Tacaíonn an tAire McConalogue leis an ngairm chun úsáid íomhánna de mhadraí a bhfuil aghaidh réidh acu (bracaiceifealacha) a laghdú
- Foilsithe: 27 Deireadh Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fháiltigh an tAire Charlie McConalogue T.D. inniu roimh ghairm na Comhairle um Leas
Meas-Ainmhithe ar fhógróirí agus ar eagraíochtaí meán staonadh ó úsáid neamhriachtanach a bhaint as íomhánna de phórtha madraí a bhfuil aghaidh réidh acu (bracaiceifealacha).
Baineann riosca ard fadhbanna sláinte agus leasa leis na pórtha seo, deacracht análaithe, galar súl, fadhbanna dromlaigh agus ionfhabhtuithe craiceann san áireamh. Teastaíonn máinliacht ó go leor de na madraí seo chun a gcaighdeán maireachtála a fheabhsú.
“Chuir an Chomhairle um Leas Meas-Ainmhithe in iúl dom gur chuir úsáid íomhánna de phórtha madraí bracaiceifealacha i bhfógraíocht, i margaíocht agus sna meáin nuachta le héileamh méadaithe ar mhadraí bracaiceifealacha sa tír seo. B’fhéidir nach bhfuil daoine den phobal ar an eolas faoi na fadhbanna suntasacha sláinte agus leasa a bhaineann le pórtha bracaiceifealacha”.
Sa litir a d’eisigh an Chomhairle um Leas Meas-Ainmhithe inniu, iarrtar ar eagraíochtaí freagracha agus ar an lucht tionchair tosaíocht a thabhairt do leas madraí agus staonadh ó úsáid neamhriachtanach a bhaint as íomhánna de phórtha madraí a bhfuil aghaidh réidh acu i bhfoilseacháin agus ar earraí, nó chun táirgí tráchtála a mholadh.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire McConalogue:
“Chomh maith le hiarraidh ar fhógróirí agus ar na meáin nuachta tosaíocht a thabhairt do leas madraí agus staonadh ó úsáid neamhriachtanach a bhaint as íomhánna de phórtha bracaiceifealacha, molaim don phobal freisin gan earraí a bhfuil na híomhánna seo orthu a cheannach.”
CRÍOCH
Nóta d’Eagarthóirí:
1. Is grúpa ilpháirtithe leasmhara í an Chomhairle um Leas Meas-Ainmhithe a bunaíodh in 2021 chun comhairle a chur ar an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara maidir le fadhbanna a mbíonn tionchar acu ar leas meas-ainmhithe in Éirinn.
2. I measc samplaí de phórtha bracaiceifealacha tá Bulladóirí, Bulladóirí Francacha agus Smutmhadraí.
“Ná ceannaigh ainmhithe a bhfuil aghaidh réidh acu” https://youtu.be/XaG9nYgY4tA
Cónaidhm na gCumann Eorpach Tréidliachta Meas-Ainmhithe BAILE – CCETMA
Litir ón gComhairle um Leas Meas-Ainmhithe: ANSEO