TAIRSEACHA AR OSCAILT ANOIS: Iarratais maidir le Maolú Níotráití, Bandáil Níotráite d’Fheirmeoirí Déiríochta 2024
- Foilsithe: 12 Márta 2024
- An t-eolas is déanaí: 4 Iúil 2024
Ráitis Nítrigine & Fosfair 2023 ar fáil anois ar líne
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, go bhfuil an córas iarratais maidir le Maolú Níotráití 2024 ar fáil anois ar líne. Dheimhnigh an tAire freisin go bhfuil an tairseach ICBF ar oscailt ionas gur féidir le feirmeoirí déiríochta a mBanda Níotráite do Bha Déiríochta a léiriú agus go bhfuil ráitis N agus P don bhliain 2023 ar fáil ar líne chomh maith.
• Is féidir iarratais maidir le Maolú Níotráití 2024 a chur isteach trí thairseach ar líne na Roinne a úsáid, www.agfood.ie
• Is féidir Banda Níotráití do Bha Déiríochta maidir le tréada déiríochta a chur isteach anois ar líne trí shuíomh ghréasáin Chónaidhm Phórú Eallaigh na hÉireann (ICBF).
“Cuireann Maolú Níotráití deis ar fáil d’fheirmeoirí feirmeoireacht a dhéanamh ar ráta stocála níos airde, faoi réir coinníollacha a dearadh chun an comhshaol a chosaint agus chun ceanglais na dTreoracha Níotráití a chomhlíonadh,” a leag amach an tAire. “Molaim d’fheirmeoirí a bhfuil ráta stoic níos airde acu dul i ngleic le próiseas an iarratais chomh luath agus is féidir agus molaim dóibh an gá le maolú a phlé lena gcomhairleoir talmhaíochta,” arsa an tAire freisin.
Is féidir le feirmeoirí nach mian leo leas a bhaint as an maolú a bheith i gcomhréir leis na Rialacháin trína mbeostoc a bhainistiú nó trí sciodair/aoiligh beostoic a easpórtáil.
Is é an 19 Aibreán 2024 an dáta deiridh le haghaidh iarratais mhaolaithe agus aighneachtaí bandála déiríochta a chur isteach. Meabhraítear d’fheirmeoirí a chuir isteach ar mhaolú in 2023 go gcaithfidh siad Cuntais Leasacháin don bhliain 2023 a chur isteach faoin dáta deiridh.
Anuraidh cuireadh tús le Bandáil Níotráití do bha déiríochta agus beidh an bhandáil sin i bhfeidhm arís in 2024. Is é an tslí is fearr leis sin a bhaint amach ná leas a bhaint as suíomh gréasáin ICBF. I gcásanna nár thug feirmeoir déiríochta cead dá c(h)eannaitheoir bainne a c(h)uid sonraí a roinnt leis an ICBF, ní foláir do na feirmeacha sin foirm láimhe a chomhlánú agus ráitis tacaíochta ón cheannaitheoir bainne a chur ar fáil don Roinn. Tá an fhoirm maidir le Bandáil Níotráití 2024 ar fáil le híoslódáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag: Item was unpublished or removed
Mar chuid de choigeartuithe eile, áirítear ar thairseach an ICBF rogha d’fheirmeoirí déiríochta leibhéal garbhphróitéine níos ísle a thabhairt dá mbeostoc chun ráta eisfheartha cothaitheach níos ísle a bhaint amach.
“Chun ligean d’fheirmeoirí plean a dhéanamh agus aitheantas a ghnóthú maidir leis na hathruithe atá beartaithe in 2024, tá mé chun cead a thabhairt d’fheirmeoirí leas a bhaint as an rogha seo chun ráta eisfheartha a mbeostoic a laghdú trí dhearbhú go bhfuil rún acu tiúchán garbhphróitéine níos ísle a thabhairt dá mba in 2024 agus ansin é sin a chur i bhfeidhm i rith na bliana.”
Beidh an beart roghnacha ar fáil dóibh siúd a dhearbhóidh a mbanda trí ICBF amháin.
Tá ráitis maidir le Nítrigin agus Fosfar (Ráitis N&P) don tréimhse idir an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig 2023 (eallach amháin) ar fáil anois ar chóras ar líne na Roinne www.agfood.ie
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí
Maolú Níotráití
Is é an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an Príomhroinn Rialtais maidir le Rialacháin Níotráití. (I.R. Uimh. 113 de 2022, arna leasú).
Leis an Maolú Níotráití ceadaítear d’fheirmeoirí dul thar theorainn 170 kg nítrigin aoiligh bheostoic in aghaidh an heicteáir mar a leagadh amach sna Rialacháin Níotráití, suas le huasmhéid 220 kg nó 250 kg in aghaidh an heicteáir, faoi réir rialacháin níos déine a chomhlíonadh.
