Tabharfaidh an Roinn i gceannas ar thionscadal taighde faireachais One Health aghaidh ar phataiginí trasteorann Eorpacha
- Foilsithe: 22 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 24 Iúil 2024
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue inniu rannpháirtíocht na hÉireann agus comhordú dá réir i dtionscnamh taighde uile-oileáin atá dírithe ar chóras faireachais comhordaithe a chur ar bun trí úsáid a bhaint as an gcur chuige One Health do phataiginí trasteorann atá ag bagairt ar an oileán agus ar an Aontas Eorpach.
Dúirt an tAire McConalogue
“bhí ionadaithe ó mo Roinn i gcuideachta toscairí ó institiúidí taighde eile ar an oileán ar an 13 Meitheamh leis an tionscadal Gníomhaíochta Dírí de chuid One Health: All Ireland for European Surveillance (OH-ALLIES) a sheoladh go hoifigiúil.''
Dúirt an tAire freisin
“Léiríonn éigeandálaí sláinte idirnáisiúnta le déanaí amhail an phaindéim Covid 19, agus bagairtí leanúnacha galar zónóiseach eile, an gá le go mbeidh córas sláinte athléimneach ann agus luach atá ag an gcur chuige One Health ar fud oileán na hÉireann – tá sé mar aidhm ag OH-ALLIES creat a fhorbairt a thacóidh le cur chuige inbhuanaithe fadtéarmach ildisciplíneach i leith faireachas One Health.”
Dúirt an tAire Stáit le freagracht as taighde, Martin Heydon:
“Tá mo Roinn freagrach as comhordú foriomlán an tionscadail ar leibhéal náisiúnta agus Eorpach, agus déanfaidh sí maoirseacht ar dháileadh de €1 mhilliún de mhaoiniú don taighde comhoibríoch. Déanfaidh foireann leathan chomhoibríoch an obair sin i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, in Ollscoil na Gaillimhe agus i saotharlann Náisiúnta Tréidliachta na Roinne, le hionchur ó Choláiste Ríoga Lianna na hÉireann, ón Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte, ó Ionad Eachaí na hÉireann, agus ón Institiúid Agraibhia agus Bitheolaíochtaí i dTuaisceart Éireann.”
Tá OH-ALLIES á maoiniú faoin gclár EU4Health a leagann béim láidir ar thaighde nuálach One Health a aistriú go cleachtas ar an talamh. Tá an cur chuige One Health thar a bheith tábhachtach ó thaobh sláinte phoiblí, táirgeadh inbhuanaithe bia agus sláine éiceolaíoch de. Cuireann leibhéal foriomlán an mhaoinithe béim ar an tús áite a thugann an tAontas Eorpach don fhaireachán ar phataiginí trasteorann a neartú.
Dúirt an tAire McConalogue mar fhocal scoir
“go mbaineann an taighde comhoibríoch sin leis an riosca straitéiseach a sainaithníodh sa Mheasúnú Riosca Náisiúnta maidir le hullmhacht paindéime agus go gcuirfidh sé eolas tábhachtach ar fáil ar leibhéal uile-oileáin chun córais faireachais inbhuanaithe agus éifeachtacha a bhaint amach do phataiginí atá ag bagairt orainn go léir.”
DEIREADH