Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tacaíocht Leanúnach fógartha ag an Aire McConalogue le haghaidh Feirmeoireacht Shóisialta faoi Chiste um Nuálaíocht agus Fhorbairt Tuaithe (RIDF) 2021

I ndiaidh nós imeachta soláthair phoiblí iomaíoch faoi Chiste um Nuálaíocht agus Fhorbairt Tuaithe 2021, d’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia & Mara, Charlie McConalogue T.D., sonraí maidir leis na forthairgeoirí rathúla a gheobhaidh maoiniú luach beagnach €377,000 le haghaidh tionscadal eiseamláireach feirmeoireacht shóisialta:

• Cuideachta Forbartha Comhtháite Liatroma CLG – chun Tionscadal Eiseamláireach Feirmeoireacht Shóisialta a sholáthar ina bhfuil feirmeoireacht shóisialta príomhshruthaithe mar rogha do dhaoine a bhfuil tacaíochtaí á rochtain acu ó raon earnálacha agus seirbhísí agus sa chás go bhfuil socrúcháin á gcoimisiúnú ina n-iomláine.

• Down Syndrome Irl (Brainse Chorcaí) – deiseanna a sholáthar le haghaidh rannpháirtíochta i bhfeirm shaintógtha, Field of Dreams, tionscadal lena mbaineann gnéithe gairneoireachta agus cúraim ainmhithe a mbeidh buntáistí folláine a mhairfidh go ceann i bhfad dá dtoradh le haghaidh rannpháirtithe.

• Comhpháirtíocht Forbartha Chiarraí Theas – le haghaidh Tionscadal Eiseamláireach Feirmeoireacht Shóisialta a bheidh mar bhonn le rannpháirtíocht rannpháirtithe agus feirmeoirí óstacha a mhéadú ionas go mbeidh an deis feirmeoireachta sóisialaí ar fáil do níos mó daoine i gCiarraí agus chun rogha a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas oibriú le teaghlaigh feirme agus cur ar a gcumas a roghanna saoil pearsanta a chomhlíonadh.

• IRD Dhúiche Ealla – le haghaidh tionscadal eiseamláireach Feirmeoireacht Shóisialta a bheidh mar bhonn le hathshlánú, cuimsiú sóisialta, oiliúint agus caighdeán beatha feabhsaithe a chur chun cinn i suíomh neamhchliniciúil trí úsáid a bhaint as talmhaíocht lena n-áirítear plandaí agus ainmhithe le haghaidh daoine ag a bhfuil cineálacha éagsúla míchumais.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue,

“Cúis áthais dom gur féidir le mo Roinn leanúint le tacaíocht a chur ar fáil le haghaidh feirmeoireacht shóisialta ar fud cheantar tuaithe na hÉireann. Soláthraíonn an tionscnamh fiúntach seo seirbhís shuntasach i bpobail thuaithe le haghaidh grúpaí faoi mhíbhuntáiste a bhfuil tairbhe á baint acu as raon tacaíochtaí seirbhísí sláinte. Tugann sé deis do rannpháirtithe a sláinte agus folláine a fheabhsú agus éirí níos féinmhuiníní trí ghnáthghníomhaíochtaí feirme a chur i gcrích. Chomh maith leis sin, cabhraíonn sé le soláthraithe seirbhíse cuspóirí forbartha agus dul chun cinn cliant a chomhlíonadh ar bhealach atá an-taitneamhach. Nuair a bhíonn daoine ag obair ar fheirm teaghlaigh oibre, tacaíonn na tionscnaimh seo le héagsúlú feirme agus cabhraíonn siad le feirmeoirí nascadh leis an bpobal i gcoitinne”.

Le cois na dtionscadal eiseamláireach, tá síneadh curtha freisin leis an gconradh le Cuideachta Forbartha Comhtháite Liatroma le haghaidh bliain eile chun Líonra Feirmeoireachta Sóisialta a sholáthar. Ceadóidh síneadh an chonartha seo agus an maoiniú gaolmhar €400,000 tuilleadh forbairt a dhéanamh ar an líonra feirmeoireachta sóisialta náisiúnta ar a dtugtar “Feirmeoireacht Shóisialta Éireann”. Oibríonn Feirmeoireacht Shóisialta Éireann i gcomhpháirt le Cuideachtaí Forbartha Áitiúla eile, lena n-áirítear Acmhainní Iarthar Luimnigh, Comhpháirtíocht Leader Phort Láirge agus Cuideachta Forbartha Iardheisceart Mhaigh Eo áit a bhfuil oifigigh forbartha réigiúnach Feirmeoireacht Shóisialta bunaithe.

Is cleachtas é feirmeoireacht shóisialta a thairgeann, ar bhonn deonach, deiseanna rannpháirtíochta feirmeoireachta agus gairneoireachta i dtimpeallacht feirmeoireachta mar rogha do dhaoine a bhaineann tairbhe as raon seirbhísí tacaíochta lae teiripeacha. Tá na hoibríochtaí seo á reáchtáil i roinnt suíomhanna idir feirmeacha teaghlaigh oibre, tionscnaimh pobail áitiúil agus creataí níos institiúidí. Tá na soláthraithe seirbhíse rathúla sainaitheanta mar ghrúpaí a bhfuil an fhís agus an cumas acu chun tionscadail eiseamláireacha feirmeoireachta sóisialta suntasacha a fhorbairt.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat