Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Osclaíonn an Taoiseach agus an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara comhdháil thábhachtach ar an talmhaíocht agus an aeráid

Léirítear go bhfuil acmhainneacht ag breiseán beatha chun laghdú 10-28% a chur leis an meatán taobh laistigh i dtaighde atá maoinithe ag an Roinn

Is féidir le breiseán beatha feabhas a chur ar fheidhmíocht ainmhithe agus meatán a laghdú, cloistear ag comhdháil aeráide na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara

D’oscail an Taoiseach Mícheál Máirtín TD an chomhdháil ‘Talmhaíocht agus an tAthrú Aeráide: An Eolaíocht a Chur Chun Gnímh’ i gCaisleán Bhaile Átha Cliath inniu. Tá an chomhdháil, atá á óstáil ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, agus ag an Aire Stáit atá freagrach as taighde, Noel Grealish TD, tiomnaithe do phlé a dhéanamh i dtaobh an gaol casta idir an talmhaíocht agus an athrú aeráide. Beidh na 500 toscaire a bheidh i láthair ag éisteacht le heolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta faoin taighde is déanaí chun astaíochtaí talmhaíochta a laghdú agus stóráil carbóin a fheabhsú ar fheirmeacha ar fud na tíre. Beidh an chomhdháil ar siúl ag an am céanna le cruinniú den Chomhghuaillíocht Taighde Domhanda um Gháis Cheaptha Teasa Talmhaíochta ar a bhfuil Éire ag déanamh cathaoirleacht, tríd an Roinn, faoi láthair.

Ina óráid oscailte, dúirt an Taoiseach:

“Baineann an chomhdháil inniu le conaire chun tosaigh comhroinnte a thógáil lena ndeimhneofar go mbeidh mar oidhreacht ag an gcéad ghlúin eile d’feirmeoirí, seachas amháin pláinéad inmharthana a bheith acu, earnáil talmhaíochta rathúil, iomaíoch agus measúil a bheith acu freisin. Ní gá gur ualach é an t-aistriú chuig an talmhaíocht chliste ó thaobh aeráide de. Is deis é chun na rudaí is tábhachtaí a chosaint — ár dtalamh, ár n-uisce, ár mbia, ár bplainéad agus ár dtodhchaí. Is deis é chun léiriú gur féidir le gníomhú ar son na haeráide agus sármhaitheas talmhaíochta dul lámh ar láimh — agus gur féidir le feirmeoirí na hÉireann an bealach a threorú.”

Agus fáilte á cur aige roimh eolaithe idirnáisiúnta, lucht déanta beartas, agus geallsealbhóirí san earnáil agraibhia chuig an gcomhdháil, dúirt an tAire Heydon:

Is dúshlán ollmhór é astaíochtaí ón talmhaíocht a laghdú, ach is dúshlán é a bhfuil an earnáil dáiríre faoi, agus is léir sin ón spéis mhór atá léirithe sa chomhdháil againn inniu.

“Tá cuid de na taighdeoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta is fearr bailithe againn, agus lena dtorthaí tá an cleachtas agus na teicneolaíochtaí atá de dhíth orainn chun astaíochtaí a laghdú á sholáthar, agus an bia á tháirgeadh againn ag an am céanna. Tá maoiniú taighde ó mo Roinn tar éis tacú le taighde talmhaíochta agus aeráide den scoth in ollscoileanna, Teagasc agus institiúidí eile ar fud na tíre. In 2023 agus 2024, chruthaigh an maoiniú seo 132 post taighde nua i dtaighde talmhaíochta agus aeráide trasna 28 tionscadal. Cinntíonn sé seo go bhfuil cuid den tallann taighde is fearr ar domhan againn ag obair sna réimsí eolaíochta casta seo.”

