas a thabhairt d'fheirmeoirí a bhfuil roghanna fiontair orgánaigh á meas acu. Ina theannta sin, forbraíodh treoir nua “Feirmeoireacht Orgánach – Treoir Céim ar Chéim maidir le Tiontú” agus tá sí ar fáil ar shuíomh gréasáin Teagasc.
Tá sé mar sprioc ag an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide de chuid na hÉireann an limistéar talún orgánaí a mhéadú níos mó ná faoi thrí faoi 2030 go dtí thart ar 445,000 heicteár.
Is é an aidhm an sprioc seo a bhaint amach trí thacú le hathrú feirmeoirí go feirmeoireacht orgánach tríd an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí (SFO), trí thacaíocht chomhairleach fheabhsaithe agus trí fhógraíocht mhéadaithe, mar aon le héileamh an mhargaidh a fhorbairt.
I gcás feirmeoir stoic thirim a bhfuil 40 heicteár aige, tá an íocaíocht iomlán i gcaitheamh na 5 bliana den scéim feirmeoireachta orgánaí 54% níos airde ná mar a bhí faoin CBT roimhe seo.
Is é cuspóir foriomlán na Scéime Feirmeoireachta Orgánaí tairbhí feabhsaithe comhshaoil agus leasa ainmhithe a sholáthar agus táirgeoirí a spreagadh chun freagairt d’éileamh an mhargaidh ar bhia a tháirgtear go horgánach.
Leithdháileadh buiséad iomlán €256 milliún ar an SFO thar shaolré an Phlean Straitéisigh CBT nua.
Is comhpháirtíocht é comhbheartas talmhaíochta an AE (CBT) idir an tsochaí agus an talmhaíocht a chinntíonn soláthar seasmhach beatha, a chosnaíonn ioncam na bhfeirmeoirí, a chosnaíonn an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beo bríomhar. Cuireann tíortha an AE an CBT i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT don tréimhse 2023-2027.
Tá an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí cómhaoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus ag an AE.
Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh chuig Item was unpublished or removed
Tiocfaidh méadú faoi thrí ar líon na gcaorach orgánach faoi 2026 i gcomparáid leis an mbliain seo agus tiocfaidh méadú faoi dhó ar líon na mbó diúil orgánach faoi 2026 i gcomparáid leis an mbliain seo.