Tús luath le híocaíochtaí comhardaithe faoin Scéim Feirmeoireachta Orgánaí fógartha ag Creed
- Foilsithe: 10 Bealtaine 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Bealtaine 2020
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, inniu go bhfuil tús luath curtha leis na híocaíochtaí comhardaithe faoin Scéim Feirmeoireachta Orgánaí. Íocfar níos mó ná €1m le 1,200 feirmeoir trí na híocaíochtaí comhardaithe. Beidh na híocaíochtaí seo ar fáil coicís níos túisce ná mar a bhí anuraidh.
Dúirt an tAire:
"Tá an-áthas orm tús a chur leis na híocaíochtaí comhardaithe le feirmeoirí orgánacha níos túisce ná mar a bhí beartaithe. Eiseofar breis is €1 milliún d'íocaíochtaí faoin scéim seo le 1,200 feirmeoir orgánacha, cuirfear tús le heisiúint na n-íocaíochtaí sin ón lá inniu. Mar aon le hairgead comhardaithe GLAS a íoc go luath, is príomhchuid d'ár bhfreagra maidir le COVID-19 é an t-airgead seo a chur ar fáil d'fheirmeoirí iad féin chun cuidiú le sreabhadh airgid a fheabhsú ar fheirmeacha na hÉireann."
Dúirt an tAire freisin:
"Is príomhbheart tacaíochta í an scéim seo chun cuidiú le feirmeoirí orgánacha aghaidh a thabhairt ar an méadú atá tagtha agus atá ag teacht ar an éileamh atá ag tomhaltóirí ar bhia a tháirgtear go horgánach. Ba phríomhstraitéis de chuid an Rialtais seo í tacaíocht a chur ar fáil don earnáil Orgánach agus tháinig méadú 50% ar thalamh in Éirinn a ndéantar feirmeoireacht orgánach air mar gheall ar ár scéim feirmeoireachta orgánaí RDP. Tá os cionn 74,000 ha anois ann a bhfuil feirmeoireacht orgánach á déanamh air agus tá pleananna uaillmhianacha inár Straitéis maidir leis an Earnáil Orgánach 2019-2025 i ndáil le forbairt amach anseo."
Tá 1,530 feirmeoir orgánach páirteach sa Scéim Feirmeoireachta Orgánaí i láthair na huaire agus is ionann íocaíochtaí bliantúla faoin Scéim seo agus tuairim is €10 milliún.
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí:
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an rannóg Orgánach sa DAFM ag 0761 064415 nó ríomhphost a chur chuig organic@agriculture.gov.ie
Is féidir an Straitéis maidir leis an earnáil Orgánach 2019-2025 a fháil anseo.