Ag leanúint leis, dúirt an tAire Heydon:

“Feicfear réimse leathan nuashonruithe taighde spreagúla ag an gcomhdháil inniu, lena n-áirítear, mar shampla, taighde Éireannach a léiríonn an cumas chun laghdú 10-28% a dhéanamh ar mheatán ó bhreiseán beatha, ag brath ar an gcineál ainmhí, ar an aiste bia, agus ar an ráta cuimsithe den bhreiseán. Ina theannta sin, agus den chéad uair in Éirinn, léirigh staidéar amháin go raibh sochar feidhmíochta ainmhithe ann ón mbreiseán a bheathú, chomh maith lena chumas meatán a laghdú. Is é an dúshlán atá romhainn ná na huirlisí seo a thabhairt in úsáid fhorleathan ar fheirmeacha na hÉireann – agus chuige sin, táimid ag obair le feirmeoirí i ngach céim den bhealach. Is nuálaithe iad ár bhfeirmeoirí agus tá siad réidh chun ceannaireacht a dhéanamh ar ghníomhaíocht aeráide – ní hamháin d’Éirinn, ach mar shampla don domhan.”

Ag labhairt dó ag an gcomhdháil, dúirt an tAire Stáit Grealish:

“Tugann ócáid an lae inniu deis dúinn machnamh a dhéanamh ar an taighde fairsing atá ar siúl chun astaíochtaí gás ceaptha teasa talmhaíochta a laghdú agus a fhritháireamh, agus aitheantas a thabhairt ag an am céanna do na comhoibrithe idirnáisiúnta iontacha atá ar siúl. Tá breis is €48 milliún infheistithe ag mo Roinn féin i dtaighde sa réimse seo ó 2020 i leith agus leanfaimid orainn ag cur leis seo trí dhámhachtainí a fhógróidh mé níos déanaí i mbliana a eascraíonn as an nGlao Taighde Théamach 2025, chomh maith lenár rannpháirtíocht sa Chomhghuaillíocht Taighde Domhanda do Gháis Cheaptha Teasa Talmhaíochta”.

Cloisfidh toscairí faoi dhul chun cinn taighde lena n-áirítear:

  • Pórú ainmhithe chun meatán a laghdú: Tá ceann de na bunachair shonraí is mó ar domhan maidir le táirgeadh meatáin in ainmhithe forbartha ag tionscadal ‘TREOCHLÁR’ atá maoinithe ag an Roinn. Léiríodh dá réir sin go bhfuil acmhainneacht ann ainmhithe a roghnú agus a phórú ar féidir leo 10-20% níos lú meatáin a tháirgeadh. Agus sin ag ligean d’fheirmeoirí na hÉireann tairbh a roghnú le haghaidh astaíochtaí meatáin níos ísle gan aon tionchar a imirt ar thréithe inmhianaithe eile amhail feidhmíocht ainmhithe.
  • Breiseáin beatha chun meatán a laghdú: I dtaighde atá maoinithe ag an Roinn táthar ag fiosrú breiseáin beatha frith-mheatáin i suíomhanna faoi dhíon agus i sásraí seachadta d’ainmhithe athchogantacha lasmuigh araon. Léirigh turgnaimh a rinneadh ar bhreiseán beatha bunaithe ar shárocsaíd chailciam ar a dtugtar RumenGlas go bhféadfadh laghdú 10-28% a bheith ann ar meatán i suíomh faoi dhíon, ag brath ar an gcineál ainmhí, an aiste bia, agus ráta cuimsithe an bhreiseáin. Ina theannta sin, léiríodh i staidéar amháin a rinneadh i gcomhar leis an Global Research Alliance an poitéinseal atá ann maidir le sochar feidhmíochta ainmhithe (ráta fáis 12% níos airde agus éifeachtúlacht chomhshó beatha in eallach mairteola atá ag fás) chomh maith le laghdú ar meatán (-10%) den chéad uair riamh i suíomh Éireannach. Déanfar tástáil ar an bhfionnachtain seo i staidéir bhreise.
  • Bithspreagthóirí chun riachtanais leasacháin nítrigine ceimicigh a laghdú: is féidir le húsáid bithspreagthóra bunaithe ar algaí an riachtanas nítrigine ceimicigh a laghdú 20% (rud a laghdaíonn astaíochtaí dá réir sin) gan aon tionchar ar tháirgeadh ná ar cháilíocht féir.

