Tagann fairsingiú ar fhoraois leathanduilleach aníos go dtí beagnach an tríú cuid den eastát: Foilsíodh ceathrú Fardal Náisiúnta Foraoise na hÉireann
- Foilsithe: 20 Feabhra 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Foraoiseacht ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu gur foilsíodh príomhthorthaí cheathrú Fardal Náisiúnta Foraoise (NFI) na hÉireann. Tá foilsiú an NFI mar thoradh ar obair trí bliana a rinne an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le méid agus cineál fhoraois na hÉireann, idir fhoraois phoiblí agus phríobháideach, a chur i dtaifead agus a mheasúnú. Tugtar faoin NFI gach 5 bliana, agus seo an ceathrú Fardal a foilsíodh.
Ag trácht dó ar an bhfoilseachán, dúirt an tAire
“Is é an Fardal Náisiúnta Foraoise seo an ceathrú ceann faoinar thug mo Roinn ó 2004, agus cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ann faoi mhéid agus faoi chineál athraitheach fhorais na hÉireann. Chuir timthriallta leantacha an NFI torthaí ar fáil ar ghnéithe cosúil le hathrú ar achar foraoise le himeacht ama agus an méid méadaitheach a chuireann foraois na hÉireann le tosaíochtaí náisiúnta, cosúil le hathrú aeráide agus bithéagsúlacht.”
“Léiríonn ár gClár Foraoiseachta nua €1.3bn ár dtiomantas don eastát foraoise a fhás agus tá sprioc ann 18% den tír a bheith faoi chrainn faoin mbliain 2050. Seo an clár foraoiseachta cistithe is mó a thug rialtas Éireannach isteach riamh, agus dearadh é le béim a chur ar fhoraoiseacht a dhéanamh i ndlúthpháirt leis an dúlra agus lena chinntiú gur feirmeoirí is mó a bhainfidh tairbhe as. Íocfar préimheanna le feirmeoirí ar feadh 20 bliain sa Chlár Foraoiseachta nua, agus beidh na préimheanna féin a mhéid le 66% níos mó ná iad siúd a íocadh faoin gclár deireanach.”
Maidir leis na torthaí iad féin, dúirt an tAire freisin,
“Ar an iomlán, feictear dúinn go bhfuil fairsingiú ag teacht go fóill ar an eastát náisiúnta foraoise agus gur bhain sé 11.6% amach anois den achar iomlán talún, agus go bhfuil réimse fairsing saghsanna foraoise ann. Tá an méadú ar achar mar thoradh ar fhoraoisiú agus ar an bhforbairt nádúrtha atá ag teacht ar fhoraois leathnádurtha i limistéir cosúil leo siúd a úsáideadh roimhe seo chun móin tionsclaíochta a bhaint. Tá foraois leathnádurtha freagrach as an tríú cuid (33.1%) de na hachair nua foraoise a gabhadh idir 2006 agus 2006. Is deas liom a lua freisin gurb ionann an sciar de na speicis leathanduilleacha san eastát náisiúnta foraoise anois agus 30.6%, ar méadú 5.9% é seo aníos ó foilsíodh na chéad torthaí den NFI in 2006, agus gur dhearamar na dreasachtaí nua chun crainn leathanduilleacha a chur i bPlean um Chur i bhFeidhm na Straitéise Foraoiseachta chun an figiúr seo a chur chun cinn níos mó.”
Is ionann méid iomlán stoc fáis fhoraois na hÉireann agus breis agus 142 milliún m³, ar méadú níos mó ná 25.5 milliún m³ é seo ó 2017. Is táscaire tábhachtach í an chothromaíocht idir breisíocht agus leagan i ngeall go ndéanann sé cur síos ar inbhuanaitheacht an táirgthe adhmaid le himeacht ama, an fháil atá faoi láthair ar adhmad agus an fhéidearthacht don todhchaí. B’ionann an ollmhéid bhliantúil idir 2017 agus 2022 agus 10 milliún m³ sa bhliain, agus ba í an mheánmhéid bhliantúil seasaimh a leagadh 4.1 milliún m3 sa bhliain. Tá athrú tagtha den chéad uair ar an gcothromaíocht i dtaobh úinéireacht foraoise, agus is le húinéirí príobháideacha foraoise, feirmeoirí a bhformhór, anois thart ar 50.9% den eastát náisiúnta foraoise agus is faoi úinéireacht phoiblí atá an fuílleach, faoi úinéireacht Coillte, go príomha.