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme an Choimisiuin Eorpaigh (AE) 2022/696a cheadaigh Maolú Níotráití reatha d’Éirinn, éilíodh ar Éirinn tabhairt faoi athbhreithniú dhá bhliain ar cháilíocht an uisce in 2023. Ceanglaítear go mbogfaidh réimsí áirithe a chomhlíon na critéir mar a leagadh amach de réir chinneadh an AE go teorainn maolaithe laghdaithe 220 kg N/ha ó Eanáir 2024 ar aghaidh.
Chun iarratas Maolaithe Níotráití a bheith bailí, ní foláir cloí le gach téarma agus coinníoll an Mhaolaithe. Tá eolas maidir le Maolú lena n-áirítear Téarmaí & Coinníollacha ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag: Item was unpublished or removed
Caithfear cuntais leasúcháin a chur faoi bhráid na Roinne i gcás iarrthóirí ar mhaolú 2023 faoin 19 Aibreán 2024.
Bandáil Níotráití do Bha Déiríochta
Go dtí deireadh na bliana 2022 glacadh leis go raibh gach bó dhéiríochta in Éirinn cothrom, ag táirgeadh 89 kg de nítrigin aoiligh bheostoic don bhó sa bhliain. Is léir ó thaighde eolaíochta, áfach, go bhfuil táirgeacht bainne méadaithe mar bhonn le ráta eisfheartha cothaitheach na bó déiríochta a mhéadú chomh maith. Tá an taighde seo curtha san áireamh i mbandáil rátaí eisfheartha na bó déiríochta agus beidh an bhandáil in úsáid ag gach feirmeoir déiríochta in Éirinn chun an t-ualach cothaitheach uasta ar fheirmeacha a chothromú.
Ón bhliain 2023 ar aghaidh, sanntar gach tréad ba bainne chuig ceann den trí bhanda (80, 92 nó 106 kg N/bó bhainne/bliain) gach bliain bunaithe ar mheán-tháirgeacht bainne bhliantúil gach tréada le haghaidh gach bó.
Anuraidh chuir 92% feirmeoirí déiríochta a mbanda faoi bhráid DAFM, chuir 98% acu isteach trí thairseach an ICBF, agus cuireadh isteach a chuid eile dóibh de láimh faoi bhráid DAFM. Fillfidh feirmeoirí déiríochta nach gcuirfidh isteach a mbanda go dtí an banda is airde go huathoibríoch.
I mí Dheireadh Fómhair seo caite, d'iarr an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara go dtabharfadh Teagasc faoi thaighde maidir le rátaí eisfheartha na gcothaitheach buaibheach. Áiríodh leis sin breithniú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag laghdú garbhphróitéine i dtiúchain a chothaítear go ba déiríochta ar ráta eisfheartha cothaitheach na bó. Rinne an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath na torthaí a athbhreithniú agus a bhailíochtú ina dhiaidh sin.
Bunaítear banda reatha maidir le rátaí eisfheartha cothaitheach ar an gcás go n-íosfadh tréad déiríochta meánmhéid bliantúil >16% de phróitéin in ábhar beatha tiubhaithe. Léirítear sa taighde seo gur féidir an ráta eisfheartha cothaitheach a laghdú trí leibhéal garbhphróitéine i mbeathú tiubhaithe a laghdú, mar a leanas:
Garbhphróitéin | Rátaí eisfheartha nítrigine thar thrí Bhanda Meán-tháirgeachta Bainne | ||
Tiúchan * | <=4,500 kg | 4,501-6,500 kg | >6,500 kg |
Réamhshocraithe | 80 | 92 | 106 |
>14% & ≤15% | 79 | 90 | 103 |
>13 % & ≤14% | 78 | 89 | 100 |
≤13% | 76 | 87 | 98 |
- Ar Bhonn Fliuchmheáchain
Tá tuilleadh eolais maidir le bandáil, lena n-áirítear freagraí ar cheisteanna coitianta, ar fáil ar shuiomh greasain na Roinne
Aithníonn Rialtas na hÉireann gur cuid thábhachtach d’fhorbairt shóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann agus chun caighdeán maith saoil a chinntiú do chách, í gníomhú maidir leis an athrú aeráide, an nádúr a athbhunú agus a chosaint, agus feabhas a chur ar chaighdeán an uisce agus an aeir.
Is féidir leat an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 agus aguisín a ghníomhaithe Item was unpublished or removed nó téigh chuig www.gov.ie/climateaction. Cliceáil anseo chun clárú le nuachtlitir Rialtas na hÉireann maidir le Plean Gníomhaithe na hÉireann ar son na hAeráide a fháil.
Is féidir teacht ar an bplé ón Tionól Saoránach maidir le Cailleadh Bithéagsúlachta ANSEO, agus tá ceathrú Phlean Náisiúnta Gníomhaíochta Bithéagsúlachta na hÉireann le foilsiú faoi dheireadh na bliana.