English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tabhairt Isteach Chláir Máistrí Iascaireachta na hÉireann

Scríobh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chuig gach sealbhóir ceadúnais báid iascaireachta Mara na hÉireann chun iad a chur ar an eolas faoin gceanglas dlíthiúil atá ag teacht isteach ar mháistrí na mbád dá leithéid chun clárú go foirmiúil. Tagann sé seo i ndiaidh ritheadh an Achta Iascaigh Mhara (Forálacha Ilghnéitheacha) 2022 a thiocfaidh i bhfeidhm an 3ú Bealtaine 2022. Go dtí seo, tá níos mó ná 500 iarratas faighte agus á bpróiseáil ag an Roinn.

Bainfidh clár na Máistrí, eadhon Clár Máistrí Iascaireachta na hÉireann (IFMR), le haon saoránach Éireannach atá ina mháistir, ina scipéir nó duine eile atá i bhfeighil báid iascaireachta Mara na hÉireann go ceann scaithimh. Tabharfar Teastas Máistreachta do mháistrí atá cláraithe, agus ba chóir é a iompar ar bord i gcónaí agus iad ag gníomhú mar mháistir ar bhád iascaireachta mara. Áireofar mar chion dul i bhfeighil go dleathach ar bhád iascaireachta mara mura bhfuil an duine sin cláraithe ar an IFMR agus mura bhfuil Deimhniú Máistir ina sheilbh acu. Áireofar mar chion freisin duine a fhostú go feasach mar mháistir nach bhfuil cláraithe amhlaidh ar an IFMR.

Moltar d’aon duine nach bhfuil iarratas déanta fós le bheith cláraithe chun é sin a dhéanamh roimh an 3ú Bealtaine 2022.

D’fhéadfaí foirmeacha iarratais a fháil in Oifig Mháistir Cuain, ag na sé Ionad Cuan Iascaigh atá faoi úinéireacht an Stáit. Tá siad lonnaithe i mBaile Chaisleáin Bhéarra, sa Daingean, i nDún Mór Thoir, i mBinn Éadair, i Ros an Mhíl agus sna Cealla Beaga. D’fhéadfaí foirmeacha iarratais a íoslódáil freisin ó: Irish Fishing Master Register


Nótaí don Eagarthóir

Bhunaigh Rialachán (AE) Uimh. 1224/2009 córas rialaithe pobail chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) a chinntiú agus ionas go mbeadh sé cothrom ar fud an AE maidir le rialú iascaigh.

Is é príomhchuspóir an CBI ná soláthar a dhéanamh do bhainistiú inbhuanaithe agus atógáil stoic éisc in uiscí na hEorpa. Tacóidh sé sin le hinmharthanacht thionscal iascaireachta na hEorpa trí bhainistíocht inbhuanaithe fhadtéarmach ar stoic, trí aischur a laghdú agus a dhíchur agus stoic a atógáil chun Uastáirgeacht Inbhuanaithe (UTI) a bhaint amach.

Is é príomhchuspóir an Achta Iascaigh Mhara (Forálacha Ilghnéitheacha) 2022 ná:

  • do leasú an Achta Iascaigh Mhara agus Dlínse Muirí, 2006 chun éifeacht a thabhairt d'Airteagal 92 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Teideal VII de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún chun soláthar a dhéanamh maidir le córas clárúcháin agus pointí a shannadh do Mháistrí Báid Iascaireachta Mara atá Saoránaigh Éireannacha.
  • do leasú an Achta Iascaigh (Leasú), 2003
  • do leasú Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Comhbheartas Iascaigh) (Córas pointí), 2020 (I.R. Uimh. 318 de 2020)
  • agus do dhéanamh socrú le haghaidh nithe eile.

Tá téacs iomlán an Achta Iascaigh Mhara (Forálacha Ilghnéitheacha), 2022 ar fáil ar líne: Sea-Fisheries (Miscellaneous Provisions) Act 2022