English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tacaíonn an tAire McConalogue le comhairle a soláthraíodh faoi ghalar capaill (EHV-1) a rialú i ndiaidh briseadh amach ar an mór-roinn

Ag trácht dó ar Víreas an Heirpéis atá ag briseadh amach i measc capall faoi láthair ar mhór-roinn na hEorpa, spreag an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., gach imreoir sa tionscal eachaí freagairt don bhaol méadaithe a chruthaíonn é seo don daonra eachaí in Éirinn agus chun a gcleachtais agus a mbearta bithshlandála a mhéadú.

Dúirt an tAire,

“Is eol dom go raibh capaill Éireannacha ag dul san iomaíocht ar fud na hEorpa le roinnt seachtainí anuas. Chas m’oifigigh le hionadaithe Eachspórt Éireann agus Ionad Eachaí na hÉireann inné (an 2 Márta) chun freagairt chuí mhaolaithe riosca a fhorbairt. Cé nach galar infhógartha é seo, nuair a chuirtear san áireamh a leithne a scaipeadh an víreas ar fud na hEorpa agus an cur síos ar an toradh cliniciúil, tacaím go láidir leis an moladh a rinneadh sa chruinniú sin go gcloíonn na capaill go léir sin atá ag filleadh i ndiaidh dóibh dul san iomaíocht le prótacal EHV-1 maidir le capaill de chuid an Fédération Equestre Internationale (FEI) nuair a d’fhill siad ar Éirinn, chun aonrú a dhéanamh agus go ndéantar dhá thástáil um Imoibriú Slabhrúil Polaiméaráise (PCR) orthu sula dtugann siad faoi choraintín.”

Víreas heirpéis é EHV atá scaipthe go fairsing ar fud an domhain, Éire ina measc. Is iad comharthaí an víris ná galar riospráide nó atáirgthe agus galar pairiliseach a bhíonn ann freisin, amanna. Nuair a chuirtear cineál uileláithreach an víris san áireamh agus mar gheall go bhfuil vacsaín ar fáil, ní galar infhógartha é EHV. Is féidir an galar a shrianadh trí aonrú agus tástáil. Saotharlann thagartha an OIE é Ionad Eachaí na hÉireann le haghaidh EHV agus cuireann sé tacaíocht ar fáil don tionscal maidir lena sainchomhairle.

Tá EHV cumhdaithe ag cóid chleachtais an tionscail, ach go háirithe cosc ar ionfhabhtú EHV i stoc póraithe trí dhea-bhainistíocht agus cleachtais sláinteachais, anuas ar vacsaíniú rialta. Níl aon tionchair zónóiseacha ag EHV.

Mar fhocal scoir, mheabhraigh an tAire arís eile an ríthábhacht a bhaineann le sláinte ainmhithe i ngach córas táirgthe bunaithe ar ainmhithe agus go háirithe in earnálacha eachaí.

Nótaí d’Eagarthóirí:

1. Comharthaí Cliniciúla:

D’fhéadfadh comharthaí éagsúla a bheith ag EHV-1. Is gnách go dtiocfaidh fiabhras ar chapaill, chomh maith le comharthaí riospráide cosúil le sileadh séiriúil (tanaí, uisciúil) sróine agus casacht ó am go chéile. D’fhéadfadh liomfadanapaite fomhandabail (nóid limfe mhéadaithe faoin ngiall) agus sileadh súilí teacht ar roinnt capall freisin.

I gcásanna áirithe, nuair a bhíonn géinitíopa ar leith ag an víreas, féadfaidh EHV-1 bheith ina chúis le comharthaí néareolaíocha. Is féidir le tromchúise inathraithe baint leo seo, idir ataicse éadrom (sa chomhordú) agus pairilis (laige), agus freasluí iomlán agus neamhábaltacht chun seasamh, chomh maith le neamhchoinneálacht fuail agus faecais.

Is dóchúil go mbeidh láracha torracha a bhfuil EHV-1 orthu thíos le ginmhilleadh go déanach i dtéarma a dtoirchis. Faoi roinnt cúinsí, murar tháinig an víreas orthu ach go dtí tráth déanach ina n-iompar, b’fhéidir nach dtarlóidh ginmhilleadh, ach béarfaidh siad ar shearrach a bhfuil an víreas air, agus is dóchúil go bhfaighidh sé bás mar gheall ar chastachtaí troma ina gcórais riospráide agus heipiteacha chomh maith le mífheidhmiú smeara. Tá sé tábhachtach go gcinntítear go ndéantar láracha searraigh a vacsaíniú i gceart le haghaidh EHV-1/EHV-4 mar chuid de bhithshlandáil mhaith agus de chosc a chur ar ionfhabhtú EHV i stoc póraithe.

2. Achoimre ar an mBriseadh Amach ar an Mór-Róinn:

Tharla briseadh amach den Víreas Heirpéis Eachaí (EHV-1) ag Turas Earraigh Valencia CES (an Spáinn), agus d’fhéadfadh go raibh capaill a bhí ag freastal ar an ionad ón 1 Feabhra 2021, ar a luaithe, nochta don víreas. Tháinig comharthaí cliniciúla an víris ar roinnt mhaith capall ag an ionad ina dhiaidh sin, comharthaí néareolaíocha san áireamh, agus fuair ceithre chapall bás go dtí seo. Tháinig comharthaí cliniciúla an víris ar mhéid áirithe capall ina dhiaidh sin a d’fhág Valencia agus a thaistil ar ais abhaile (an Fhrainc, an Bheilg, an Ghearmáin). Tá údaráis tréidliachta ar an láthair in Valencia chun déileáil leis an mbriseadh amach, chun tabhairt faoin tástáil riachtanach agus cóir leighis a chur ar ainmhithe a ndearnadh difear cliniciúil dóibh. Tá bainistiú á dhéanamh ar na capaill siúd óna dteastaíonn cúram níos déine in aonaid aonraithe in ospidéil ar leibhéal treasach.

CRÍOCH