Foirmliú leasacháin chun astaíochtaí a laghdú: Is féidir le húsáid úiré faoi chosaint astaíochtaí féarthailte a laghdú níos mó ná 70%, agus is féidir le táirgí coscóra níotrúcháin i bhfoirmlithe leasacháin astaíochtaí a laghdú 89%.

Climate Conf Image 1
Ó chlé go deas: An tAire Stáit atá freagrach as Cur Chun Cinn Bia, Margaí Nua, Taighde agus Forbairt, Noel Grealish TD; Bridget Lynch, Oifigeach Sinsearach Taighde, Teagasc; An Taoiseach Micheál Martin; Suzanne Rowe, Príomh-Eolaí, AgResearch An Nua-Shéalainn; An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, ag freastal ar an gcomhdháil ‘Talmhaíocht agus Athrú Aeráide: An Eolaíocht a Chur Chun Gnímh’ i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, 05 Meitheamh, 2025.
Climate Conf Image 2
Ó chlé go deas: An tAire Stáit atá freagrach as Cur Chun Cinn Bia, Margaí Nua, Taighde agus Forbairt, Noel Grealish TD; Bridget Lynch, Oifigeach Sinsearach Taighde, Teagasc; An Taoiseach Micheál Martin; Suzanne Rowe, Príomh-Eolaí, AgResearch An Nua-Shéalainn; An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, ag freastal ar an gcomhdháil ‘Talmhaíocht agus Athrú Aeráide: An Eolaíocht a Chur Chun Gnímh’ i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, 05 Meitheamh, 2025.

Nótaí do na heagarthóirí

Comhdháil Talmhaíochta agus Athrú Aeráide: An Eolaíocht a Chur Chun Gnímh, 2025

Suíomh Gréasáin na comhdhála: https://agriclimateconf.com

Tá comhdháil 2025 na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, “Talmhaíocht agus Athrú Aeráide – An Eolaíocht a Chur Chun Gnímh”, tiomnaithe d’aghaidh a thabhairt ar an ngaol casta idir talmhaíocht agus athrú aeráide.

Príomhchuspóirí na comhdhála:

  • Páirtithe leasmhara a thabhairt ar an eolas faoi na forbairtí is déanaí i ndáil le beartas aeráide a bhaineann le talmhaíocht agus úsáid talún.
  • Na forbairtí eolaíocha is déanaí maidir le tomhas agus maolú na bpríomhghás ceaptha teasa talmhaíochta a chur i láthair agus plé a éascú i dtaobh an chaoi is féidir an taighde seo eolas a chur ar fáil do bheartas agus a chur i bhfeidhm ar fheirmeacha.
  • Na forbairtí a bhaineann le hionchais agus treochtaí custaiméirí, tomhaltóirí agus margaidh i dtaca le talmhaíocht, bia agus úsáid talún inbhuanaithe a leagadh amach.
  • Na céimeanna dearfacha iomadúla atá á nglacadh ag an talmhaíocht agus úsáid talún chun cur le maolú an athraithe aeráide, agus ar an gcaoi sin tuilleadh móiminteam dearfach a spreagadh.

Beidh na cur i láthair ón gcomhdháil ar fáil i ndiaidh na hócáide ar shuíomh gréasáin na Roinne, agus beidh na taifeadtaí ar fáil ar Chainéal YouTube na Roinne.

Comhghuaillíocht Taighde Domhanda do Gháis Cheaptha Teasa Talmhaíochta

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin GRA, féach an Comhghuaillíocht Taighde Domhanda

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat