Tathantaíonn an Roinn ar fheirmeoirí a bheith airdeallach le linn tréimhse ina bhfuil riosca níos mó ann maidir leis an Víreas Gormtheanga
- Foilsithe: 25 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tathantaíonn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar fheighlithe beostoic leanúint de bheith airdeallach ós rud é go bhfuil Éire sa tréimhse ina bhfuil riosca níos airde ann maidir leis an Víreas Gormtheanga. Bíonn níos mó míoltóg ann nuair a bhíonn teochtaí teo ann agus is féidir go scaipfidh an galar dá dheasca sin. Maireann an tréimhse sin ina bhfuil riosca níos mó ann ó mhí Aibreáin go mí na Samhna.
Is galar ainmhithe andúchasacha é an víreas gormtheanga, agus is ann dó i roinnt mhaith tíortha Eorpacha. Tá brú ionfhabhtaithe méadaithe ann de dheasca teochtaí arda ar an mór roinn, agus tháinig borradh ar an líon cásanna as sin le déanaí. Dá scaipfeadh an galar go hÉirinn bheadh bagairt thromchúiseach ar bheostoc na hÉireann i gceist leis sin.
Ó mhí Mheán Fómhair 2023, bhí an Ísiltír ag déileáil le ráig leanúnach den Víreas Gormtheanga (BTV 3). In 2023, braitheadh an víreas ar thart ar 6000 gabháltas ar fud na tíre. D’ainneoin go bhfuil formheas éigeandála faighte maidir le vacsaíní BTV 3 a forbraíodh le déanaí, leanann an Ísiltír de líon méadaitheach cásanna de ghalar cliniciúil a bhrath. Níor tugadh údarú ar fud an Aontais Eorpaigh do na vacsaíní sin fós. Braitheadh BTV 3 i dtíortha comharsanachta na Beilge agus na Gearmáine. Neartaíonn an Roinn an gá atá le hairdeall agus bithshlándáil agus leanann sí de mhonatóireacht ghéar a dhéanamh ar an gcás.
Tathantaíonn an Roinn freisin ar allmhaireoirí fanacht glan ar ainmhithe soghabhálacha a allmhairiú le linn na tréimhse sin a bhfuil riosca níos airde ann. I gcás nach féidir allmhairí ainmhithe soghabhálacha a sheachaint, lorg comhairle ó do thréidlia chleachtóir príobháideach nó ó d’Oifig Tréidliachta Réigiúnach áitiúil. Is den tábhacht a áirithiú go mbeidh ainmhithe a allmhairítear saor ón Víreas Gormtheanga sula bhfágann siad a dtír thionscnaimh, trí thástáil PCR réamhghluaiseachta a iarraidh don víreas.
Tá sé ríthábhachtach aon amhras faoin Víreas Gormtheanga a thuairisciú do d’Oifig Tréidliachta Réigiúnach áitiúil gan mhoill.
Nótaí don Eagarthóir:
• Is galar infhógartha an Víreas Gormtheanga (BTV), rud a chiallaíonn go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ann aon chás faoina bhfuiltear in amhras a thuairisciú don Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM).
Tá Éire saor ó BTV faoi láthair. Dá mbeadh ráig de BTV ann in Éirinn, bheadh tionchar suntasach aige sin ar earnáil an bheostoic in Éirinn. D’fhéadfadh an galar leathadh chuig Éirinn agus scaipeadh trí allmhairiú ainmhithe ionfhabhtaithe, féatas ionfhabhtaithe, táirgí geirmeacha nó scaipeadh gaoithe míoltóg ionfhabhtaithe ó mhórthír na hEorpa.
• Is féidir leis an Víreas Gormtheanga speicis athchogantacha a ionfhabhtú agus a bheith ina chúis le comharthaí cliniciúla diana iontu (lena n áirítear caoirigh, gabhair agus fianna) agus camalóidí (lámaí agus alpacaí).
• Scaiptear an víreas trí mhíoltóga géara ionfhabhtaithe (den speiceas Culicoides) arb ann dóibh in Éirinn agus is iondúil gurb í an tréimhse idir mí Aibreáin agus mí na Samhna an tréimhse is gníomhaí dóibh.
• Má mheastar go bhfuil an Víreas Gormtheanga ar ghabháltas, ba cheart don úinéir tréada teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Tréidliachta Réigiúnach áitiúil dá chuid nó dá cuid gan mhoill (le linn uaireanta oifige) nó leis an mBeolíne Éigeandála Galair Náisiúnta ar: (01) 492 8026 lasmuigh de na huaireanta oifige.
• Ba é a thiocfadh as ráig den Víreas Gormtheanga in Éirinn bunú criosanna rialaithe galair móra de raon 150km, criosanna a thabharfaí isteach agus srianta gluaiseachta agus onnmhairithe á gcur i bhfeidhm maidir le hainmhithe a thagann ó laistigh de na criosanna sin.
• Dá gcaillfimis ár stádas saor ón Víreas Gormtheanga, d’fhéadfadh tionchar a bheith aige sin freisin ar ár gcumas trádáil le tíortha lasmuigh den Aontas Eorpach.
• Aon duine ag a bhfuil rún ainmhithe a allmhairiú atá soghabhálach i leith an Víris Gormtheanga, ba cheart dó nó di na bearta coisctheacha uile a mheas agus a chur chun feidhme, bearta is féidir a bheith ina gcuidiú chun Éire a choimeád saor ón víreas Gormtheanga lena n áirítear an méid seo a leanas:
o Na hainmhithe a aonrú taobh istigh i seid ghlan i bhfad ón gcuid eile den tréad nó den ealta.
o A sheiceáil go bhfuil na ceanglais aitheantais agus deimhniúcháin chearta ag na hainmhithe.
o A áirithiú go bhfuil rochtain acu ar easair thirim ghlan, beatha agus uisce agus teagmháil a dhéanamh leis an tréidlia gan mhoill má dhealraíonn sé go bhfuil aon ainmhithe tinn.
o Teagmháil a dhéanamh leis an RVO áitiúil a luaithe a bhaineann na hainmhithe an áit amach chun socrú a dhéanamh maidir leis na seiceálacha tar éis allmhairiú do ghalair lena n áirítear an Víreas Gormtheanga. Tá sé fíorthábhachtach an Víreas Gormtheanga a bhrath go luath chun aon ráig fhéideartha a rialú.
• Mar chuid dá clár faireachais samplálann an Roinn na hainmhithe athchogantacha agus na camalóidí uile a allmhairítear ó mhórthír na hEorpa le haghaidh BTV, gan beann ar stádas tíre tionscnaimh BTV.
• Faoi dhó a bhailítear na samplaí ó gach ainmhí a allmhairítear: Bailítear an chéad sampla laistigh de 5 lá ón teacht agus bailítear an dara ceann 10 lá ina dhiaidh sin.
• Is féidir teacht ar eolas breise maidir leis an Víreas Gormtheanga ar shuíomh gréasáin na Roinne: gov - An Vireas Gormtheanga (www.gov.ie)