Tarraingíonn an tAire Hackett aird ar an áireamhán toirt crann agus carbóin
- Foilsithe: 20 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 21 Nollaig 2022
Spreagann an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, úinéirí foraoisí chun úsáid a bhaint as Áireamhán Toirt Crann agus Carbóin na hÉireann. Leag an tAire Hackett béim ar an bhfeidhmiúlacht agus na tairbhí d’úinéirí foraoisí;
“Ligeann an uirlis seo, a d’fhorbair mo Roinn, d’úinéirí agus do bhainisteoirí foraoisí toirt na gcrann agus an charbóin a mheas trí úsáid a bhaint as buneolas crann do na príomhspeicis crann buaircíneach agus leathanduilleach. Leis an lámhleabhar úsáideora tacaíochta, cuireann an t-áireamhán comhéadan simplíoch ar fáil d’úsáideoirí foraoisí chun eolas a ionchur óna bhforaoisí féin. Soláthraíonn an uirlis ar líne céim eile chun cuidiú le húinéirí foraoisí a gcuid eolais foraoiseachta a fhorbairt agus cuidíonn sé leo cur chuige praiticiúil a ghlacadh chun a bhforaois a bhainistiú.”
Tá ról lárnach ag an earnáil foraoiseachta chun an treochlár uaillmhianach i dtreo neodrachta aeráide a bhaint amach. Gné amháin inar féidir leis an bhforaoiseacht ról a bheith aici maidir leis na spriocanna seo a bhaint amach is ea ár n-acmhainn adhmaid a fhástar sa bhaile a úsáid agus a bhainistiú. Tá an t-áireamhán bunaithe ar shonraí a bhailítear ó fhoraoisí in Éirinn a cheadaíonn meastachán a dhéanamh ar thoirt crann nó foraoise. Chun críocha praiticiúla, cuireann an t-áireamhán deis ar fáil d’úsáideoirí chun toirt agus carbón crann aonair, de ghrúpa crann nó clampaí foraoise a ríomh ar leithligh.
Agus é ag labhairt faoi seo dúirt an tAire:
“Is aonad tábhachtach tomhais é toirt crann mar go sonraíonn sé méid crann, ar féidir a úsáid chun cinntí bainistíochta foraoise a threorú. Nuair a chuirtear an t-eolas seo i dteannta leis an Uirlis Cinnidh Leagain is féidir leis cuidiú le bainisteoirí agus úinéirí foraoise cinneadh eolach a dhéanamh maidir le tráthúlacht na n-idirghabhálacha bainistíochta. Cuirfidh sé seo leis an ngeilleagar áitiúil, fostaíocht i gceantair thuaithe agus leis an slabhra soláthair lomáin chruinne do phróiseálaithe.”
Glacann Áireamhán Toirt Crann agus Carbóin áit an áireamháin toirte crann atá ann cheana féin trí fheidhmiúlachtaí breise, comhéadan feabhsaithe agus sraith torthaí réamhphróiseáilte a sholáthar d’úsáideoirí.
Nóta do na heagarthóirí:
Tá Áireamhán Toirt Crann agus Carbóin na hÉireann ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne:
https://www.gov.ie/en/publication/tree-felling-and-management/