Thug an tAire le fios chomh maith, go bhfuil
“an t-eolas a sholáthraítear san NFI ríthábhachtach i gcónaí i dtaobh beartas Rialtais á chur le chéile. Caithfear buntacú le agus monatóireacht a dhéanamh ar bheartas Rialtais, trí úsáid a bhaint as eolas cruinn reatha agus is sáracmhainn na sonraí a sholáthraítear san NFI. Sampla maith den mhéid seo is ea an obair a rinneadh le déanaí ar Straitéis Foraoise na hÉireann a fhorbairt”.
Léirigh an tAire a buíochas do gach úinéir talún freisin as rochtain ar a dtailte a éascú fad a bhí sonraí an NFI á mbailiú.
Tá gach foilseachán de chuid an NFI, an leabhrán príomhthorthaí san áireamh, ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne. Is féidir teacht ar eolas breise ar an NFI ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Eastát Chaisleán Bhaile Sheáin, Loch Garman, Guthán: 053 9163400 nó ríomhphost: nfi@agriculture.gov.ie
Nótaí d’Eagarthóirí
Is é cuspóir an Fhardail Náisiúnta Foraoise (an NFI) méid agus cineál fhoraois na hÉireann, idir fhoraois phoiblí agus phríobháideach, a chur i dtaifead agus a mheasúnú ar bhealach tráthúil, cruinn agus in-atáirgthe lena chumasú ár n-acmhainn foraoise a fhorbairt go hinbhuanaithe. Teastaíonn eolas iontaofa, reatha agus comhsheasmhach le heolas a sholáthar do bheartas foraoise intíre, tacú le taighde ar fhoraois agus gealltanais náisiúnta agus idirnáisiúnta tuairiscithe a chomhlíonadh.
Thug an RTBM faoin bhFardal agus bhain suirbhé mionsonraithe allamuigh ar fud na tíre leis ar fhoraois na hÉireann trí úsáid a bhaint as sraith 2,033 ceapach shamplach bhuan bunaithe ar dhearadh randamaithe córasach sampla eangaí. Rinne an suirbhé measúnú ar mhéid, comhdhéanamh agus bail reatha an eastáit náisiúnta foraoise, idir phoiblí agus phríobháideach, agus ar an athrú atá tagtha air. Cuimsítear san eolas na paraiméadair thraidisiúnta, cosúil le hachar, stoc fáis agus comhdhéanamh na speiceas crainn san eastát náisiúnta foraoise anuas ar eolas i ndáil le bithéagsúlacht, sláinte agus beogacht, stoic charbóin agus saghas ithreach. Is féidir athruithe ar fhoraois Éireannach a mheasúnú anois trí chomparáidí a dhéanamh leis na trí thimthriall dheireanacha den NFI a críochnaíodh in 2006, 2012 agus 2017.
Thug an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara faoin gcéad NFI ar fhoraois na hÉireann idir 2004 agus 2006 agus foilsíodh na torthaí in 2007. Ba é NFI 2006 an chéad chur chuige go hiomlán staitistiúil i leith fardal foraoise faoinar tugadh in Éirinn le measúnú a sholáthar ar an stoc fáis sna heastáit náisiúnta phoiblí agus phríobháideacha foraoise araon.
Chun measúnú a dhéanamh ar na hathruithe ar bhail fhoraois na hÉireann le himeacht ama, dearadh NFI na hÉireann trí úsáid a bhaint as ceapacha buana samplacha a d’éascaigh clár atomhais. Glacadh leis an straitéis daingean tuairiscithe seo le heolas inchreidte a sholáthar chun dul i ngleic le cuspóirí straitéiseacha agus ceangaltais tuairiscithe. Tosaíodh an obair allamuigh don cheathrú NFI i bhFeabhra 2020 agus críochnaíodh í i Márta 2022.
Tugtar léargas ginearálta dlúth agus cuimsitheach sa leabhrán príomhthorthaí ar thorthaí cheathrú timthriall an NFI anuas ar chomparáid idir torthaí leis na trí NFI roimhe seo. Críochnaíodh deich bpríomhthoradh an tríú Fardal Náisiúnta Foraoise in 2022 agus seo a leanas iad:
- Tá fairsingiú ag teacht go fóill ar an eastát náisiúnta foraoise agus bhain sé 11.6% amach anois den achar iomlán talún, agus tá réimse fairsing saghsanna foraoise ann. Tháinig méadú ar an achar iomlán foraoise aníos ó 697,842 heicteár in 2006 go dtí 808,848 heicteár in 2022. Tá an méadú ar achar mar thoradh ar fhoraoisiú agus ar an bhforbairt nádúrtha atá ag teacht ar fhoraois leathnádurtha. Tá foraois leathnádurtha freagrach as an tríú cuid (33.1%) de na hachair nua foraoise a gabhadh idir 2006 agus 2006.
- Tá breis agus leath (411,484 heicteár nó 50.9%) d’fhoraois faoi úinéireacht phríobháideach den chéad uair agus tá 397,364 heicteár (49.1%) faoi úinéireacht phoiblí. Tá méadú breis agus 7.9% tagtha ar an sciar d’fhoraois phríobháideach san eastát náisiúnta foraoise ó 2006.
- Is í Liatroim an contae ina bhfuil an céatadán is airde de chumhdach foraoise (20.1%), agus is i gCorcaigh atá an t-achar is mó foraoise (92,471 heicteár).
- Is ionann speicis crainn leathanduilligh agus beagnach an tríú cuid (30.6%) den achar stocáilte foraoise agus is iad speicis bhuaircíneacha an speiceas is mó, arb ionann agus 69.4% iad. Tháinig méadú náisiúnta 5.9% ar an sciar den speiceas leathanduilleach idir 2006 agus 2022.
- Tá méadú ag teacht ar aoisphróifíl foraoise agus tá 39.6% den stoc foraoise níos lú ná 20 bliain d’aois agus tá 30.4% idir 21 agus 30 bliain d’aois.
- Meastar gurb ionann méid iomlán stoc fáis fhoraois na hÉireann agus breis agus 142 milliún m³, ar méadú níos mó ná 25.5 milliún m³ é seo ó 2017. B’ionann an ollmhéid bhliantúil idir 2017 agus 2022 agus 10 milliún m³ sa bhliain, agus ba í an mheánmhéid bhliantúil seasaimh a leagadh sa tréimhse seo 4.1 milliún m3 sa bhliain.
- Tanaíodh 39,640 heicteár d’fhoraois ó 2017 den chéad uair, ar toradh dearfach é seo i dtaobh adhmad a chur chun úsáide. Tá méadú 8% tagtha ar an achar a tanaíodh idir 2017 agus 2022 agus tá laghdú 42% tagtha ar an achar a leagadh go hiomlán i gcaitheamh na tréimhse céanna.
- Glacann foraois le ról tábhachtach chun athrú aeráide a mhaolú trí dhé-ocsaíd charbóin a leithlisiú agus a stóráil. Tugann na torthaí le fios gur slogaide thábhachtach don charbón é an t-eastát náisiúnta foraoise, a dhéanann 323.5 milliún tonna de charbón a stóráil.
- Acmhainn shaibhir bhithéagsúlachta í foraois na hÉireann a sholáthraíonn gnáthóga tábhachtacha agus flúirseacha do go leor speiceas. Tá ceithre speiceas nó níos mó crainn i beagnach an tríú cuid d’fhoraois na hÉireann. Chomh maith leis sin, tá méideanna móra (10.2 milliún m3) de chrainn mharbha i bhforaois.
- Ar an iomlán, tá an chosúlacht air go bhfuil an t-eastát foraoise sláintiúil. Cé gur léirigh beagnach dhá thrian (63.2%) de limistéir foraoise stocáilte go ndearnadh díobháil don fhoraois, idir íseal agus measartha, den chuid ba mhó, a bhí an díobháil a rinneadh. Ba í díobháil a rinne ainmhithe, fásra a bhí san iomaíocht, nochtadh agus easpa cothaithigh an díobháil ba choitianta a rinneadh.